Alastar Mór
Ba rí ar ríocht sean-Ghréigeach na Macadóine é Alastar Mór (Sean-Ghréigis: Ἀλέξανδρος ὁ Μέγας, Aléxandros ho Mégas, 20/21 Iúil 356 RC – 10/11 Meitheamh 323 RC.) Ba mhac le Pilib II é agus comharba air. Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 336 RC agus é 20 bliain d'aois. Bhí sé i mbun feachtas míleata ar fud Iarthair na hÁise agus na hÉigipte ar feadh na coda ba mhó dá réimeas.
Tar éis dó an choróin a bhaint amach, thosaigh sé feachtas in aghaidh na bPeirseach sa bhliain 334 RC a mhair aon bhliain déag. Bhunaigh sé ceann de na h-impireachtaí ba mhó a bhí ann riamh, inar leath cultúr agus tionchar na nGréagach ar fud an domhain chlasaicigh.
Ghabh Alastar smacht ar an Éigipt, chloígh sé na Peirsigh i gcath Gaugamela, agus bhain sé coróin na Peirse amach, sular lean sé ar aghaidh go dtí an India. Fuair sé bás agus é ina fhear óg sa bhliain 323 RCh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Kingdoms of the Successors of Alexander: After the Battle of Ipsus, B.C. 301". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-05. Dáta rochtana: 2013-07-27.
| Is síol faoi dhuine Gréagach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Éigipteach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |