Dmitri Anatolyevich Medvedev

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDmitri Anatolyevich Medvedev

(2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Дмитрий Анатольевич Медведев
Beathaisnéis
Breith14 Meán Fómhair 1965
58 bliana d'aois
Cathair Pheadair, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Deputy Chairman of the Security Council of the Russian Federation (en) Aistrigh
16 Eanáir 2020 –
← luach ar iarraidh
2 Leader of United Russia party (en) Aistrigh
30 Bealtaine 2012 –
← Vladímír Pútín
Príomh-Aire na Rúise
8 Bealtaine 2012 – 16 Eanáir 2020
← Vladímír PútínMikhail Mishustin →
3 Uachtarán na Rúise
7 Bealtaine 2008 – 7 Bealtaine 2012
← Vladímír PútínVladímír Pútín →
First Deputy Chairman of the Government of the Russian Federation (en) Aistrigh
14 Samhain 2005 – 12 Bealtaine 2008
Kremlin Chief of Staff (en) Aistrigh
30 Deireadh Fómhair 2003 – 14 Samhain 2005
Leaschathaoirleach ar Rialtas Chónaidhm na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law, Saint Petersburg State University (en) Aistrigh (1982–1987) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilPhD in Law (en) Aistrigh
Áit chónaitheCathair Pheadair
Moscó
Novo-Ogaryovo (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Rúisis
Airde163 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus oideachas
Gairmsaineolaí dlí, duine den lucht gnó, polaiteoir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Chathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Rúis Aontaithe (2012–)
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (–1991) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis agus Béarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataFórsaí Armtha na Rúise
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtInsurgency in the North Caucasus (en) Aistrigh agus Russo-Georgian War (en) Aistrigh
Spórtsnámh
weightlifting (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2014Ionghabháil na Crimé (2014)
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSvetlana Medvedeva (1993–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteIlya Medvedev (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnatoly Medvedev (en) Aistrigh  agus Yulia Medvedeva (en) Aistrigh
Síniú

Suíomh gréasáinda-medvedev.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3792617 Allocine: 542672
Facebook: 175517041850 Twitter: MedvedevRussia Instagram: damedvedev Telegram: medvedev_telegram Cuir in eagar ar Wikidata

Is státaire Rúiseach é Dmitri Anatolyevich Medvedev Fuaimniú (14 Meán Fómhair 1962 - ]. Bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ó 2008 go dtí 2012 agus ina Phríomh-Aire ó 8 Bealtaine 2012 go dtí 2020. Ó 2020 ar aghaidh, is leaschathaoirleach an Chomhairle Slándála é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhronn Ollscoil Stáit Leningrad céim sa dlí ar Medvedev sa bhliain 1987.[1] Ansin chuaigh sé le staidéar iarchéime sa dlí, i bpost ceangailte leis an ollúnacht sa dlí sibhialta san ollscoil.

Fuair Medvedev a chéim 'Iarrthóir na hEolaíochta' (dochtúireacht) sa bhliain 1990, mar gheall ar thráchtas dar teideal 'Fadhbanna maidir leis an bPearsantacht Dhlíthiúil Shibhialta atá ag Fiontar Stáit a Chur i gCrích'.

Dlíodóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhúin Medvedev an dlí Rómhánach agus an dlí sibhialta in Ollscoil Stáit Chathair Pheadair go dtí 1999. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do roinnt gnóthaí ag an am céanna.

In éineacht le daoine eile, scríobh sé téacsleabhar ar an dlí sibhialta a raibh an-rath air, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1991 le roinnt eagrán ina dhiaidh sin.

Tá Medvedev ina phríomhúdar ar léargas dlí ar athchóiriú státseirbhís na Rúise a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2004.

Sna 1980í agus go luath sna 1990í bhí dlúthbhaint idir Medvedev agus Anatoly Sobchak, a bhí ina mhéara ar Chathair Pheadair idir 1991 agus 1996. Bhí Sobchak i measc na n-ollúna a bhí ag Medvedev san ollscoil agus bhí sé ina scoláire dlí clúiteach.

2008

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a rinneadh Príomh-Aire de Vladimir Putin sa bhliain 1999, duine eile a bhí ceangailte le Sobchak, thosaigh Medvedev ag obair dó i Moscó agus bhí sraith jabanna aige, mar shampla bainisteoir feachtais do Putin i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 2000, cathaoirleach ar Gazprom (2000 go 2001, 2002 go 2008), Ceann Foirne sa Chreimil (2003 go 2005) agus An Chéad Leas-Phríomh-Aire (2005 go 2008).

2011

Sa bhliain 2008 ní raibh Putin i dteideal seasamh i dtoghchán na huachtaránachta chun a tríú téarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach. Mar sin moladh Medvedev mar iarrthóir ar an uachtaránacht ag Páirtí na Rúise Aontaithe agus na páirtithe eile a bhí ag tacú le Putin.

Toghadh Medvedev le tromlach mór, de réir an chomhairimh oifigiúil agus bhí sé ina Uachtarán ar an Rúis ar feadh ceithre bliana. Déanadh príomh-aire do Phútín ag an am céanna, tar éis dó an uachtaránacht a ghéilleadh do Medvedev.

I Meán Fómhair na bliana 2011, d'fhógair Medvedev nach seasfadh sé don darna téarma sa toghchán an bhliain ina dhiaidh. Mar sin tháinig Putin ar ais mar Uachtarán sa bhliain 2012, agus cheap sé Medvedev ina Phríomh-Aire.

2010ː Medvedev agus Putin le chéile
2019

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

2020

Níl daoine ar aon intinn an bhfuil difríochtaí polaitiúla suntasacha idir Medvedev agus Putin (mar shampla maidir leis an daonlathas, le cearta an duine nó le conas dul i ngleic leis an éilliú). Ar aon nós, is cinnte go bhfuil Medvedev agus Putin ag obair go dlúth le chéile le fiche bliain anuas.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Alexei Navalny scannán de Medvedev agus chonaic níos mó ná 30 mln duine é.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-15.
  2. Eoin Ó Murchú (2020). "Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-14.