Cogadh na hAfganastáine (2001 - 2021)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Afghanistan war 2001 collage.jpg

Thosaigh Cogadh san Afganastáin ar 7 Deireadh Fómhair 2001 nuair a rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Afganastáin.[1] Cuireadh an Talaban as oifig ar an 17 Nollaig 2001. Fuair an Talaban seilbh arís ar an tír ar 15 Lúnasa 2021. Bhí an cogadh san Afganastáin an cogadh is faide i stair na Stát Aontaithe.

17 Samhain 2008ː an tSualainn ag seoladh saighdiúirí

Bhí éifeacht ollscriosta ag an chogadh ar an Afganastáin; fágadh na cathracha loite agus an tuath dothaistil agus doghabhála Fuair níos mó ná 250,000 bás le linn na blianta 2001-2021.[2] Bhí daoine ag éalú ó chogaíocht an Afganastáin sna bliianta seo, agus rinneadh tír teifeach den Afganastáin. ː

"Obama Taliban" le Carlos Latuff, 2009

Tús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí fórsaí na Stát Aontaithe agus a comhghuaillithe páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001. Chuir fórsaí Mheirceá an ruaig ar an Taliban sa bhliain sin, cé gur tháinig na sceimhlitheoirí go léir as tíortha eile (an Araib Shádach ach go háirithe).

Faomhadh a misean ar bhonn dépháirteach de bharr go raibh "beannacht' na Náisiúin Aontaithe air ag an am (ach ní bheadh gach duine ar aon fhocal faoin tuairim sin).[3]

Obama sa bhliain 2009, "Yes we can"

Luadh cearta daonna go rialta sna haithisc a thug príomhairí éagsúla agan am, agus iad ag maíomh go raibh misean na Stát Aontaithe agus na tíortha eile cóir agus ceart.[4] Leag siad béim faoi leith ar oideachas, ar oideachas na gcailíní go sonrach, sa chosaint seo.

Ó 2001 i leith, bhí fórsaí ECAT (NATO) sa tír ach bhí feachtas treallchogaíochta ar bun ag an Talaban agus ag dreamanna eile.

Tarraingt amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis go forleathan sna 2000idí nach féidir bua míleata a bhaint amach agus go raibh comhréiteach polaitiúil ag teastáil.[3] Ba léir freisin nach mbeadh aon chomhréiteach buan fadtéarmach muna mbíonn na Talaban istigh leis. Bhí na "fórsaí idirnáisiúnta" ag tarraingt amach as an tír ó 2002 ar aghaidh. Ach bhí an Taliban ag láidriú gach uair a tharraing siad amach agus é mar aidhm aige rialtas na tíre (a bhí ar teaghrán ag na Meiriceánaigh) a chur de dhroim seoil.

cnámh spairne pholaitiúil is an tír le fada ... mar shampla, sa bhliain 1878ː an Emir Sher Ali agus a "chairde", an Rúis agus an Ríocht Aontaithe
agóid (an-bhead) sa bhliain 2010 i Washington D.C.

Sa bhliain 2010, reáchtáladh cruinniú mullaigh d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i Chicago inar chíor na ceannairí straitéis scoir a dtrúpaí as cogadh na hAfganastáine.[4]

I 2014. bhí tarraingt amach sách mór.[5]

Dénouement[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh cainteanna síochána i ndáiríre idir an Taliban agus Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 2019, faoi stiúir Donald Trump.[6] Nuair a tháinig Joe Biden isteach in Eanáir 2021, cuireadh deifir leis na cainteanna.[7] Thángthas ar chomhthuiscint, ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta, go n-imeodh fórsaí an iarthair as an tír faoi cheann cúpla mí.

Cuimhneachán, Veterans Memorial Park, Reidsville, Tattnall County, Georgia

Sa bhliain 2021, bhí an rialtas áitiúil an-lag, agus ar teaghrán ag na Stáit Aontaithe. I mí Lúnasa, thréig na saighdiúirí de chuid an rialtais ina mílte agus ní raibh rún daingean acu a throid níos mó. Mar sin, bhí an bealach ar oscailt do na Talaban an tír a ghabhadh, fiú agus fórsaí an-bheag acu. Faoi dheireadh thiar thall, bhí an ceart féinchinntiúcháin agus an náisiúnachas i réim.

I mí Lúnasa, thug Joe Biden, le fios nach bhfuil aon aiféala air faoi chinneadh Mheirceá tarraingt amach as an tír.[8][9]

Tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht ar 15 Lúnasa 2021. Le linn 2021, tuairiscaíodh go raibh suas le 400,000 duine aslonnaithe,[10]

Tugadh taidhleoirí agus sibhialtaigh amach as an Afganastáin ar eitleáin mhíleata. Bhí sé ina chíor thuathail timpeall i mí Lúnasa ag an aerfort i gCabúl agus an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír.[11]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí breis agus $1,000 billiún caite ag na Stáit Aontaithe ar an gcogadh, 2001-2021 (a dúirt Joe Biden),[12] agus níos mó na 2,400 trúpa caillte acu (d'éag níos mó ná 200,000 san iomlán).

Ina theannta sin, bhí uirísliú déanta ar Mheiriceá mar gheall ar a dteip san Afganastáin (mar a tharla don APSS rompu sa 20ú haois), agus is follasaí don saol mór laige ná cumhacht Mheiriceá.[13]

Bhí an chaoi a raibh ar Mheiriceá imeacht go maolchluasach as an Afganastáin sa bhliain 2021 feicthe ag an saol mór. 'Teip thubaisteach ab ea é seo i bpolasaí gnóthaí eachtracha na Breataine agus na Stát Aontaithe'.[14][15]

Níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, ba ea leathnú an Bhunúsaíochais Ioslamaigh ar fud an réigiúin in aghaidh sheasmhacht SAM. D'fhás an seicteachas, mar shampla Sunnaíochas  v Siach, Talaban v Al Qaeda srl.

I bhfianaise ar tharla do shean-impireacht na Síne san Afganastáin fadó, do na Sasanaigh sa 19ú haois, don Aontas Sóivéadach sa 20ú haois,[16] agus do Mheiriceá sa bhliain 2021, ba chóir athsmaoineamh a dhéanamh faoina leithéid.[17]

Eachtraí le linn an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "United States invasion of Afghanistan" (in en) (2021-08-09). Wikipedia. 
  2. "UCDP - Uppsala Conflict Data Program". www.ucdp.uu.se. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  3. 3.0 3.1 Bearnaí Ó Doibhlin (2010). "Deich mBliana Eile san Afganastáin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  4. 4.0 4.1 Bearnaí Ó Doibhlin (2010). "Deireadh le Fiannas an Airm san Afganastáin?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  5. Nuacht RTÉ (2016-04-19). "Taliban freagrach as ionsaí i Kabul" (in ga). 
  6. Sa bhliain 2016, dúirt Nuacht RTÉ go mbeadh cainteanna réitigh ar bun idir an Taliban agus Rialtas na hAfganastáine. (2019-11-19). "Beirt ghialla ón iarthar saortha ag an Taliban" (in ga). 
  7. "War in Afghanistan (2001–present)" (in en) (2021-08-11). Wikipedia. 
  8. "Seilbh ag an Taliban ar an tarna cathair is mó san Afganastáin" (in en) (2021-08-13). 
  9. Ailbhe Ó Monacháin (2021-08-18). "Gael in Arm Mheiriceá an-bhuartha faoi thréigean na Afganastáine" (in ga). 
  10. Nuacht RTÉ (2021-08-11). "Géarchéim dhaonnúil á bagairt san Afganastáin" (in ga). 
  11. Nuacht RTÉ (2021-08-17). "Tús arís le haslonnú daoine ón Afganastáin" (in ga). 
  12. Le Figaro (2021). "Les Américains ont-ils dépensé plus de 1000 milliards de dollars en Afghanistan ?" (fr). LEFIGARO. Dáta rochtana: 2021-08-17.
  13. Eoin Ó Murchú. "Is follasaí don saol mór laige Mheiriceá ná a cumhacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  14. Nuacht RTÉ (2021-08-16). "Taliban ag maíomh go bhfuil sé i gcumhacht san Afganastáin" (in ga). 
  15. Nuacht RTÉ (2021-08-16). "'Tubaiste mhór an scéal san Afganastáin'-An tAire Coveney" (in ga). 
  16. "Afghanistan conflict (1978–present)" (in en) (2021-08-11). Wikipedia. 
  17. Eoin Ó Murchú (Aibreán 2021). "Más fíor go bhfuil Meiriceá ‘ar ais’, ní sa domhan céanna é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  18. Maitiú Ó Coimín (2016). "Tada le rá ag an Pentagon faoi fhíseán de Ghaeilgeoir in arm Mheiriceá ag casadh ‘Go on home, British soldiers’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-11.
  19. Nuacht RTÉ (2017-05-31). "80 marbh agus 350 gortaithe i bpléasc san Afganastáin" (in ga).