Georgy Malenkov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorgy Malenkov

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Георгий Максимилианович Маленков
Beathaisnéis
Breith8 Eanáir 1902
Orenburg (Impireacht na Rúise)
Bás14 Eanáir 1988
86 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaKuntsevo Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
20 Aibreán 1954 – 26 Márta 1958
Chairman of the Council of Ministers of the USSR (en) Aistrigh
6 Márta 1953 – 8 Feabhra 1955
← Iósaf StailínNikolai Bulganin (en) Aistrigh →
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
12 Meitheamh 1950 – 19 Aibreán 1954
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
12 Márta 1946 – 11 Meitheamh 1950
Ball de Phresidium na Sóivéide Uachtaraí den APPS
17 Eanáir 1938 – luach anaithnid
Ball de Chomhairle Uachtarach an Aontais Shóivéadaigh
12 Eanáir 1938 – 11 Márta 1946
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síBauman Moscow State Technical University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1920–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
GéillsineAn tAontas Sóivéadach
Céim mhíleataleifteanant-ghinearál (1943–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Ghlac sé/sí páirt i
14 Feabhra 195620th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
5 Deireadh Fómhair 195219th Congress of the Communist Party of the Soviet Union (en) Aistrigh
10 Márta 193918th Congress of the All-Union Communist Party (en) Aistrigh
26 Eanáir 193417th Congress of the All-Union Communist Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileValeriya Alekseyevna Golubtsova Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 45394193 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Sóivéadach de phór Macadónach ab ea Georgy Maximilianovich Malenkov (Rúisis: Гео́ргий Максимилиа́нович Маленко́в, Georgij Maksimilianovič Malenkov; 8 Eanáir, 190214 Eanáir, 1988). Bhí Malenkov ina dhlúth-chomhoibritheoir le hIósaf Stailín, agus i ndiaidh a bháis, ina cheannaire ar an Pháirtí Cumannach .

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó a bheith ainmnithe mar iarrthóir don Pholitburo, tháinig Malenkov isteach ann sa bhliain 1946.

Ní túisce a bhí sé isteach ann nuair a thit sé as fabhar le Stailín, mar gheall ar iomaíocht nua ó Andrei Zhdanov agus Lavrentiy Beria.

Bhí Malenkov in ann meas an cheannaire a bhuachaint ar ais, go háirithe le titim Zhdanov. D'aontaigh Malenkov agus Beria le chéile, agus d'fhan an bheirt slán sábháilte nuair a ghlanadh comhghuaillaithe Zhdanov go léir ón pháirtí agus seoladh iad chuig na gcampaí géibhinn.

Ard-oifig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1952, ceapadh Malenkov mar Rúnaí an Lárchoiste CPSU, páirt den Ardrúnaíocht (an Secretariat).

Журнал «Огонёк», № 3, 1938.

Chaith Malenkov tréimhse ghearr in oifig mar cheannaire na tíre ar fad idir mí na Márta agus mí Meán Fómhair 1953 tar éis bás a chomhghuaillí Stailín. Ardaíodh Malenkov suas go dtí an oifig is airde a bheadh aige riamh. Le tacaíocht Bheria, d'éirigh sé chun a bheith ina Chathaoirleach ar Chomhairle na nAirí. Mar sin, bhí sé ina Cheannaire ar an Pháirtí Cumannach sa tír,

Bhí air éirí as ar an 13 Márta, ámh, de bharr cur in aghaidh láidir ó bhaill eile den Phraesaidiam. Thóg Nicíte Cruistsiof an oifig Céad-Rúnaí i mí Meán Fómhair, rud a chur tús le tréimhse "duumvirate", nó cumhachtroinnt idir eisean agus Malenkov.

Ach d'fhan Malenkov san oifig ar feadh dhá bhliain. Bhí sé mar Phríomh-aire ar Aontas na Sóivéide idir na blianta 1953 agus 1955.

1964 is cosúil

I rith na blianta seo, bhí Malenkov glórach agus oscailte ina mhí-shástacht le h-airm núicléacha. Chomh maith le sin, bhí sé i bhfabhar an geilleagar a áth-dhíríú ar earraí tomhaltais in áit tionscail trom, rud a dhéanfadh a chomharba Cruistsiof (1955-1964) níos déanaí.

Turnamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'éigean do Mhalenkov a phost a fhágáil i mí Feabhra 1955, nuair a thosaíodh ionsaithe air mar gheall ar a chomhghuaillíocht le Beria (eisean a chuireadh chun báis mar bhrathadóir i mí na Nollag 1953), agus an mhoill leis na leasuithe a bhí geallta aige, athshlánaíodh na bpríosúnach polaitíochta ach go háirithe.

D'fhan Malenkov sa Phraesaidiam, a tháinig isteach in áit an Pholitburo.

Sa bhliain 1957, áfach, bhí air éirí as arís nuair a rinne sé iarracht mí-rathúil an ruaig a chur ar Chruistsiof, i gcomhoibriú le Nikolai Bulganin, Vyacheslav Molotov, agus Lazar Kaganovich (an Grúpa Frith-Pháirtí, mar a thugtaí orthu).

Cárta aitheantais

Níor daoradh iad chun báis, mar a ndéantaí i laethanta Stáilín, ach cuireadh laghdú ollmhór ar an tionchar a bhí acu ar pholaitíocht na tíre.

Deoraíocht agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1961, caitheadh Malenkov amach ón pháirtí Cumannach.Cuireadh é ar deoraíocht taobh istigh den Aontas Sóivéadach. Tar éis tamaill, ghlac sé post nua mar bhainisteoir ar ghléasra hidrileichtreach san Chasacstáin.

1955

Ina bhlianta deireanach, canadh sé leis an gcór in Ardeaglais Yelokhovsky, i Moscó.

Ní bhfuair a bhás aird ar bith ón stát sa bhliain 1988.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]