Leonid Brezhnev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLeonid Brezhnev

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Леонид Брежнев
Beathaisnéis
Breith19 Nollaig 1906 (Iúlach)
Kamyanske, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Samhain 1982
75 bliana d'aois
Zareche, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaReilig Bhalla na Creimile Cuir in eagar ar Wikidata
7 Cathaoirleach an Phraesaidiam d'Ard-Shóivéadach den an APSS
16 Meitheamh 1977 – 10 Samhain 1982
← Mykola Pidhornyi (en) AistrighYuri Andropov →
Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh
14 Deireadh Fómhair 1964 – 10 Samhain 1982
← Nikita KhrushchevYuri Andropov →
4 Cathaoirleach an Phraesaidiam d'Ard-Shóivéadach den an APSS
7 Bealtaine 1960 – 15 Iúil 1964
← Kliment Voroshilov (en) AistrighAnastas Mikoyan (en) Aistrigh →
Ball den Sóivéid Uachtarach den Phoblacht Shóisialach Chónaidhmitheach Shóivéadach na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síDniprovsky State Technical University (en) Aistrigh (1931–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMoscó
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, saighdiúir, innealtóir, suirbhéir talún Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1941 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1931–1982) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Brainse míleataSoviet Army (en) Aistrigh
Céim mhíleatabrigade commissar (en) Aistrigh (1941–)
coirnéal (1942–)
maorghinearál (1944–)
leifteanant-ghinearál (1953–)
general of the army (en) Aistrigh (1974–)
Marshal of the Soviet Union (en) Aistrigh (1976–) Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas ar18th Army (en) Aistrigh agus 4th Ukrainian Front (en) Aistrigh
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda), Barvenkovo–Lozovaya offensive (en) Aistrigh, Novorossiysk landing operation (en) Aistrigh, An Dara Cogadh Domhanda, Cogadh na hAfganastáine (1979-1989) agus Cogadh Vítneam
Ghlac sé/sí páirt i
23 Feabhra 198126th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
24 Feabhra 197625th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
30 Márta 197124th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
29 Márta 196623rd Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
17 Deireadh Fómhair 196122nd Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
27 Eanáir 195921st Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
14 Feabhra 195620th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
5 Deireadh Fómhair 195219th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileViktoria Brezhneva (1928–1982) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteYuri Brezhnev, Galina Brezhneva Cuir in eagar ar Wikidata
AthairIlya Yakovlevich Brezhnev  agus Natalia Denisovna Brezhneva
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0108348 Allocine: 37739
Musicbrainz: a77b02e5-b079-4b65-a8f9-1caee429ea64 Find a Grave: 8143 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Leonid Ilyich Brezhnev (Rúisis: Леони́д Ильи́ч Бре́жнев, Leonid Il'ič Brežnev; 19 Nollaig 190610 Samhain 1982) ina cheannaire ar an Aontas Sóivéadach idir an 14 Deireadh Fómhair 1964 agus lá a bháis sa bhliain 1982. Is é an ceannaire a chaith an tréimhse is faide sa phost seo, ach amháin Iósaf Stailín.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pas Brezhnev, 1947

Rugadh Brezhnev i gKamenskoe (inniu: Dniprodzerzhyns'k) san Úcráin, agus b'iad a thuismitheoirí Illya Yakovlevich Brezhnev, fear oibre i dteilgcheárta cruach, agus a bhean Natalia Denisovna. Rúiseach ab ea Illya Brezhnev, agus Úcráineach a bhí i Natalia Denisovna. Bhí blas na hÚcráinise ar chaint Leonid Brezhnev riamh, agus go dtí an bhliain 1952, chláraigh sé é féin mar Úcráineach (ina dhiaidh sin, mhothaigh sé é féin ina Rúiseach, de réir cosúlachta). Ar nós a lán daoine óga a raibh cúlra an lucht oibre acu san am san Aontas Sóivéadach, fuair Leonid oideachas innealtóireachta agus teicneolaíochta. Ar dtús, rinne sé staidéar ar bhainistíocht úsáide talún, agus ina dhiaidh sin, ar an miotalóireacht. Bhain sé amach a chéim ó Scoil Theicneolaíoch na Miotalóireachta i nDniprodzerzhyns'k, agus é ag dul le hinnealtóireacht i dtionsclaíocht iarainn agus cruach na hÚcráine Thoir. Chuaigh sé sna Cumannaigh Óga sa bhliain 1923, agus sna Cumannaigh féin sa bhliain 1931.

Sna blianta 1935-36, bhí Brezhnev sna saighdiúirí ina choinscríofach. Rinne sé cúrsa foghlama i scoil tancanna, agus ina dhiaidh sin, chaith sé seal ina choimeasár polaitiúil i monarcha tancanna. Sa bhliain 1936, cuireadh ag obair in Dnepropetrovsk é, agus sa bhliain 1939, rinneadh Rúnaí Páirtí in Dnepropetrovsk de. Ansin, chuaigh sé i gceannas ar thionsclaíocht armálacha na cathrach.

Bhain Brezhnev leis an chéad ghlúin de Chumannaigh Shóivéadacha nár choinnigh cuimhne ar bith ar na laethanta roimh an Réabhlóid agus a bhí ró-óg le páirt a ghlacadh sa troid faoi cheannasaíocht an pháirtí i ndiaidh bhás Léinín sa bhliain 1924. Nuair a chuaigh Brezhnev sa Pháirtí, b'é Stailín a bhí ina cheannaire agus ina dheachtóir air chomh maith leis an tír go léir. Is iomaí Cumannach cosúil le Brezhnev a tógadh le Stailíneachas agus nach rithfeadh leo tuairimí Stailín a cheistiú ar aon nós. Iad siúd a tháinig slán as an bPurgú Mór sna blianta 1937-1939, d'fhéadfaidís dul chun cinn a dhéanamh go sciobtha, nó is iomaí folúntas a bhí le líonadh go hard i gcóras an Pháirtí agus sa státseirbhís féin.

San arm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Brezhnev blianta an chogaidh ar fad ina choimeasár - is é sin, ina aoire polaitiúil - seachas ina cheannasaí míleata.

Sa bhliain 1941, d'ionsaigh na Naitsithe an tAontas Sóivéadach. Cosúil lena lán feidhmeannach meánleibhéil eile, preasáladh Brezhnev féin san arm. Chuidigh sé leis na monarchana a aistriú ó Dnepropetrovsk go hOirthear an Aontais Shóivéadaigh sula dtitfeadh an chathair leis na Gearmánaigh (rud a tharla ar an 26 Lúnasa 1941), agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina choimeasár polaitiúil.

Brezhnev - 1942

I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna, rinneadh leas-cheannasaí an riaracháin pholaitiúil ar an bhfronta theas de Bhrezhnev, agus is é an chéim a bronnadh air ná Coimeasár Briogáide.

Sa bhliain 1942, nuair a bhí an Úcráin forghafa ag na Gearmánaigh, cuireadh Brezhnev go dtí na Sléibhte Cugasacha mar leas-cheannasaí an riaracháin pholaitiúil ar an bhfronta Tras-Chugasach.

I Mí Aibreáin 1943, cuireadh i gceannas ar riarachán polaitiúil an ochtú harm déag é. Níos deireanaí sa bhliain chéanna, chuaigh an t-arm sin le Fronta na hÚcráine, agus an tArm Dearg ag fáil an lámh in uachtar arís agus ag ascnamh anoir tríd an Úcráin.

B'é Nikita Khrushchev an coimeasár polaitiúil ab airde céim ar an bhFronta, agus bhí sé ag cabhrú le Brezhnev dul chun cinn a dhéanamh sa pháirtí. Nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip, bhí Brezhnev ina Ard-Choimeasár Polaitiúil ar Cheathrú Fronta na hÚcráine. B'iad saighdiúirí an Fhronta seo ba thúisce a shealbhaigh Prág i ndiaidh ghéilleadh na nGearmánach.

Dul chun cinn sa pholaitíocht, 1946-1962[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Mí Lúnasa 1946, d'fhág Brezhnev slán ag an Arm Dearg, agus é ina Mhaor-Ghinearál faoin am seo. I ndiaidh dó seal a chaitheamh ag atógáil na hÚcráine, rinneadh an Chéad Rúnaí in Dnepropetrovsk de arís. Sa bhliain 1950, bhain sé amach suíochán sa tSóivéid Uachtarach, is é sin, i bparlaimint an Aontais Shóivéadaigh. Sa bhliain 1952, bhain sé amach ballraíocht ar Lárchoiste an Pháirtí Chumannaigh, agus é ina iarrthóir don Phraesaidiam (sin é an t-ainm a bhí ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí san am).

amharclann phuipéad a bhliain 1975 le Nixon agus Brezhnev

Casadh Brezhnev agus Khrushchev ar a chéile an chéad uair sa bhliain 1931, go gairid tar éis do Bhrezhnev dul sa Pháirtí. Roimh i bhfad, bhí sé ina dhalta coimirce ag Khrushchev, agus é ag déanamh a bhealaigh suas i gcóras an Pháirtí.

Bhí Brezhnev ina Chéad Rúnaí Páirtí i bPoblacht Shóivéadach na Moldóive ón 3 Samhain 1950 go dtí an 16 Aibreán 1952.

le Edmund S. Valtan sa bhliain 1968

Fuair Stailín bás i Márta 1953. Nuair a rinneadh atheagrú ar an bPáirtí ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis an bPraesaidiam agus tháinig an sean-Bhiúró Polaitiúil ar an bhfód arís. Cé nach bhfuair Brezhnev suíochán sa Bhiúró Polaitiúil nua, cuireadh i gceannas ar riarachán polaitiúil an Airm agus an Chabhlaigh é, agus bronnadh céimíocht an Leifteanant-Ghinearáil air. Is dócha gurbh é Khrushchev a shocraigh an chéim suas seo dó. Faoin am seo, bhí Khrushchev ina Ard-Rúnaí ar an bPáirtí cheana féin.

Ar an 7 Bealtaine 1955, rinneadh Chéad Rúnaí an Pháirtí i bPoblacht Shóivéadach na Casacstáine de Bhrezhnev.

1974

I Mí Feabhra 1956 fuair Brezhnev ordú filleadh go Moscó. Anois, bhí sé ina iarrthóir le haghaidh ballraíocht sa Bhiúró Polaitiúil, agus cuireadh i gceannas na n-armálacha, thionscadal an spáis agus na tionsclaíochta troime.

Bhí Brezhnev ar dhuine de na cúlaistíní ba thábhachtaí a bhí ag Khrushchev, agus i Meitheamh 1957, thacaigh sé le Khrushchev nuair a bhí seisean ag cur catha ar na sean-Stailínigh, an "faicsean frith-Pháirtí", a raibh daoine ar nós Vyacheslav Molotov, Georgy Malenkov agus Lazar Kaganovich i gceannas air. Nuair a bhí an drong seo cloíte, bhain Brezhnev amach ballraíocht iomlán sa Bhiúró Polaitiúil.

Shah Mohammad Reza Pahlavi, Farah Pahlavi, Leonid Brezhnev, Moscó 1970

Sa bhliain 1952, bronnadh céim Dhara Rúnaí an Lárchoiste ar Bhrezhnev, agus, i Mí Bealtaine 1960, rinneadh Uachtarán Phraesaidiam na Sóivéide Uachtaraí, is é sin, bhí sé ina cheann stáit anois, ó thaobh an ainm de. Cé go raibh an fhíorchumhacht dílsithe do Khrushchev, mar Rúnaí Páirtí, chuir an chéim seo ar chumas Bhrezhnev taisteal a dhéanamh thar lear. San am seo a thug sé taithneamh d'éadaí galánta agus ghluaisteáin an Iarthair, rud a thabhaigh cuid mhór míchlú dó sna laethanta a bhí le teacht.

Teacht i gcumhacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go dtí an bhliain 1962, a bheag nó a mhór, bhí Khrushchev ina shuí go socair mar cheannaire ar an bPáirtí, ach ag dul anonn sna blianta dó d'éirigh sé cineál taomach, agus thosaigh sé ag cur isteach ar na ceannairí eile. Thairis sin, bhí fadhbanna eacnamaíochta an stáit Shóivéadaigh ag dul chun donais go sciobtha, rud a chuir tuilleadh brú ar Khrushchev mar cheannaire.

Bhí Brezhnev ag cur na cuma air féin leis an saol mór go raibh sé dílis do Khrushchev i gcónaí, ach, sa bhliain 1963, chuaigh sé i gcomhcheilg le ceannairí áirithe eile le Khrushchev a chur as cumhacht. Tá sé tuairiscithe ag Gennadiy Voronov, ar a laghad, go raibh Brezhnev ina cheann feadhna ar an gcomhcheilg. I measc na gcomhcheilgeoirí, bhí Alexey Kosygin, Nikolay Podgornyi, Aleksandr Shelepin agus ardfheidhmeannaigh eile.

Le linn na bliiana 1962, tháinig Brezhnev chun comharbais ar Frol Kozlov mar Rúnaí an Lárchoiste. Bhí Kozlov faoi choimirce ag Khrushchev le fada, ach anois, bhí sé ag dul ar an drabhlás le druncaeireacht, agus mar sin bhí sé nádúrtha go leor fear nua a chur ina áit. Anois, áfach, bhí an chosúlacht ar na cúrsaí cibé scéal é go mbeadh Brezhnev ar an chéad Ard-Rúnaí eile.

Ar an 14 Deireadh Fómhair, agus Khrushchev ar saoire, d'imir na comhcheilgeoirí a gcleas. Chuaigh Brezhnev agus Podgornyi i bhfianaise an Lárchoiste ag lochtú Khrushchev faoi dhrocheacnamaíocht, thíorántacht (is é an téarma a cheap siad le tagairt d'ansmacht Khrushchev ná voluntarizm) agus dhrochbhéasaíocht. Ceapadh Brezhnev ina Chéad Rúnaí ar an bPáirtí, b'é Kosygin a d'iompaigh ina Phríomh-Aire, agus rinneadh Uachtarán d'Anastas Mikoyan. (Sa bhliain 1965, d'éirigh Mikoyan as, agus tháinig Podgornyi ina áit).

Ceannaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí Khrushchev ina neart, bhí Brezhnev ag tacú leis an bpolasaí a bhí aige tíorántacht Stailín a nochtadh agus a phoibliú, éiric a mbrise a thabhairt do na hiar-phríosúnaigh agus an saol cultúrtha agus intleachtúil a thabhairt chun liobrálachais.

Ag dul i gceannas ar an stát dó, áfach, chuir Brezhnev deireadh leis an bhforbairt agus thosaigh sé ag casadh an chloig ar ais. D'éirigh sé an-choimeádach ina dhearcadh. In óráid a thug sé i Mí Bealtaine 1965, agus fichiú cothrom lae an bhua ar an nGearmáin sa Dara Cogadh Domhanda á cheiliúradh, rinne sé an chéad tagairt chairdiúil do Stailín.

I Mí Aibreáin 1966, ghlac sé air céim an Rúnaí Ghinearálta, an chéim a bhí ag Stailín go dtí an bhliain 1952. Sa bhliain 1966, freisin, gearradh príosúnacht fhada don bheirt scríbhneoirí úd Yuli Daniel agus Andrey Sinyavskiy. B'é seo an chéad mhórthriail taispeántais den chineál seo i ndiaidh bhás Stailín, agus is é an chiall a baineadh aisti go raibh an tAontas Sóivéadach ag cromadh ar ais ar an gcineál ansmacht a bhí á imirt ar na scríbhneoirí agus ar na hintleachtóirí faoi Stailín.

Faoi cheannas Yuri Andropov, fuair na seirbhísí rúnda - Coiste na Slándála Stáit, nó KGB - ar ais cuid mhór den chumhacht a bhí acu faoi Stailín, ach, míle buíochas le Dia, níor tháinig purguithe móra na dtríochaidí agus na ndaichidí ar ais.

Le Gerald Ford - 1974

Earrach Phrág[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1968, bhuail an chéad ghéarchéim rialtas Bhrezhnev. Ansin, bhí ceannairí Cumannacha na Seicshlóvaice, faoi cheannas Alexander Dubček, ag iarraidh an córas Cumannach a liobrálú ("Earrach Phrág"). I Mí Iúil, chuir Brezhnev i leith na Seiceach go raibh siad ag féachaint leis an gCumannachas a "athbhreithniú", go raibh siad ag dul le "frith-Shóivéadachas", agus, i Mí Lúnasa, chuir sé gairm shlógtha ar thíortha Chonradh Vársá an tSeicslóvaic a ionsaí agus rialtas Dubček a chloí. Chuaigh na heasaontóirí ag agóidíocht sna sráideanna i gcathracha Sóivéadacha. B'é an freagra a thug Brezhnev go raibh an tAontas Sóivéadach i dteideal ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na dtíortha Sóisialacha eile le tarrtháil a thabhairt don tSóisialachas.

Dúnghaois Brezhnev[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Samhain, chosain Brezhnev na gníomhaíochtaí a chuir se i gcrích sa tSeicslóvaic. Mhaígh sé go raibh sé de dhualgas ar thíortha cumannacha gníomhú le chéile le cosc a chur ar thír chumannach eile tiontú ar an chaipitleachas. Tugadh Dúnghaois Brezhnev ar an pholasaí seo, nó sin a bhaist na hiriseoirí Iartharacha air. Ach le fírinne, ní raibh ann ach seanpholasaí Sóivéadach, nó bhí ceannairc eile den chineál chéanna cloíte ag Khrushchev san Ungáir sa bhliain 1956.[1]

Cogadh na hAfganastáine, tobchliseadh an gheilleagair agus treascairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneachán

Ba é an cogadh san Afganastáin a rinne a aimhleas. Rinne an tAontas Sóivéadach ionradh ar an Afganastáin ar an 24/25 Nollaig 1979. Ba mhian le Brezhnev rialtas a chur in áit arís a bheadh báúil don Rúis; Ina theannta sin, chreid Brezhnev mura dtabharfaí aghaidh ar imeachtaí na hAfganastáine go dtosódh stáit chumannacha eile a chreidiúint nach raibh an tAontas Sóivéadach toilteanach a thuilleadh cur in éadan chumhacht SAM.[1]

Ag an am céanna, thit geilleagar na Rúise as a chéile ar fad. Ina theannta sin, bhí Moscó ag iarraidh fanacht cab ar chab le dul chun cinn teicneolaíoch SAM, agus chosain an t-armrás na billiúin rúbal.

Bhuail stróc agus ansin taom croí Brezhnev le linn na bliana 1982, agus d'éag 10 Samhain 1982, in aois 75 bliain dó. Strus ba bhun lena dhrochshláinte; ba é údar a threascartha féin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 St Mary's Belfast. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2021.