Cogadh na hAfganastáine (1979-1989)
| ||||
Cineál | cogadh | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Afghan conflict (en) | |||
Tréimhse | 25 Nollaig 1979 - 15 Feabhra 1989 | |||
Suíomh | Democratic Republic of Afghanistan (en) | |||
Rannpháirtí | ||||
Codanna | ||||
Tharla Cogadh san Afganastáin le linn na mblianta 1979-1989. Rinne na Sóivéadaigh ionradh ar an Afganastáin sa bhliain 1979, le rialtas a bhí báúil leis na Sóivéadaigh a chur i réim.[1] Ach faoin bhliain 1989, bhí na Rúisigh ag imeacht ón Afganastáin. Bhaist a lán daoine ‘Vítneam na Rúise’ ar an Afganastáin agus an cogadh seo..
Tharla an eachtra seo le linn an Chogaidh Fhuair. Chuaigh an caidreamh idir APSS (an Rúis) agus SAM in olcas dá thairbhe.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is tír shléibhtiúil í an Afganastáin atá suite ar theorainn dheisceartach an APSS; is pobal Moslamach den chuid is mó a daonra. Sa bhliain 1978, ghlac Páirtí Daonlathach Phobal na hAfganastáine (PDPA) seilbh ar an tír, agus thug siad faoi rialtas a bhí i gcoinne an bhunúsaíochais Ioslamaigh agus a bhí ar son na Rúise a bhunú. Sa bhliain 1979, caitheadh an rialtas seo amach nuair a ghlac faicsean faoi cheannas Hafizullah Amin cumhacht chucu féin.[2]
Ba bhall é Amin den PDPA chomh maith. Ach rinne sé teagmháil leis an an Ghníomhaireacht Faisnéise Coiriúla (an CIA) mar dhóigh le smacht a choinneáil ar an tír. Ní nach ionadh, ba chúis mhór buairimh ag an Rúis an smaoineamh go mbeadh baint dhíreach ag SAM leis an Afganastáin. Lena chois sin ó tharla go raibh daonra chóir a bheith go hiomlán Moslamach ag an Afganastáin, bhí muintir Mhoscó ag éirí níos buartha go bhféachfadh grúpa bunúsaíoch Moslamach, na Mujahedin, leis an réimeas PDPA a chur de dhroim seoil.[2]
Ionradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Afganastáin ar an 24/25 Nollaig 1979. Bhí An tAontas Sóivéadach féachaint le réimeas inghlactha a chur ar ais in áit. Roimh i bhfad, bhí breis is 100,000 trúpa Rúiseach san Afganastáin.[2]
Go díreach mar a rinne na Sóivéadaigh leis an tSeicslóvaic (Earrach Phrág) i 1968, mhaígh an Rúis gur tugadh cuireadh dóibh teacht isteach san Afganastáin le cuidiú leis an ord a chur in áit arís, ach is beag duine a chreid iad.
Bhí trí chúis leis an ionradh go mór mórː
- Ba mhian le Moscó (bhí Brezhnev i mbun ag an am) rialtas a chur in áit arís a bheadh báúil don Rúis;
- Thairis sin, bhí eagla ar na Rúisigh dá bhfaigheadh na reibiliúnaigh Ioslamacha cumhacht go mb’fhéidir go spreagfaí Moslamaigh a mhair i gceantair Áiseacha na Rúise le bheith ag iarraidh a saoirse féin a bhaint amach ó smacht na Sóivéadach.[3] Agus í ar an taobh ó dheas ó APSS, chonaic Moscó an Afganastáin mar stát tábhachtach eadrána nó maolánach.
- Ina theannta sin, chreid Brezhnev mura dtabharfaí aghaidh ar imeachtaí na hAfganastáine go dtosódh stáit chumannacha eile a chreidiúint nach raibh an tAontas Sóivéadach toilteanach a thuilleadh cur in éadan chumhacht SAM.[4]
Bhí uachtarán SAM, Jimmy Carter ar buile faoin ionradh, ó tharla gur tharla sé le linn tréimhse détente. Agus sin ráite, ba chosúil go raibh a bhreithiúnas ar an ionradh mar ‘an bhagairt is mó don tsíocháin dhomhanda ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann’ rud beag áibhéalach nuair a ghlactar san áireamh roinnt de na tréimhsí móra teannais sa scór go leith bliain roimhe sin (an Cogadh na Cóiré, Cogadh Vítneam, srl).
Ba é an freagra láithreach a thug Carter smachtbhannaí a leagan ar an APSS. Bhí na Cluichí Oilimpeacha le bheith i Moscó i 1980. Chonacthas do SAM gur deis iontach a bheadh ann a thaispeáint don Rúis oiread a cháin an domhan ionradh na hAfganastáine. Mar sin de, eagraíodh baghcat ar na cluichí agus d’fhan iomaitheoirí as thar 60 náisiún sa bhaile, Éire agus SAM ina measc.[5]
Dhiúltaigh Comhdháil na Stát Aontaithe an Comhaontú SALT II a cheadú, a aontaíodh níos luaithe i 1979. Ina theannta sin, d’údaraigh Carter méadú caiteachais i gcúrsaí airm.[2]
Cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar fhreagairt ar ionradh na Sóivéadach, fuair na Mujahideen,[6] a bhí ag troid in éadan trúpaí na Sóivéadacha, cuidiú ó SAM, i measc tíortha eile. Chuir uachtarán nua na S-A, Ronald Reagan, airgead chuig an Mujahideen.
Tháinig Moslamaigh ó thíortha eile le tacú leis an Mujahideen. D'fhág Osama bin Laden a bhaile san Araib Shádach le troid in éadan na Sóivéadach in Afganastáin san am sin. D'amharc na trodaithe seo ar an chogadh mar 'jiohád' nó 'chogadh naofa' agus bhí eagla orthu go raibh Ioslam faoi bhagairt sa réigiún.[2]
Ainneoin go raibh siad i bhfad níos treise ina líon agus ina dtrealamh, fuair na fórsaí Rúiseacha amach nárbh fhéidir leo na reibiliúnaigh a chloí nó tharraing siad teaicticí treallchogaíochta chucu féin.
1989ː tarraingt siar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1985, ceapadh Mhikhail Gorbachev mar cheannaire ar an Aontas Sóivéadach. Ba ríléir dó go raibh ag teip ar an APSSS. Thuig sé a laghad bá a bhí ag an phobal sa bhaile leis an chogadh san Afganastáin agus a dhochraí a bhí sé do gheilleagar na Rúise. Chuir sé roimhe, más ea, deireadh a chur leis.
'Más mall is mithid' agus in 1988, d’fhógair Gorbachev go gcuirfeadh an Rúis deireadh lena gceangal sa tír gan barántas ar bith a éileamh ar cén cineál rialtais a thiocfadh i gcumhacht inti. Faoi mhí Feabhra 1989 aistarraingíodh trúpaí uile na Rúise amach.
Iarmhairtí an chogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí éifeacht ollscriosta ag an chogadh ar an Afganastáin; fágadh na cathracha loite agus an tuath dothaistil agus doghabhála (de dheasca na mianach talaimh mar shampla). As measc daonra de 15 milliún, d’fhág an choimhlint 5 mhilliún gan áit chónaithe. Rinneadh tír teifeach den Afganastáin.
Ba dhrocheispéireas pianmhar do na Rúisigh é leis. Seachas nach dtiocfadh leo na Mujahideen[6] a chloí, fuair 20,000 Sóivéadach bás le linn an chogaidh chomh maith. Bhí costais mhóra eile ag baint leis an chogadh cé is moite den chaill dhaonna: óir dhíscigh (shúigh) sé ollmhéid airgid as an eacnamaíocht Shóivéadach a bhí lag cheana féin.
I bhfianaise ar tharla do shean-impireacht na Síne san Afganastáin fadó, do na Sasanaigh sa 19ú haois,[7] agus do Mheiriceá sna blianta 2001-2021, ba chóir athsmaoineamh a dhéanamh faoina leithéid.[8]
Níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, ba ea leathnú an Bhunúsaíochais Ioslamaigh ar fud an réigiúin in aghaidh sheasmhacht an Aontais Shóivéadaigh, agus SAM níos déanaí. D'éirigh go maith le sceimhlitheoirí san Afganastáin, mar shampla Osama bin Laden, agus níos déanaí, d'fhás an seicteachas, mar shampla Sunnaíochas v Siach, Talaban v Al Qaeda srl.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ccea.org.uk (2020). "Stair - Aonad 2: Caidrimh Idirnáisiúnta, 1945–2003". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-21. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 St Mary's Belfast. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Agus leoga bhí fáthanna maithe go mbeadh Moscó buartha sa chás seo, ... ní ba luaithe sa bhliain 1979, bhí cumhacht glactha chucu féin ag Moslamaigh san Iaráin a bhí ar leac an dorais acu.
- ↑ Tuairimí an staraí Allan Todd sa leabhar... "Democracies and Dictatorships: Europe and the World 1919-1989 (Cambridge Perspectives in History)" (en). www.abebooks.com. Dáta rochtana: 2021-11-10.
- ↑ "1980 Summer Olympics boycott" (as en) (2021-11-08). Wikipedia.
- ↑ 6.0 6.1 "Mujahideen" (as en) (2021-11-08). Wikipedia.
- ↑ "Afghanistan conflict (1978–present)" (as en) (2021-08-11). Wikipedia.
- ↑ Eoin Ó Murchú (Aibreán 2021). "Más fíor go bhfuil Meiriceá ‘ar ais’, ní sa domhan céanna é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.