Peadar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Mór

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Пётр I
Beathaisnéis
Breith(ru) Романов Пётр Алексеевич
30 Bealtaine 1672 (Iúlach)
Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Eanáir 1725 (Iúlach)
52 bliana d'aois
Cathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMorgadh
Áit adhlacthaPeter and Paul Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Rúise Uile
2 Samhain 1721 – 8 Feabhra 1725
← luach ar iarraidh – Caitríona I na Rúise →
Sár na Rúise Uile
7 Bealtaine 1682 – 2 Samhain 1721
← Feodor III na RúiseDeireadh an phoist →
In éineacht le: Ivan V na Rúise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolitics of Russia (en) Aistrigh
Gairmrialtóir, státaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalImpire na Rúise Uile Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Romanov Cuir in eagar ar Wikidata
CéileEudoxia Lopukhina (1689–)
Caitríona I na Rúise (1707–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexei Petrovich, Tsarevich na Rúise
 ( Eudoxia Lopukhina)
Alexander Petrovich
 ( Eudoxia Lopukhina)
Pavel Petrovich Romanov
 ( Eudoxia Lopukhina)
Katherine Petrovna Romanov
 ( Caitríona I na Rúise)
Margaret Petrovna Romanov
 ( Caitríona I na Rúise)
Natalia Maria Petrovna
 ( Caitríona I na Rúise)
Natalia Petrovna
 ( Caitríona I na Rúise)
Pyotr Petrovich
 ( Caitríona I na Rúise)
Anna Petrovna na Rúise
 ( Caitríona I na Rúise)
Éilís na Rúise
 ( Caitríona I na Rúise)
Paul Petrovich Romanov
 ( Caitríona I na Rúise) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlexei I na Rúise  agus Natalia Naryshkina
SiblínNatalya Alexeevna na Rúise, Tsarevna Yevdokia Alekseyevna na Rúise, Caitríona Alekseyevna na Rúise, Maria Alekseyevna na Rúise, Marfa Alekseyevna na Rúise, Feodosia Alekseyevna na Rúise, Ivan V na Rúise, Feodor III na Rúise, Tsarevich Alexei Alexeyevich na Rúise, Tsarevich Dmitry Alexeyevich na Rúise, Tsarevich Simeon Alexeyevich na Rúise agus Sophia Alekseyevna na Rúise
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 1507 Cuir in eagar ar Wikidata

B'é Peadar Mór (Rúisis: Пётр I Алексеевич nó Pyotr I Alekseyevich) an chéad impire nua-aimseartha sa Rúis, agus meas mór ag go leor de mhuintir na tíre sin air i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinne sé leis an tír a thabhairt chun nua-aoiseachais agus chun Iartharachais.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Pyotr Alexeyevich Romanov, nó an t-impire Peadar Mór, sa bhliain 1672 (9 Meitheamh). Le linn a chéad óige ní rabhthas ar aon bharúil faoin gcomharbas. Bhí trioblóidí ar coipeadh sa chúirt, agus na daoine uaisle ag tógáil uisce faoi thalamh in aghaidh a chéile. Mar sin, ba chuid de shaoltaithí an bhuachalla bhig tiarnaí móra de chuid na tíre a fheiceáil báite ina gcuid fola le súile a chinn féin. Chun Peadar óg a choinneáil slán sábháilte ó chaimiléireacht na cúirte tógadh faoin tuath é, áit ar éirigh sé mór leis an gcosmhuintir agus—thar aon dream eile—le muintir Nemetskaya Sloboda.

I gComhluadar na gCoimhthíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é is brí le Nemetskaya Sloboda ná Saorcheantar na nGearmánach—déanta na fírinne, ní Gearmánaigh amháin a bhí ina gcónaí ansin, ach strainséirí ó thíortha eile freisin, ach i dtús báire d'úsáidtí an focal nemets a chiallaíonn "Gearmánach" i Rúisis an lae inniu—d'úsáidtí é le tagairt do strainséir ar bith a raibh teanga dhothuigthe á labhairt aige (tá an téarma seo gaolmhar leis an aidiacht a chiallaíonn "balbh"—nemoy (немой); Is minic a shíleann lucht labhartha aon teanga amháin gur balbh nó bodhar atá an té nach bhfuil in ann an teanga "cheart" a chanadh ná a thuiscint). Bhí dianseirfeachas i bhfeidhm ar an Rúis ar fad, agus b'éigean díolúine—saoirse speisialta—ón seirfeachas a bhronnadh ar na heachtrannaigh—ceardaithe, tráchtálaithe agus a leithéidí—a bhí ina gcónaí san áit. Sin é an tuige go dtugtaí "saorcheantar" ar an áit.

D'fhoghlaim Peadar óg léann nua-aimseartha an Iarthair agus go leor scileanna innealtóireachta ó mhuintir an tSaorcheantair. Ón taoibh eile de, ó tharla go raibh a fhios aige go raibh sé i ndán dó dul i gceannas ar an tír ab fhairsinge ar domhan, fágadh gan toilsmacht é. Ba dual dó ragairne rábach ó bhí sé ina dhéagóir óg aerach, agus é ag ól is ag bualadh craicinn ar nós an diabhail féin má bhuail an tallann é.

An Sár ina Chearpantóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Capture of Azov, 1696, le Robert Ker Porter

Gaireadh Sár de Pheadar nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Nuair a bhí sé cúig bliana fichead, d'fhág sé Moscó in éineacht le lucht mór coimhdeachta le dul i dtaithí ar chultúr na hEorpa. Chaith sé seal san Ollainn, agus é ina phrintiseach cearpantóra sna longcheártana, nó bhí an-spéis aige riamh sna longa agus i gcúrsaí loingseoireachta. Lean sé air ag tógáil long i Sasana, agus é ag déanamh dianstaidéir ar an chineál saoil a bhíodh ag na daoine sna tíortha coimhthíocha, ar an gcineál sochaí agus forais shóisialta a bhí iontu. D'fhruiligh sé slua mór eolaithe is lucht léinn le haghaidh na Rúise agus chrom sé ar mhalairt cuma agus cumraíochta a chur ar shaol na tíre.

Fear cumasach, fear cruálach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag filleadh abhaile dó fuair sé a chuid saighdiúirí i mbun ceannairce. Ó bhí sé i ndiaidh dhá reisimint den chéad scoth a chur ar bun roimh imeacht ar an gcoigríoch dó, agus iad mionnaithe dó go pearsanta, chuaigh aige lucht na ceannairce—na Streiltsigh (nó na "Lámhachóirí"), lucht na seanreisimintí—a cheansú go gasta. Na tuathghríosóirí a chuir tús leis an éirí amach, básaíodh go sciobtha iad, ach ina dhiaidh sin féin, chrom Peadar ar na gnáthshaighdiúiri a chéasadh le h-"admháil a gcuid míghníomhartha is coireanna" a bhaint astu. B'iomaí súil a stoith sé agus b'iomaí srón a réab sé. Déanta na fírinne, ba mhór an t-ábhar suilt is saobhthaithnimh dó riamh príosúnaigh a chéasadh. Ba chuid é seo d'fhiántas is de bharbarthacht a charachtair, agus gach seans go raibh baint aige seo le chomh tugtha agus a bhí sé do chraiceann a chuid ban.

I ndiaidh an ródaigh seo rinne mo dhuine deimhin de nach dtitfeadh a leithéid amach arís. Chuir sé eagar agus inneall ar an arm, na Cosacaigh san áireamh, agus chuir sé coinscríobh i bhfeidhm ar aicmí nua den tsochaí. Mar a chonaic muid cheana, bhí a chroí sáite ina chuid long, agus é iontach gnóthach ag iarraidh cabhlach ceart a thógáilt don tír. Rinne sé téisclim mhór chogaidh ar bhealaí eile freisin, ag earcú is ag cóiriú reisimintí nua airm agus ag cur garastúin á dtógáil.

Cogaí Pheadair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é chomh doirte sin don arm, ní díol iontais é gur iompaigh sé amach ina fhear mór cogaíochta. I mblianta deireanacha na seachtú haoise déag chuir sé cogadh ar an Tuirc agus bhain amach tailte nua theas. Sa bhliain 1700, áfach, chuir sé a ladar i gCogadh Mór an Tuaiscirt, coimhlint fhadaraíonach a raibh an tSualainn, an Danmhairg is an Pholainn in abar inti cheana féin. Mhair an cogadh áirithe seo an chéad scór bliain den ochtú haois déag. Chuaigh Rí na Sualainne, agus é i ndiaidh a arm ar fad a chailleadh i gcath Poltava sa bhliain 1710, chuaigh Rí na Sualainne ar lorg cuidiú ó Shabhdán na Tuirce. Ansin, d'éirigh in athuair idir an Rúis agus an Tuirc. Ba bheag a fuair Peadar de bharr an chogaidh seo, amach ó phíosa den Fhionlainn a bhí de dhíth air le cúl a phríomhchathrach úrbhunaithe a chosaint.

Godfrey Kneller, 1698.

An Phríomhchathair Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáil na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte di: Cathair Pheadair. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiacha ar bhunadh an cheantair thart ar an áit—an Ingearmanlann a thugtaí ar an gcúige ar na saolta sin—dul ag tógáil na cathrach nua dó. Bhí láithreán na n-oibreacha seo inchomórtais ar fad le sluachampaí géibhinn Stailín, agus na sclábhaithe chomh héigiontach le chéile sa dá áit. Lena cheart a thabhairt do Pheadar, áfach, ní mór dúinn a admháil gur éirigh leis rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach gránna seo: ba bheag toradh úsáideach a bhíodh ar a raibh idir lámhaibh ag daoroibrithe Stailín, nó ní rabhthas go bunúsach ach á gcéasadh, gan aon chuspóir ceart a bheith lena streachailt. Maidir le Peadar, ní lena gcéasadh amháin a mhaslaigh sé na daoine, ach ar ndóigh, fuair an chuid ba mhó acu bás sa dá chás.

le Carel de Moor, 1717

I ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go raibh an teideal úd "Sár" á chleachtadh ag ríthe na Moscóive le fada—agus an focal féin—tsar' (царь)—bunaithe ar ainm Iúil Caesar ar tús—ní bhíodh Impirí na Rúise ag tabhairt imperator orthu féin roimh Pheadar.

Peadar agus a mhac Alexei (Nikolai Ge, 1871)

Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é go raibh Peadar chomh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na prikazy (приказы), na húdaráis lárnacha a raibh gach aon cheann acu bunaithe ar ordú ar leith ón Sár seo nó siúd fadó—déanta na fírinne, "ordú" is bunchiall leis an fhocal prikaz (приказ) féin—agus a gcuid dualgaisí ag teacht salach ar a chéile go mion minic. Bhí sé de rún ag Peadar córas ní ba solúbtha a chur in áit tranglam na bprikazy. San am céanna, lean Peadar ag cloí na sean-uasalaicme—na tiarnaí talún—le haicme nua de mhaorlathaigh oilte a chur ina hionad. D'aicmigh Peadar na maorlathaithe de réir tábla céimíochtaí in aithris ar chóras na gcéimeanna míleata: an duine a bhainfeadh amach céim sách ard ag dul suas an dréimire seo, bhronnfaí gradam uaisleachta air is ar shliocht a shleachta. Dá thoradh seo, tháinig uasalaicme nua—uasalaicme na maorlathaithe —in iomaíocht leis na seantiarnaí talún.

Dealbh in Taganrog, le Mark Antokolski

Fear Mór Tionsclaíochta agus Marsantachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Peadar an chéad bhun leis an réabhlóid tionsclaíochta freisin, nó bhunaigh sé monarchana anseo is ansiúd le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgiú le haghaidh easpórtála, agus é ag iarraidh an margadh intíre a chosaint ar iompórtáil iasachta san am céanna trí dhleachtanna arda caomhnaitheacha a ghearradh is a thobhach—is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugann na staraithe eacnamaíochta marsantachas (leis an seachtú haois déag is mó a bhaineann an marsantachas sa chuid is mó den Eoraip, nó tháinig na fiseacrataigh chun tosaigh san ochtú haois déag, agus iad ag cur níos mó béime ar shaoirse an ghnóthadóra ghustalaigh).

An Cultúr Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoileanna le heolaithe mara agus loingseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhair eolaíochta á bhfoilsiú sa cheimic is san fhisic, sa gheograife is sa réalteolaíocht, sa mhatamaitic is san innealtóireacht. Chrom na saineolaithe ar imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.

Ós rud é nach raibh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mbean luí ab ansa leis, — ós rud é nach raibh sé in ann aon tabhairt suas cheart a chinntiú dá mhac, ní bhfuair seisean—Alexey ab ainm dó, agus é ainmnithe as athair Pheadair—le hoidhreacht ach drochthréithe a athar. Bhí sé corrach guagach mar dhuine, agus é ag braiteoireacht ón gcráifeacht go dtí an ragairne óil. Bhain an freasúra coimeádach eaglasta a ngaisneas as an mac, nó bhí siad meáite ar Pheadar a ruaigeadh as an ríchathaoir agus Alexey a chur ina áit mar bhalbhán fannlag d'Impire, le go mbeidís féin ag rialú na tíre. Tháinig an chomhcheilg seo chun solais, áfach, agus thug an tImpire drochíde mhíthrócaireach dá mhac le hainmneacha na gcomhchealgairí eile a fháscadh as. Sa deireadh thiar thall, maraíodh Alexey sa phríosún.

Fuair Peadar Mór bás sa bhliain 1725 (8 Feabhra), agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]