Nioclás II na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nioclás II)
Infotaula de personaImperial Majesty (en) Aistrigh
Nioclás II na Rúise

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Николай II Александрович
Beathaisnéis
Breith(ru) Николай Александрович
18 Bealtaine 1868
Pushkin (Impireacht na Rúise)
Bás17 Iúil 1918
50 bliana d'aois
Yekaterinburg (Russian Socialist Federative Soviet Republic)
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaPeter and Paul Cathedral (en) Aistrigh (1998–) Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Rúise Uile
1 Samhain 1894 (Iúlach) – 2 Márta 1917 (Iúlach) (abdication (en) Aistrigh)
← Alastar III na RúiseArd-Diúc Michael Alexandrovich na Rúise →
Grand Prince of Finland (en) Aistrigh
1 Samhain 1894 (Iúlach) – 15 Márta 1917
← Alastar III na RúiseDeireadh an phoist →
Rí na Polainne
1 Samhain 1894 (Iúlach) – 5 Samhain 1916 (Iúlach)
← Alastar III na RúiseDeireadh an phoist →
Ball de Chomhairle Stáit Impireacht na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Cheartchreidmheach na Rúise agus Ceartchreidmheach an Oirthir
Áit chónaitheAlexander Palace (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Cathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidIvan Zhdanov
TeangachaAn Rúisis, an Ghearmáinis, Béarla, an Danmhairgis agus an Fhraincis
Gairm mhíleata
GéillsineImpireacht na Rúise
Brainse míleataImperial Russian Army (en) Aistrigh
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Ardú
Lá féile17 Iúil Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalImpire na Rúise Uile (1894 (Iúlach)–1917 (Iúlach)) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachHolstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAlexandra Feodorovna (1894–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMathilde Kschessinska Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteArd-Bhandiúc Olga Nikolaevna na Rúise
 ( Alexandra Feodorovna)
Ard-Bhandiúc Anastasia Nikolaevna na Rúise
 ( Alexandra Feodorovna)
Ard-Bhandiúc Maria Nikolaevna na Rúise
 ( Alexandra Feodorovna)
Ard-Bhandiúc Tatiana Nikolaevna na Rúise
 ( Alexandra Feodorovna)
Alexei Nikolaevich, Tsarevich na Rúise
 ( Alexandra Feodorovna) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlastar III na Rúise  agus Maria Feodorovna (Dagmar na Danmhairge)
SiblínArd-Diúc Michael Alexandrovich na Rúise, Ard-Diúc George Alexandrovich na Rúise, Ard-Bhandiúc Alexander Alexandrovich na Rúise, Olga Alexandrovna na Rúise agus Ard-Bhandiúc Xenia Alexandrovna na Rúise
Croineolaíocht
30 Aibreán 2020cleamhnas (Coburg)
16 Iúil 1918execution of the Romanov family (en) Aistrigh
26 Bealtaine 1896coronation of Nicholas II and Alexandra Feodorovna (en) Aistrigh
26 Samhain 1894Bainis
11 Bealtaine 1891Ōtsu incident (en) Aistrigh
23 Deireadh Fómhair 1890 (Iúlach)-4 Lúnasa 1891 (Iúlach)Eastern journey of Nicholas II (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Veu de Nioclás II na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0874739 Find a Grave: 8100 Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Nioclás II (Rúisis: Николай II) (18 Bealtaine, 186817 Iúil, 1918) Sár deireanach na Rúise. Chaill sé a choróin sa bhliain 1917, tar éis Réabhlóid na Feabhra, agus chuir Léinín agus an páirtí Boilséiveach é chun báis sa bhliain 1918, i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair.[1]

B'é an t-ainm iomlán a bhí air Nikolai Aleksandrovich Romanov (Rúisis: Николай Александрович Романов), ach thugtaí Nioclás II, Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise. Tugtar na leasainmneacha An Mairtíreach Nioclás agus Nioclás Fuilteach air freisin.

Lena mháthair sa bhliain 1870

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nioclás i gCathair Pheadair sa Rúis sa bhliain 1868. B'iad Impire Alastair III agus a bhean chéile Banimpire Maria Fyodorovna (iar-Bhanphrionsa na Danmhairge, Dagmar) a thuismitheoirí.

B'é Alastair II a sheanathair, agus Maximilienne Wilhelmine Marie ó Hessen agus an Réin a sheanmháthair. Athair dian ab ea Alastair III, agus cheap sé go raibh Nioclás rófhaiteach. Fuair sé bás go tobann, agus dá thoradh sin, ní raibh Nioclás ullmhaithe an choróin a ghlacadh.

Thit Nioclás i ngrá le Banphrionsa Alexandra (Alix) ó Hessen agus an Réin, ach ní raibh a athair sásta leis an mbean seo mar Bhanimpire. B'fhearr le hAlastair go bpósfadh sé banphrionsa ó rítheaghlach Orleans, ó bhí an Sár díreach i ndiaidh comhghuaillíocht nua a shocrú leis an bhFrainc. Sa deireadh, áfach, fuair Nioclás cead óna athair Alix a phósadh.

1898

Sár[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Nioclás an choróin sa bhliain 1894, agus phós sé Alexandra ar an 26ú lá de Mhí na Samhna sa Phálás Geimhridh. Saolaíodh cúigear páistí dóibh, mar atá, Olga, Tatiana, Maria, Anastasia, agus Alexei.

Ní raibh tús maith ag Nioclás mar Shár, nó fuair míle duine bás ag an gcorúnú i Moscó, i dtubaiste Khodynka.

Bhí fadhb aige lena mhac Alexei, a rugadh ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa sa bhliain 1904. B'é Alexei a bheadh ina Shár i ndiaidh a athar, ach fuair siad amach go raibh haemaifilia air. Galar contúirteach is ea í inniu féin, ach bhí sí i bhfad ní ba chontúirtí sna laethanta seo. Ní raibh aon leigheas ann, agus d'fhaigheadh na hothair bás go hóg. Níor mhaith leis an lánúin Impiriúil scaoll a chur sna daoine, agus mar sin, ní dúirt siad a dhath faoi ghalar Alexei le haon duine taobh amuigh den teach.

Bhí an Banimpire Alexandra ag éirí éadóchasach faoi Alexei. An manach rúndiamhrach a bhí ina cheanán ag an teaghlach Impiriúil, Grigori Rasputin, thug sé le fios go raibh sé in ann maolú ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur tháinig an chabhair seo go díreach ó Dhia agus gur fear naofa a bhí i Rasputin.

Mar sin, d'éirigh le Rasputin an-údarás a fháil i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairlí polaitiúla. Níor thaitin seo le cách san Impireacht, agus bhí scéalta náiriúla faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing míchlú ar an lánúin Impiriúil.

1917 mar phriosúnaí

Réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914, agus chuaigh Nioclás chun troda sa chéad bhliain eile. Sa bhaile, áfach, thosaigh an chosmhuintir ag dul chun míshuaimhnis, agus an dóigh a ndeachaigh an geilleagar i laige, gan aon trácht ar an mbia a bheith ag rith gann.

Briseadh an cath ar an arm i Mí an Mheithimh sa bhliain 1916, agus bhí tionchar dona ag an nuacht seo ar chúrsaí polaitíochta na tíre freisin.

Ar feadh tamaill, b'í an Banimpire Alexandra a bhí i gceannas ar an tír, agus Rasputin ag tabhairt comhairle di. Chuaigh údarás Rasputin go mór mór isteach ar chuid mhór de na Rúisigh, agus sa deireadh thiar thall, dúnmharaíodh é.

Bhí Cathair Pheadair lán lucht oibre agus saighdiúirí a chuaigh ar stailc, agus sa deireadh, bhris Réabhlóid na Feabhra amach sa bhliain 1917. Bhí ar Nioclás an choróin a thabhairt suas.

Leis an eachtra seo a cuireadh deireadh leis an rialtas Impiriúil sa Rúis, a bhí á rialú ag rítheaghlach Romanov le trí chéad bliain anuas.

an teaghlach sa bhliain 1914

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Rialtas Sealadach nua Nioclás agus a chlann i bPalás Alastair in aice le Cathair Pheadair. I mí Lúnasa 1917, cuireadh go dtí an tSibéir iad, mar cheap Alexander Kerensky, Príomh-Aire an Rialtais Shealadaigh, go mbeidís ní ba sábháilte ansin. B'ansin a bhí siad ag fanacht le linn Réabhlóid Dheireadh Fómhair freisin.

Tar éis bhua Léinín, tugadh go dtí Yekaterinburg iad, áit ina raibh an tArm Dearg agus na Boilséivigh láidir. San oíche 17 Iúil 1918, maraíodh an teaghlach ar fad, an Sár, a bhean agus a gcúigear clainne.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Réabhlóid na Rúise le Aindrias Ó Cathasaigh". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-03-14.