Cathair Pheadair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair Pheadair (Gaeilge)
Санкт-Петербург (Rúisis)
Coat of Arms of Saint Petersburg (2003).png Flag of St Petersburg (Russia).png
Tíreolaíocht
Stádas: Cathair na Cónaidhme
Achar: 606 km²
Déimeagrafaic
Daonra:
- Iomlán (meas2002)
- Dlús daonra

4,661,219
3,330/km²
Teangacha oifigiúla: Rúisis
Polaitíocht
Cathair Pheadair
Gobharnóir: Grigory Poltavchenko
Suíomh sa Rúis
Saint Petersburg In Europe.svg

Is cathair sa Rúis í Cathair Pheadair (Rúisis: Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tír. Ba é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703, agus í ina príomhchathair ar an tír go dtí an bhliain 1918, nuair a rinneadh príomhchathair de Mhoscó. Athraíodh ainm na cathrach cúpla uair i rith na mblianta. Rinneadh Petrograd (Петрогра́д) (19141924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin. Ina dhiaidh sin, tugadh Leningrad (Ленингра́д) (19241991) uirthi i ndilchuimhne ar Vlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) atá ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí. Is é Piter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).

Stair[athraigh | edit source]

Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703 ar thailte a ghabh sé ó na Sualannaigh. Iascairí Fionlannacha ba mhó a bhí ina gcónaí sna bólaí seo roimhe sin, agus bhí daingean Sualannach, Nyenskans, ann go dtí gur scrios na díormaí Rúiseacha é.

Cearnóg an Pháláis i gCathair Pheadair. Tá colún cuimhneacháin an tSáir Alastair ina sheasamh i lár na cearnóige. B'é an t-ailtire Francach Auguste de Montferrat a dhear an colún. Tógadh an colún sna 1830idí.

An chathair Shualannach, Nyen, a bhí bunaithe i lár na seachtú haoise déag in aice leis an daingean, bhí sí tréigthe agus dóite ag na Sualannaigh roimh ionsaí na Rúiseach féin.

Chaith Peadar blianta a óige ag déanamh staidéir san Ollainn, agus é an-tugtha do theanga na tíre sin. Mar sin, thug sé ainm ar an áit a raibh blas na hOllainnise air - Sankt-Peterburg, nó fiú Sint-Pieterburch. Ar dtús, ní raibh ann ach daingean - an daingean céanna ar a dtugtar Daingean Pheadar agus Phóil, nó Petropavlovskaya Krepost, air inniu. Ansin draenáladh na portaigh ina thimpeall, agus thosaigh tógáil na cathrach féin. Bhí innealtóirí ón nGearmáin i bhfeighil na n-oibreacha draenála, agus seirfigh Rúiseacha ag déanamh an chuid ba throime den obair. Thairis sin, chuir Peadar d'fhiacha ar shaoir chloiche na tíre go léir teacht go dtí Cathair Pheadair, agus choisc sé aon teach cloiche a thógáil in aon chuid eile den Rúis.

Bhí Cathair Pheadair ceaptha mar "fhuinneoig na Rúise roimh an Iarthar", mar a scríobh Aileacsandar Púiscín, file náisiúnta na Rúise. Bhí sí ina cuan tábhachtach trádála, go háirithe nuair a thosaigh trádáil na Rúise agus na Breataine Móire ag fás, agus ina bunáit ag loingeas Baltach na Rúise. Go gairid i ndiaidh bhunú na cathrach féin, tógadh daingean Kronstadt in Oileán Kotlin in aice leis an gcathair, daingean atá ina chuan cogaidh inniu féin.

San ochtú agus san naoú haois déag, thóg na maithe is na móruaisle páláis as éadan a chéile i gCathair Pheadair, agus is cuid súl iad inniu féin ag na cuairteoirí. Os a choinne sin, dhéanadh na tuilte an-dochar.

Sa bhliain 1861, chuir an Sár Alastair a Dó an seirfeachas ar ceal, agus saoradh seirfigh na Rúise ón mbráca. Chuaigh na mílte scológ go dtí Cathair Pheadair ar lorg oibre, agus thosaigh na tionóntáin ag fás aníos timpeall na cathrach. Ó bhí idir lucht oibre agus chaipiteal ann, ní díol iontais é gur tháinig borradh ar an tionsclaíocht. Sna sálaí air sin tháinig an radacachas agus an Sóisialachas.