An Rúisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Rúisis)
Infotaula de llenguaAn Rúisis
русский язык‎

Cineálteanga bheo, teanga agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais154,000,000 (2019)
Dúchasach doRúisigh
Stáitan Rúis, an Ghearmáin, an Chasacstáin, Iosrael, an Mhongóil, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Bhealarúis, an Chirgeastáin, an Asarbaiseáin, an Eastóin, an tSeoirsia, an Laitvia, an Liotuáin, An Mholdóiv, an Táidsíceastáin, an Úcráin agus an Úisbéiceastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha oirthearacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaRussian alphabet (en) Aistrigh agus Aibítir Choireallach
Institiúid caighdeánaitheRussian Language Institute (en) Aistrigh
Staidéar agRussian studies (en) Aistrigh agus Russian linguistics (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Stairhistory of the Russian language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ru
ISO 639-2rus
ISO 639-3rus
Glottologruss1263
Linguasphere53-AAA-ea
Ethnologuerus
ASCL3402
IETFru

Teanga Shlavach is ea an Rúisis (русский язык; ['ru.skʲi jɪ.'zɨk]) a bhfuil níos mó cainteoirí aici ná ag aon teanga eile san Eoraip.

Áit na Rúisise i measc theangacha an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha is ea an Rúisis, agus mar sin tá gaol aici leis an tSanscrait, leis an nGréigis agus leis an Laidin, chomh maith leis na teangacha nua-aimseartha Gearmáinice, Rómánsacha agus Ceilteacha, an Béarla, an Fhraincis agus an Ghaeilge san áireamh. Dearbhaítear go bhfuil samplaí scríofa ann ón 10ú haois ar aghaidh.

Stádas na Rúisise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil cuid mhaith dá seanstruchtúr táite infhillte agus go leor focal ón bPróta-Shlaivis ann fós, tá go leor focal idirnáisiúnta sa Rúisis nua-aimseartha a bhaineann leis an bpolaitíocht, an eolaíocht agus an teicneolaíocht. Bhí tábhacht pholaitiúil an-mhór ag an teanga san 20ú haois, agus tá sí ar ceann den sé theanga oifigiúil a úsáideann Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.

An Rúisis mar theanga Shlavach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobhtar an teanga leis an aibítir Choireallach. Is iad an Bhealarúisis agus an Úcráinis an dá theanga is cóngaraí don Rúisis, agus is minic a deir na Rúisigh nach bhfuil iontu ach canúintí de chuid na Rúisise féin. Tá an chuid sin den fhírinne acu nach bhfuil sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir canúintí na Rúisise agus canúintí an dá theanga seo. Nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann, b'é an meas a bhí ag muintir na tíre ar na teangacha seo nach raibh siad oiriúnach ach don bhéaloideas agus don amhránaíocht tíre. Inniu, tá an Úcráinis ag teacht chuici féin arís san Úcráin, ach fanann an Bhealarúisis sách lag ina tír dhúchais féin. An cineál teanga a labhraítear sa tsráid sna tíortha seo, is minic nach bhfuil sé éasca a rá cé acu Rúisis nó an teanga eile atá ann. [[Fichier:EthnicRussiansInTheFormerUSSR.png|link=https://fr.wikipedia.org/wiki/Fichier:EthnicRussiansInTheFormerUSSR.png%7Cmion%7C280x280px%7CAn Rúis san APSS]] Ní mór a chuimhneamh, áfach, go bhfuil na teangacha Slavacha ar fad iontach cosúil le chéile, agus iad réasúnta intuigthe ag cainteoirí a chéile. Tá an Bhealarúisis agus an Úcráinis níos fusa le tuiscint ag an bPolannach ná an Rúisis.

Is iad an Rúisis, an Úcráinis agus an Bhealarúisis na teangacha Slavacha Oirthearacha, ach murab ionann agus an dá theanga eile acu, bhí an Rúisis go mór mór faoi thionchar na Sean-Slaivise Eaglasta. Is é an cineál teanga a bhí i gceist leis an tSean-Slaivis Eaglasta ná an caighdeán liteartha a cheap na manaigh Ghréagacha le haghaidh na Slavach ar fad, agus é bunaithe ar an tSean-Bhulgáiris. Mar sin, tá sí níos gaolmhaire leis an tSeirbea-Chróitis ná leis an Rúisis. Ina ainneoin sin, b'í an tSean-Slaivis Eaglasta an t-aon teanga liteartha amháin a bhí in úsáid sa Rúis go tús na hochtú haoise déag. [[Archivo:Russian_ex-USSR_2004.PNG|link=https://es.wikipedia.org/wiki/Archivo:Russian_ex-USSR_2004.PNG%7Cclé%7Cmion%7C400x400px%7CAPSS, 2004]]

Tionchar na dTeangacha Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir an tSean-Slaivis Eaglasta an-tionchar ar an Rúisis. Is minic a úsáidtear focal iasachta as an teanga seo sa Rúisis le tagairt a dhéanamh do choincheap teibí, agus leagan dúchasach den fhocal chéanna sa chiall nithiúil. Níl sé deacair samplaí a bhailiú:

  • Sean-Slaivis Eaglasta: власть/vlast' "cumhacht", Rúisis: волость/volost' "paróiste"
  • SSE: глава/glava "caibidil", R: голова/golova "ceann, cloigeann"
  • SSE: хранить/khranit' "cosaint, taisciú", R: хоронить/khoronit' "adhlacadh"

Bhí an tSean-Slaivis Eaglasta go mór faoi thionchar na Gréigise ó thaobh an struchtúir de. Na focail eaglasta nó ardnósacha a tháinig isteach an bealach seo, focail chomhshuite ab ea iad a bhí bunaithe ar réamhshamplaí Gréigise. Ní cheadaíonn struchtúr na dteangacha Slavacha, go bunúsach, focail chomhshuite a chruthú, ach amháin i gcásanna áirithe - aidiachtaí comhshuite thar aon chineál eile (is é sin, aidiachtaí cosúil le "lámhfhada" na Gaeilge, nó aidiachtaí bahuvrihi mar a deir an teangeolaí). Tá an Rúisis breac le focail chomhshuite inniu, áfach, agus is minic a fhaigheann lucht labhartha na dteangacha Slavacha eile go bhfuil sí cineál "trom" mar theanga, go háirithe nuair a bhítear ag plé coincheapanna teibí. An té nach bhfuil Rúisis aige, níl a fhios aige céard is brí le tromchúiseach.

Sular tháinig na Slavaigh go dtí an Rúis, bhí teangacha Fionn-Úgracha á labhairt i gcuid mhór de na tailte arb iad croí na Rúise iad inniu. Ghlac lucht labhartha na dteangacha seo leis an teanga Shlavach, ach is léir gur fhág siad a mblas féin ar an teanga. Mar sin, is féidir a rá go raibh tionchar ag a dteangacha siúd ar fhorbairt na Rúisise, cé nach bhfanann mórán focal dá gcuid i Rúisis an lae inniu.

Thairis sin, bhí an Rúisis iontach fáiltiúil roimh fhocail ó theangacha Iartharacha riamh. Cé go mbíonn na náisiúnaithe Rúiseacha ag maíomh gurb í an Rúisis an teanga Shlavach is glaine amuigh, níl aon chuid den cheart acu ar aon nós. A mhalairt ar fad, bhí an Rúisis in ann a cuid féin a dhéanamh de na céadta focal iasachta ón Ollainnis, ón nGearmáinis, ón bhFraincis, agus ón mBéarla:

  • Ón Ollainnis: фарватер/farvater "cúrsa farraige"
  • Ón nGearmáinis масштаб/masshtab "scála an mhapa"
  • Ón bhFraincis бульвар/bul'var "búlbhard"
  • Ón mBéarla компьютер/komp'yuter "ríomhaire"
na canúintí sa bhliain 1915

██ 1. Arkhangelsk

██ 2. Olonets

██ 3. Novgorod

██ 4. Viatka

██ 5. Vladimir

An Lár

██ 6. Moscow

██ 7. Tver

an desiceart

██ 8. Orel

██ 9. Ryazan

██ 10. Tula

Stair na Rúisise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sinsir na Rúiseach, na mBealarúiseach agus na nÚcránach ag labhairt canúintí éagsúla de chuid na Slaivise Oirthearaí go dtí an 14ú haois, nuair a thosaigh an trí theanga seo á ndealú ó chéile. Fuair na canúintí a lán focal iasachta ón tSean-Lochlainnis nuair a bhí na hUigingigh ag creachadh rompu agus ag bunú cathracha sa tír, ach ón 12ú haois ar aghaidh, nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh an Rúis, thosaigh focail Mhongólacha agus Thurcacha ag teacht isteach sa teanga labhartha.

Ba í an tSean-Slaivis Eaglasta a bhí á saothrú mar theanga liteartha go dtí gur chuir Peadar Mór tús leis an Rúisis mar theanga shibhialta chultúrtha. San am céanna, áfach, bhítí ag scríobh síos focail agus téacsaí iomlána sa teanga labhartha féin, go háirithe cáipéisí dlíthiúla, conarthaí trádála agus litreacha príobháideacha. Ba nós doiciméid den chineál sin a bhreacadh síos ar choirt beithe, agus tháinig na seandálaithe Sóivéadacha trasna ar chuid mhaith acu i gcathracha stairiúla na Rúise agus na hÚcráine ó thús na gcaogaidí i leith. Rinneadh an chéad fhionnachtain den chineál seo i Novgorod sa bhliain 1951, agus is í an chathair sin an fhoinse is fearr litreacha coirte beithe inniu féin. Ba í teanga labhartha an phobail ba mhó a d'úsáidtí sna litreacha coirte beithe, an chuid ba mhó acu, agus is iad an t-ábhar is fearr agus is flúirsí a thugann spléachadh do na saineolaithe ar an gcineál teanga a bhí á labhairt sa Rúis sa 14ú haois.

Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag an tSean-Slaivis Eaglasta i saol intleachtúil na tíre go dtí gur chrom Peadar Mór ar a fheachtas nua-aimsearthachta i gceart. Bhunaigh Peadar scoileanna agus chuir sé an teanga in úsáid i litríocht shaolta, ionas go raibh téarmaíocht eolaíoch nó teicneolaíoch ag teastáil. Fuair Peadar agus a chuid lucht léinn na téarmaí ó na teangacha iasachta, agus sin é an tuige, go bunúsach, go bhfuil Rúisis an lae inniu breac le focail Ollainnise, Ghearmáinise, Fhraincise agus Bhéarla.

Fuair an Fhraincis an lámh in uachtar ar an Rúisis i saol na cúirte impiriúla. Ní raibh sé as an ngnáth teacht ar dhuine uasal Rúiseach a raibh an teanga seo níos líofa aige ná an Rúisis féin. Sa 19ú haois déag, bhí an t-easaontas agus an teannas polaitiúil ag dul i méadaíocht de réir is mar a bhí an chuid liobrálach de mhuintir na Rúise ag tuirsiú de thíorántacht mheánaoiseach na nImpirí, agus d'fhág an teannas seo a lorg ar an teanga, nuair a bhí na hintleachtóirí Rúiseacha ag foghlaim búsfhocail pholaitiúla a linne agus á gcur in oiriúint don Rúisis. San am seo a tháinig téarmaí ar nós социализм (sotsializm, is é sin, Sóisialachas), nó конституция (konstitutsiya, bunreacht), gan dearmad a dhéanamh de митинг (miting, ón mBéarla; tá ciall ar leith leis an bhfocal seo sa Rúisis, áfach, mar atá, cruinniú polaitiúil, slógadh nó tóstal - bheadh rally níos oiriúnaí mar théarma Béarla ná meeting).

Is é an chéad athrú a tháinig ar an Rúisis le réabhlóid Dheireadh Fómhair ná gur simplíodh an ceartlitriú. Caitheadh litreacha áirithe i dtraipisí nach raibh de bhunús acu ach stair na teanga - go háirithe na litreacha Gréagacha nach raibh in úsáid ach i bhfocail ón nGréigis. Bhí an ceartlitriú nua sna fonsaí tógála le tamall maith anuas, ach ansin, thit sé ar chrann na mBoilséiveach é a chur i gcrích. Na dídeanaithe Rúiseacha a thréig an tír i ndiaidh na réabhlóide agus a shocraigh síos i dtíortha Iartharacha ina diaidh sin, chloígh siad ar feadh i bhfad leis an gceartlitriú réamh-Réabhlóideach agus iad ag díspeagadh na "scríbhneoireachta Sóivéadaí" mar leagan truaillithe den Rúisis. Mar sin féin, chuaigh an ceartlitriú nua in úsáid ar fud an domhain sa deireadh. Inniu, is fánach leabhar a d'fhoilseofaí sa seanlitriú.

Roimh an réabhlóid, ní raibh sna Boilséivigh ach seict bheag Shóisialach le béarlagair polaitiúil dá cuid féin, ach nuair a tháinig siad i gceannas ar an tír, chuaigh cuid mhaith den leathchaint seo i mbéal an phobail. Bhí na Boilséivigh an-tugtha d'acrainmneacha agus do ghiorrúcháin éagsúla, rud a bhí le haithint ar Rúisis an Aontais Shóiveadaigh, nó bhí sí ag cur thar maoil le focail cosúil le рабфак/rabfakрабочий факультет/rabochiy fakul'tet nó "dámh an lucht oibre", is é sin, roinn speisialta na hollscoile a bhí ag ullmhú mic léinn "phrólatáireacha" don staidéar) nó Комсомол/KomsomolКоммунистический Союз Молодёжи/Kommunisticheskiy Soyuz Molodyozhi, is é sin, Conradh Cumannach an Aos Óig, ógra Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh).

Litríocht na Rúisise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis go bhfuil an Rúisis ar theangacha móra cultúrtha an domhain, a bhuí leis an traidisiún millteanach scríbhneoireachta a bhaineann léi. An té a chromfaidh ar an teanga seo a fhoghlaim, ní rachaidh sé choíche in anás lón léitheoireachta.

Слово о Полку, leagan 1912

Is gnách glacadh leis gurb í an Laoi faoi Fheachtas Igor (Слово о Полку Игореве/Slovo o Polku Igoreve) an saothar liteartha is sine atá ar fáil i dteanga ar féidir Rúisis a thabhairt uirthi. Scéal eile go hiomlán é go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta á saothrú go coitianta mar theanga liteartha san am céanna sa Rúis, ar ndóigh. Dán fada eipiciúil is ea an Laoi seo, agus í ag tabhairt cur síos ar na heachtraí a ndeachaigh an laoch Igor agus a chuid fear tríothu nuair a bhí siad ag cur cogaidh ar na Polovtsy. Is í an treibh atá i gceist leis na Polovtsy - ciallaíonn an focal Rúisise "muintir an mhachaire mhóir" - ná na Cúmánaigh, treibh Thuirceach a raibh cónaí uirthi i nDeisceart na Rúise sa dóú haois déag. Tá an Chríostaíocht agus an Phágánacht shean-Slavach measctha trí chéile sa laoi, agus cur síos dúisitheach inti ar nádúr na Rúise agus ar an dóigh a gcuireann fórsaí an nádúir cor i gcinniúint an duine.

Sa seachtú haois déag, scríobh Avvakum Petrov, ard-sagart Ceartchreidmheach nach raibh sásta leis na leasuithe eaglasta a bhí á gcur i gcrích san am céanna, sraith leabhar faoi ábhar eaglasta agus reiligiúnda, chomh maith le scéal a bheatha féin. Go bunúsach, paimfléid pholaitiúla ab ea na leabhair seo agus iad ceaptha mar bholscaireacht i gcoimhlint inmheánach na heaglaise. Scríobh sé na leabhair seo i gcaint na ndaoine - Rúisis - cé go raibh an tSean-Slaivis Eaglasta go paiteanta aige. Tá teanga nádúrtha, chumhachtach aige, go háirithe nuair a bhíonn sé ag caitheamh anuas ar a chuid naimhde. Chuir na húdaráis chun báis é sa deireadh, ach mar sin féin, rinne sé cion fir le litríocht na Rúisise a fhorbairt - i ngan fhios dó féin.

Sna sálaí ag an Impire Peadar Mór, agus na hiarrachtaí a bhí ar siúl aige leis an Rúis a thabhairt chun Iartharachais agus teanga liteartha shibhialta a dhéanamh den Rúisis, tháinig an chéad ghlúin de scríbhneoirí Rúisise: Antioch Kantemir, Vasiliy Trediakovskiy, Mikhail Lomonosov, agus, ina ndiaidh sin, Nikolay Karamzin.

Nikolay Karamzin leAlexey Venezianov (1828)

Ní raibh mórán maithe in Kantemir mar fhile, ach, ar a laghad, chuir sé an dúshraith ar ar thóg na scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh. Ní raibh, fiú, an teanga ó dhúchas aige, nó b'as an Moldóiv dó. Maidir le Lomonosov, fear mór Renaissance agus ileolaí a bhí ann, agus rinne sé staidéar ar go leor brainsí léinn agus eolaíochta. B'eisean a thuig go raibh an-tábhacht leis an mbéim do véarsaíocht na Rúisise, agus scríobh sé dánta inar choinnigh sé béim gach focal ar a gnátháit, le go mbeadh blas nádúrtha na cainte ag dul leis an dán, in áit gach siolla a labhairt amach ar aon bhéim.

Karamzin (1766-1826), arís, scríobh sé saothar mór millteanach faoi stair na Rúise, mar atá, "Stair an Stáit Rúisigh", nó История государства Российского/Istoriya gosudarstva Rossiyskogo. Leabhar soléite suimiúil atá ann ag léitheoir an lae inniu féin, cé go bhfuil dearcadh Karamzin an-dáimhiúil leis an anlathas impiriúil. Scríbhneoir maith a bhí ann a chuir athrú cuma ar nósanna scríbhneoireachta na Rúisise ar fad. Chaith sé tréimhse san Eoraip nuair a bhí an réabhlóid ar coipeadh san Fhrainc, rud a d'imir a thionchar féin ar fhorbairt a dhearcaidh choimeádaigh, agus d'fhoilsigh sé leabhar taistil inar chuir sé síos ar a chuid eacthraí, "Litreacha an taistealaí Rúisigh". Chum sé freisin cúpla gearrscéal maoithneach, go háirithe "Éilís bhocht" (Бедная Лиза/Bednaya Liza), ina ríomhann sé scéal tragóideach an chailín óig de phór íseal a thit i ngrá le fear óg de phór uasal.

Lenár linn féin, tá cáil ar na scríbhneoirí Rúiseacha a caitheadh i dtóin an phríosúin i ndiaidh dóibh leabhair a scríobh a chuir míchompord ar an lucht rialtais. B'é Aleksandr Radishchev an chéad easaontóir den chineál seo, is dócha. Sa bhliain 1790, d'fhoilsigh sé leabhar taistil, Путешествие из Петербурга в Москву/Puteshestviye iz Peterburga v Moskvu ("Turas ó Chathair Pheadair go Moscó"), inar thug sé cur síos réadúil ar chruatan na ndaoine faoin tuath. Bhain an leabhar seo a leithéid de scanradh as an mBanimpire Caitríona Mhór agus gur theilg sí an scríbhneoir chun báis. Sa deireadh, níor básaíodh Radishchev, áfach. Díbríodh go dtí an tSibéir é. Scairt comharba Chaitríona, an tImpire Pól a hAon, ar ais ón díbirt é, ach má scairt féin, ní raibh sonas ná sástacht i ndán do Radishchev. Chuir an scríbhneoir lámh ina bhás féin sa bhliain 1802.

Vasily Zhukovsky, 1820idí

Ré Órga na Litríochta Rúisise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu féin, is ábhar spéise don tsaol mhór ar fad iad na clasaicigh a scríobhadh i ré órga na litríochta Rúisise. Áirítear gur thosaigh an ré sin nuair a chuaigh Vasily Zhukovsky agus Aleksandr Pushkin i mbun pinn. Aistritheoir filíochta ab ea Zhukovsky thar aon rud eile, ach d'éirigh leis stíl agus idéil na rómánsúlachta a thabhairt isteach i litríocht na Rúisise lena chuid aistriúchán. Is minic a mhaireann a leagan féin de dhán coimhthíoch éigin i mbéal an phobail sa Rúis, agus an buntéacs ligthe i ndearmad le fada sa tír inar scríobhadh an chéad uair é.

Maidir le Pushkin, is eisean file náisiúnta na Rúise thar aon fhile eile. Chruthaigh sé stíl éasca nádúrtha atá an-chosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh eisean, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach b'iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis. Chríochnaigh sé úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, mar atá, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt ghearrscéalta.

File tábhachtach eile sa chéad leath den naoú haois déag ab ea Mikhail Lermontov. Saighdiúir a bhí ann a throid sna cogaí a chuir an Rúis i gCugas leis na treibheacha áitiúla a chur faoi chois. As na heachtraí sin a fáisceadh rogha a chuid filíochta. Scríobh sé úrscéal freisin, mar atá, Герой нашего времени/Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne"), a bhí suite i Sléibhte Chugais.

B'é Fyodor Tyutchev an tríú mórfhile rómánsúil sa Rúis. Saolaíodh i dtús na naoú haoise déag é chomh maith le Lermontov, ach bhí sé réasúnta fadsaolach, nó ní bhfuair sé bás sula raibh sé beagnach seachtó bliain d'aois. D'éag Pushkin agus Lermontov sula raibh an dá scór bliain slánaithe acu, agus cailleadh an bheirt acu i gcomrac aonair. Má bhí claonadh áirithe chun ceannairce agus réabhlóide - sa chiall mheafarach, ar a laghad - i bPushkin agus i Lermontov, bhí Tyutchev ina thaidhleoir i seirbhís an Impire, agus dearcadh coimeádach aige. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol taobh amuigh den Rúis, agus phós sé mná coimhthíocha nach raibh focal Rúisise ina bpluc. Bhí an Fhraincis ní ba líofa aige féin ná an Rúisis, ach theastaigh uaidh friotal a lorg sa theanga dhúchasach dá chuid smaointí meitifisiciúla, agus b'í an fhilíocht an friotal ab fhearr a thiocfadh leis. Ní raibh mórán measa aige féin ar a chuid dánta, agus níor cuireadh suim cheart iontu sula raibh an file tar éis bháis.

Nikolay Gogol le F.Moller (1848)

B'iad na scríbhneoirí próis, áfach, ba mhó a thabhaigh a clú do litríocht chlasaiceach na Rúise ar an gcoigríoch, ós rud é go mbíonn sé deacair filíocht a aistriú. B'é Nikolay Gogol an chéad scríbhneoir den chineál sin, agus mhair sé sa chéad leath den naoú haois déag freisin. Úcráineach a bhí ann go bunúsach, ach b'í an Rúisis teanga a chuid saothar. Níor mhothaigh sé é féin riamh ar a shuaimhneas i gCathair Pheadair, agus scríobh sé gearrscéalta faoi shaol na cathrach a raibh an-sceimhle ag baint leo. Bhí sé den bharúil gur áit uafásach ab ea Cathair Pheadair, áit neamhshaolta fiú. Bhí néaróisí agus siabhráin éagsúla ag luí air, agus saoldearcadh frithghníomhach reiligiúnda aige. Is iad na saothair is clúití dár scríobh sé ná an t-úrscéal Мертвые души/Mertvye dushi ("Anamacha Marbha") agus an dráma Ревизор/Revizor ("An Cigire").

Is léir nach féidir gan Fyodor Dostoyevsky a lua sa chomhthéacs seo. Rugadh Dostoyevsky sa bhliain 1821 i Moscó, ach mar is léir óna shloinne, bhí sinsir Pholannacha aige. Cibé faoi sin, bhí sé ina Rúiseach go smior. Nuair a bhí sé óg, bhí sé ina radacach Sóisialach, ach ansin, fuair seirbhísí slándála an Impire amach faoin ngrúpa a raibh sé ina bhall de, agus caitheadh gach mac máthar acu i dtóin phríosúin. Tugadh le fios dóibh go raibh pionós an bháis gearrtha orthu, agus ceanglaíodh iad le hiad a lámhach, ach ansin, fuair siad le cloisteáil nach raibh siad le cur chun báis, ach le díbirt go dtí an tSibéir. Chaith Dostoyevsky naoi mbliana thall ansin, go dtí go bhfuair sé cead filleadh abhaile. Roimh an díbirt, bhí úrscéal amháin foilsithe aige, mar atá, Bednye lyudi ("Daoine bochta"), a raibh blas an radacachais shóisialta air. I ndiaidh na díbeartha, áfach, bhí Dostoyevsky iompaithe ina fhrithghníomhach, agus é ag tabhairt urraime don choimeádachas reiligiúnda. Sin é an dearcadh a d'fhág a lorg ar an gcuid eile dár scríobh sé, na húrscéalta móra cosúil le Zapiski iz mertvogo doma ("Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh"), Unizhennye i oskorblennye ("Daoine faoi leatrom is faoi tharcaisne"), Idiot ("An tAmadán"), Prestuplenie i nakazanie ("An Choir is an Pionós"), Besy ("Na Diabhail"), agus Brat'ya Karamazovy ("Deartháracha Karamazov").

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]