Fyodor Dostoyevsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fyodor Dostoyevsky
Dostoevskij 1872.jpg
Dostoevskij sa bhliain 1872 (pórtráid le Vassilij Grigorovič Perov)
Dáta breithe 11 Samhain 1821
  Moscó, Impireacht na Rúise
Dáta báis 9 Feabhra 1881
  Cathair Pheadair, an Rúis
Gairm Úrscéalaí
Céile Mariya Dmitriyevna Isayeva (1857–64), Anna Grigoryevna Snitkina (1867–81)
Síniú
Fyodor Dostoyevsky Signature.svg

Údar Rúiseach a scríobh úrscéalta, gearrscéalta agus aistí ba ea Fyodor Mikhailovich Dostoyevsky (Фёдор Миха́йлович Достое́вский) (11 Samhain 1821 – 9 Feabhra 1881 de réir an tseanfhéilire, nó 30 Deireadh Fómhair 1821 – 29 Eanáir 1881). Is iad na saothair is mó clú dá chuid Coir agus Pionós (Преступление и наказание), An tAmadán (Идиот) agus Deartháracha Karamazov (Братья Карамазовы). Thug sé an-léargas ar intinn shuaite an duine agus ar cheisteanna crua na beatha, agus tugtar aitheantas dó mar dhuine de scríbhneoirí móra na Rúise.


Óige an údair[athraigh | edit source]

Bhíodh a athair, Mikhail Andryeyevich, fear diaga crua a fuair céim uasal sa bhliain 1828, ag obair mar dhochtúir in Ospidéal Marinski do na bochtáin i Moscó. Ba de shliocht lucht trádála í Mariya Fyodorovna, a mháthair. Bhí Fyodor ar an dara duine de sheachtar clainne a mhair. Faoin mbliain 1832 bhí eastát beag ceannaithe ag Mikhail Andryeyevich, agus é dian ar na seirfigh a bhí ann. Ach b’annamh ann é agus na páistí ar saoire ann, agus bhainidís an-sult as an am a gcaithidís ann.

Nuair a bhí D. cúig bliana déag d'aois fuair Mariya Fyodorovna bás den eitinn, agus chuir a athair an bheirt mhac ba shine chun Cathair Pheadair, áit a chuaigh Dostoyevsky ar Institiúid Innealtóireachta Niocláis[1] Anseo fuair sé idir cheird ghairmiúil agus dheis scríbhneoireachta. Sa bhliain 1843 d'fhoilsigh sé aistriúchán de Eugénie Grandet, úrscéal de cuid Balzac. An bhliain dar gcionn d'fhoilsigh sé Bochtáin (Бедные люди - Byednýye lyudi), úrscéal óna lámh féin a tharraing clú air. Thaitin an leabhar go mór le B.G. Byelinsky, criticeoir mór le rá, agus le daoine eile, ach ba bheag orthu An Scáil (Двойник - Dvoynik), scéal cléirigh atá sáraithe ag a scáil féin, agus mheath iomrá an údair.

Fuair athair Dostoyevsky bás sa bhliain 1839. Deirtí gurb iad a chuid seirfeach féin a mharaigh é.[2]

Gabhadh Dostoyevsky sa bhliain 1849 agus cuireadh cúirt air as baint a bheith aige le grúpa Petrashevsky, grúpa intleachtóirí liobrálacha.[3] Chiontaigh an chúirt Dostoyevsky as litir threascrach a léamh os ard i gcuideachta daoine eile i dhá áit dhifriúla.[4].

D’fhulaing Dostoyevsky pianseirbhís ceithre bliana. Ansin cuireadh iachall air seirbhís mhíleata a dhéanamh ar feadh cúig bliana ina shaighdiúir singil agus ina leifteanant sa Reisimint Shibéarach sa Chasacstáin. D’éirigh sé mór le Mariya Dmitriyevna Isayeva, bean chéile duine aitheantais sa tSibéir, agus phós siad sa bhliain 1857 tar éis bhás fhear Mariya.

Dostoyevsky (ar thaobh na láimhe deise) agus Shokan Walikhanuli, scoláire Casactach, sa bhliain 1859.

I ndiaidh an phríosúin[athraigh | edit source]

Tháinig athrú mór ar mheon agus ar thuairimí Dostoyevsky agus é ina chime. Dhiúltaigh sé do na fealsúnachtaí Iartharacha a bhí ann lena linn agus chuaigh i leith aigne dhúchasach na Slavbhách. Rud eile de, d’iompaigh sé ina Chríostaí dílis mar bhall den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach.[5] Chuir sé i gcoinne an Nihileachais agus an tSóisialachais agus rinne scigaithris ar scríbhneoirí agus intleachtóirí ar nós Ivan Turgyenyev a bhí faoi anáil an Iarthair.[6][7] Léiríonn saothar déanach Dostoyevsky díospóireacht bhríomhar bhuartha idir a cuid pearsana faoi chúrsaí spioradáltachta agus faoin gcoimhlint idir seanaigne na Rúise agus tionchar an Iarthair.

Dostoyevsky in 1863

Sa bhliain 1859 d’fhill Dostoyevsky ar Chathair Pheadair, mar ar fhoillsigh sé féin agus a dheartháir Mikhail Mikhailovich dhá iris liteartha: Vryemya (Aimsir) agus Epokha (Ré). [8] Druideadh Vryemya de bharr na dtuairiscí a thug sí ar Éirí Amach Polannach na bliana 1863.

I Mí na Bealtaine chuaigh Dostoyevsky siar go dtí an Eoraip den chéad uair agus thug cuairt ar an nGearmáin, ar an bhFrainc, ar an Eilbhéis agus ar Shasana. Ghnáthaigh sé tithe cearrbhachais agus bhuail sé le Apollinariya (Polina) Suslova, múnla an mban misniúil, ar nós Katyerina Ivanovna, atá le fáil ina shaothar. Thug sé iarracht ar Epokha a choinneáil ar siúl, ach chaill sí an oiread sin léitheoirí gurbh éigean dó í a dhúnadh.

Seomra staidéir Dostoyevsky i gCathair Pheadair.

Ghoill bás a mná sa bhliain 1864 go mór air, cé gur minic nár réitigh siad le chéile, agus cailleadh a dheartháir go gearr ina dhiaidh sin. Bhí ualach mór fiach air, ualach a d’éirigh níos troime nuair a ghabh sé fiacha cearrbhachais Mikhail air féin agus a sholáthair riar a gcáis dá mhac altrama agus do mhuirín a dhearthár. Bhain sé sólás as an gcearbhachais arís é féin agus chaill an t-uafás airgid. Easpa airgid a thug air Coir agus Pionós (Преступление и наказание - Pryestuplyeniye i nakazaniye) a chur de go deifreach, agus scríobh sé An Cearrbhach (Игрок - Igrok) ag an am céanna chun conradh le Stellovsky, a fhoilsitheoir, a chomhlíonadh. D’éileodh sé siúd cóipchearta shaothair uile Dostoyevsky mura bhfuair sé scéal nua.[9]

D’éalaigh Dostoyevsky chun na hEorpa arís. Dhiúltaigh Suslova é a phósadh, rud a ghoill air, ach casadh Anna Grigoryevna Snitkina, luathscríobhaí óg, air. Dise a dheachtaigh sé An Cearrbhach, agus phós siad sa bhliain 1867. Sa bhliain 1872 rinneadh príomheagarthóir den iris Grazhdanin (Saoránach) de, agus thosaigh sé ag foilsiú “Dialann scríbhneora” uirthi, sraith scéalta agus alt a raibh an-ghlaoch uirthi.

Mhéadaigh ar an moladh agus ar an aitheantas a tugadh dó. Sa bhliain 1877 toghadh é ina bhall d’Acadamh na nEolaíochtaí. Sa bhliain 1879 ghlac sé le cuireadh chun comhdhála móire liteartha i Londain, cathair ar fhreastail sé ar a lán cóisireacha agus é ag léamh sleachta as a scéalta féin agus as filíocht Pushkin, file a raibh meas an domhain aige riamh air.

Dostoyevsky agus na Giúdaigh[athraigh | edit source]

Is minic Dostoyevsky á chur in iúl gur dream santach míthrócaireach iad na Giúdaigh agus go mbíonn siad ag déanamh dochar mór don phobal – tuairimí frith-Sheimíteacha a bhí coitianta go leor ag an am. Deir sé gur dona an scéal é mura gcuimhníonn bunadh (neamh-Ghiúdach) na tíre - “narod” (народ) - ar a gcás féin, mar tiocfaidh siad faoi bhois an chait ag na Giúdaigh, agus gan cabhair le fáil ó na hintleachtóirí. “Ólfaidh na Giúdaigh fuil na muintire...” (Жидки будут пить народную кровь…)[10]

Os a choinne sin, is dócha go raibh gearradh éigin coinsiasa air faoina ndearcadh i leith na nGiúdach.[11] Scríobh sé féin agus Arcady Kovner, iriseoir Giúdach, go croíúil chun a chéile, agus chuaigh tuairimí Kovner go mór i bhfeidhm air.[12] Ní mór a chuimhneamh, maidir leis seo, go raibh Dostoyevsky den tuairim gur chóir lánchearta sibhialta a thabhairt do Ghiúdaigh agus do thuataigh araon (dhá dhream a bhí faoi leatrom riamh), agus gur mhol sé don Sár Alasdar II go dtabharfaí poist cheannasacha do Ghiúdaigh, ar nós ollúnachtaí. Shíl sé, mar sin, go raibh fuascailt na “faidhbe” le fáil in aontú an dá phobail – Giúdaigh agus Críostaithe.[13]

A shaothar[athraigh | edit source]

Úrscéalta agus Mionúrscéalta[athraigh | edit source]

  • Bochtáin (Бедные люди [Byednýye lyudi], 1846)
  • An Scáil: Dán ó Chathair Pheadair (Двойник: Петербургская поэма [Dvoynik: Pyetyerburgskaya poema], 1846)
  • Nyetochka Nyezvanova (Неточка Незванова [Nyetochka Nyezvanova], 1849)
  • Brionglóid m’Uncail (Дядюшкин сон [Dyadyushkin son], 1859)
  • Sráidbhaile Styepanchikovo agus a bhfuil ina gcónaí ann (Село Степанчиково и его обитатели [Syelo Styepanchikovo i yego obitatyeli], 1859)
  • Faoi Smál agus faoi Dhímheas (Униженные и оскорбленные [Unizhennýye i oskorblyonnýye], 1861)
  • Nótaí ó Theach na Marbh (Записки из мертвого дома [Zapiski iz myortvogo doma], 1862)
  • Nótaí ó Áit faoi Thalamh (Записки из подполья [Zapiski iz podpolya], 1864)
  • Coir agus Pionós (Преступление и наказание [Pryestuplyeniye i nakazaniye], 1866)
  • An Cearrbhach (Игрок [Igrok], 1867)
  • An tAmadán (Идиот [Idiot], 1869).
  • An Fear Céile Síoraí (Вечный муж [Vyechnýi muzh], 1870)
  • Deamhain (Бесы [Byesý], 1872)
  • An tÓgánach (Подросток [Podrostok], 1875)
  • Deartháracha Karamazov (Братья Карамазовы [Bratya Karamazový], 1880)

Gearrscéalta[athraigh | edit source]

  • "An tUasal Prokharchin" ("Господин Прохарчин" ["Gospodin Prokharchin"], 1846)
  • "Úrscéal i Naoi Litreacha" ("Роман в девяти письмах" ["Roman v dyevyati pis'mah"], 1847)
  • "An Bhean Lóistín" ("Хозяйка" ["Khozyaika"], 1847)
  • "Bean Eachtrannach agus Fear faoin Leaba" ("Чужая жена и муж под кроватью" ["Chuzhaya zhena i muzh pod krovatyu"], 1848)
  • "Croí Lag" ("Слабое сердце" ["Slaboye syerdtse"], 1848)
  • "Polzunkov" ("Ползунков" ["Polzunkov"], 1848)
  • "An Gadaí Ionraic" ("Честный вор" ["Chestnýi vor"], 1848)
  • "Giúis Nollag agus Bainis" ("Елка и свадьба" ["Yolka i svad'ba"], 1848)
  • "Oícheanta Geala" ("Белые ночи" ["Byelýye nochi"], 1848)
  • "Laoch Beag" (Маленький герой" ["Malyen'kiy gyeroy"], 1849)
  • "Drochscéilín" ("Скверный анекдот" ["Skvyernýi anyekdot"], 1862)
  • "An Crogall" ("Крокодил" ["Krokodil"], 1865)
  • "Bobok" ("Бобок" ["Bobok"], 1873)
  • "An Garsún agus an Ghiúis Nollag" ("Мальчик у Христа на ёлке" ["Mal'chik u Khrista na yolke"], 1876)
  • "Bean Mhánla" ("Кроткая" ["Krotkaya"], 1876)
  • " Marey Scológ" ("Мужик Марей" ["Muzhik Marey"], 1876)
  • "Brionglóid Fir Ghreannmhair" ("Сон смешного человека" ["Son smeshnogo cheloveka"], 1877)

Neamhfhicsean[athraigh | edit source]

  • Dialann Scríbhneora (Дневник писателя [Dnevnik pisatyelya], 1873–1881)
  • Litreacha

Sliocht as a Shaothar[athraigh | edit source]

Seo an brollach a chuir sé le Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh. Is léir gur carachtar ficseanúil é an "fear eagair" a "chum" an brollach seo. Panu Petteri Höglund a d'aistrigh le haghaidh na Vicipéide.

Aon duine a dhéanfaidh críocha cúil na Sibéire a thaisteal, idir mhachairí móra, shléibhte agus choillte aistreánacha, is dual dó teacht trasna ar an gcorr-chathair bheag, áit a bhfuil míle nó cupla míle de dhaoine ag cur fúthu. Tithíocht adhmaid uile go léir a bhíonn sna cathracha seo, agus sin a mbíonn de chuid súl iontu, maille le dhá theach pobail - ceann acu ina sheasamh i lár na háite, agus an ceann eile suite in aice na reilige. Is ar éigean a thig leat "cathair" a thabhairt ar a leithéid, nó is leis an gcuid is fearr de na sráidbhailte taobh amuigh de Mhoscó is cosúla iad. Bíonn a gcuid féin de státseirbhísigh ag obair sna cathracha seo, agus siúd is gurbh é a fuacht a thabhaigh a clú don tSibéir, is féidir leat bheith i do shuí go te teolaí ar fad sa taobh sin den tír, más státseirbhíseach thú. Na daoine a bhfuil cónaí orthu ansin, is macánta an cineál muintire iad nár bhuair a gcloigne riamh le smaointeachas na haoise nua; is fearr leo cloí go dian daingean leis an sórt saoil a chleachtaíodh a sinsir rompu. Is iad na státseirbhísigh a dhéanann cúis na huasaicme ansin, agus ní bheadh sé cuí ná óraice iad a dhiúltú faoin gcéimíocht sin. Bundúchasaigh de phór na Sibéire féin atá i gcuid mhaith acu; an chuid eile, áfach, is muintir isteach iad a tháinig ó chroí na Rúise, ó na cathracha móra ach go háirithe, nó is é an tuarastal a mheall an bealach seo iad, chomh maith leis an dóchas atá acu as an todhchaí. An chuid acu a gheobhaidh amach cad é is ciall cheart don tsaol seo, fanfaidh a bhformhór anseo, agus teasghrá is taithneamh acu don tír seo a bhfuil siad á gcló lé. Dá réir sin, is dual dóibh go dtiocfaidh rath Dé ar a gcuid oibre. An chuid eile acu, áfach, níl iontu ach lucht aeraíochta, agus ós rud é nach bhfuil sé daite dóibh teacht isteach ar chuspóir ár mbeatha ar dhroim an domhain, ní bheidh siad i bhfad á dtuirsiú den tSibéir, agus iad á gceistiú féin, cad é an cineál cat mara a sheol sa taobh sin den tír iad an chéad uair riamh. Beidh mífhoighne orthu deireadh an téarma trí bliana a bhaint amach, agus nuair a bheidh lá an chaighdeáin ann, fillfidh siad abhaile in áit na mbonn le conablach saoil a chur díobh ag caitheamh anuas ar an tSibéir agus ag draothadh gáire fúithi. Níl an ceart ag an dream seo, áfach. Ní hiad na státseirbhísigh an t-aon aicme amháin a bhfuil rath in aice láimhe acu sa tSibéir. Tá an aeráid go hiontach ar fad; tá an tír lán ceannaitheoirí agus trádálaithe saibhre nár theip a soicheall riamh orthu; agus go leor daoine de na saindúchasaigh féin ag déanamh go maith. Bíonn na mná óga chomh hálainn agus a bhíonn siad geanmnaí; agus bíonn an géim ag siúl síos suas na sráideanna chomh flúirseach is nach bhfuil de dhíth ar an tsealgaire ach a ghunna a ardú. Bítear ag ól seaimpéine mar a bheadh uisce ann, agus tá an caibheár thar barr ar fad. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, tír í an tSibéir nach bhfuil a sárú ann, ar acht is go bhfuil tú in ann a barr a aithint is a bhaint. Agus níl máistir a muintire ann le barr a bhaint.
I gceann de na cathracha beaga suáilceacha seo, áit a rabh togha na ndaoine ina gcónaí chomh lách cineálta is a bhí siad, i gcruth is nach bhféadfainn choíche cuimhne na muintire seo a ruaigeadh as mo chroí, - ina leithéid d'áit a casadh Aleksandr Petrovich Goriachnikov orm. Ina fhear uasal agus ina oidhre fearainn a rugadh mo dhuine thall sa Rúis, ach nuair a mharaigh sé a bhean chéile, ba é an pionós a ghearr an dlí dó ná an díbirt go dtí an tSibéir ina phríosúnach daorbhroide den dara rang. Nuair a bhí an téarma deich mbliana istigh aige, d'fhan sé i gcathair C. ina chóilíneach shaorthoilteanach, agus b'ansin a chaith sé a shaol go síochánta suaimhneach. Déanta na fírinne, bhí sé cláraithe go hoifigiúil i gceann de na paróistí tuaithe taobh amuigh den chathair, ach ba sa bhaile mhór a chuir sé faoi, agus é ag saothrú a choda measartha maith ag múineadh scoile do na páistí. Is iomaí duine de lucht na díbeartha a bhíonn ag dul le múinteoireacht mar ghléas beo sa tSibéir, agus ní gnách a leithéidí a chur ó dhoras ná a dhiúltú faon obair. An teanga Fraincise is mó a mhúintear, ós rud é nach féidir le haon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh ina huireasa; agus is fánach duine sna críocha corracha cúil seo a mbeadh aon chur amach aige uirthi, murach na múinteoirí díbeartha. Casadh Aleksandr Petrovich orm an chéad uair i dteach Ivan Ivanovich Gvozdikov; státseirbhíseach maith mórintinneach a bhí ann, mar Gvozdikov, agus cúigear clainne aige: iníonacha uile go léir a bhí ann, agus an mhóréirim chéanna chun foghlama i ngach uile chailín acu, ainneoin éagsúlacht a n-aoise. Mhúineadh Aleksandr Petrovich ceachtanna dóibh ceithre huaire in aghaidh na seachtaine, ar dheich gcóipéice fichid an laisín. Ba í a chosúlacht a tharraing mo shúil ar mo dhuine an chéad uair. Fear seang mílítheach a bhí ann, ach ní raibh sé thar cúig bliana déag is fiche d'aois, an fear beag díomasach seo. B'fhearr leis riamh éadaí glana a chur air, éadaí ba mhó a shamhlófá le hIarthar na hEorpa ná leis an Rúis s'againn. An té a bhuailfeadh bleid air, d'ardódh mo dhuine a shúile go furchaidh faichilleach ina araicis, mar a bheifí ag iarraidh fuascailt fichille nó scaoileadh rúin a bhaint as. I ndeireadh na dála, d'fhreagraíodh sé go gonta giorraisc, agus é ag meá gach focal dá labhródh sé chomh cúramach is gur chuir sé míchompord ort, agus tú i bpianpháis ag fanúint le deireadh an chomhrá. Chuir mé ansin a sheanchas ar Ivan Ivanovich, agus fuair mé le cloisteáil gur duine dea-mhúinte ardbhéasach gan locht gan smál a bhí ann, ó thaobh an chineál saoil a bhí aige; nó ní bheadh Íobhán Íobhánoivits sásta an fear seo a bheith ag múineadh scoile dá chuid nighneach, dá mbeadh a mhalairt fíor. Chuala mé uaidh, fosta, gur éan corr a bhí ann a sheachnaíodh comhluadar na ndaoine eile; gur duine thar a bheith léannta a bhí ann, agus é ag léamh na scórtha leabhar; gur duine a bhí ann nach labhraíodh mórán, agus é chomh ciúin, chomh tostach is go rachadh sé rite le haon duine mórán thar an leathfhocal a bhaint as. Na daoine eile a cheistigh mé, bhí siad géarbharúlach gur gealt a bhí ann, siúd is nach raibh an duáilce áirithe seo ag cur isteach orthu ar aon dóigh ar leith. Bhí a lán de na daoine ba mheasúla amuigh sásta a bhféile a riar ar Aleksandr Petrovich, nó is amhlaidh gur fear úsáideach a bhí ann le litreacha molta agus a leithéid a scríobh. Bhíothas ag déanamh go raibh gaolta uaisle aige thiar sa Rúis, ach ba léir go raibh sé, agus é ina phríosúnach daorbhroide go fóill, i ndiaidh éirí as cibé caidreamh a bhíodh aige lena mhuintir. Fear a bhí ann, mar sin, nach n-aithneodh a leas féin. Thairis sion, bhí a fhios ag cách scéal a bheatha is a bhreithe: ní raibh sé bliain pósta ar a mhnaoi chéile nuair a mharaigh sé í le teann éada, agus ansin chuir sé féin in iúl do na húdaráis gurbh eisean a rinne an choir. Bhain an admháil seo a lán blianta den téarma príosúnachta a bhí dlíte dó ar son an ainghnímh. Is gnách glacadh leis an chineál seo dúnmharuithe mar ábhar bróin gan aon duine a mhilleánú mórán, agus is trua le cách an coirpeoir féin. Ina dhiaidh sin féin, sheachnaíodh mo dhuine cuideachta an tsaoil mhóir, agus b'fhearr leis gan dul i bhfianaise na ndaoine eile ach lena chuid ceachtanna a thabhairt uaidh.
Ar dtús, ba chuma liom faoi, a bheag nó a mhór, ach de réir a chéile, níl a fhios agam cad chuige, tháinig spéis agam ann. Bhí sé ag dul díom aon chiall nó tuiscint cheart a bhaint as an bhfear seo. Ní raibh lá áiméir agam é a bhréagadh chun comhrá liom. Ar ndóighe, agus tú ag cur ceist air, shílfeá gur ghlac sé leis mar phríomhdhualgas a shaoil freagra a thabhairt chomh réidh is a thiocfadh leis; ach má rinne mé iarracht tuilleadh cainte a fháscadh as mo dhuine i ndiaidh na bhfreagraí seo, tháinig gnúis na fulaingthe is na tuirse ar a cheannaithe. Is cuimhin liom oíche iontach álainn shamhraidh agus an bheirt againn ag fágáilt theach Ivan Ivanovich in éineacht. I dtoibinne, rith liom é a iarraidh isteach chugam féin le toitín a chaitheamh. Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an scanradh a d'aithin mé ar a aghaidh ansin. Rinneadh stangaire de, agus thosaigh sé ag monabhar focla scartha nach raibh ag teacht le chéile ar aon nós, agus ansin, i ndiaidh dó súil fheargach a chaitheamh ormsa, abhae go deo leis i malairt treo ar fad. Fuair mé mé féin faoi dhubhiontas. Ón uair sin i leith, agus é ag castáil ormsa, ba nós leis bheith ag stánú is ag starógacht orm agus cuma cineál sceimhlithe air. Níor ghéill mé féin, áfach; mhothaigh mé go raibh mo dhuine do mo tharraingt ina leith in ainneoin an bheirt againn; agus i ndiaidh aon mhíosa amháin, chuaigh mé i mo dheoin i bhfianaise Gorianchikov. Is léir go raibh mé do m'iompar go tútach mímhúinte. Bhí cónaí ar an bhfear seo ar imeall na cathrach i dteach seanmhná de phór na mbuirgéiseach, a raibh iníon aici, agus í ag éileamh le créachta. Bhí leanbh tabhartha ag an iníon seo féin, cailín a bhí thart ar dheich mbliana d'aois. Leanbh álainn cineálta a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach, bhí Aleksandr Petrovich ag múineadh léitheoireacht don pháiste seo. Agus é ag fáil radhairc ormsa, tháinig a leithéid de náire air is go sílfeá gur i mbun míghnímh nó coire a bhí sé. Rinneadh stangaire de mo dhuine ar fad, sheas sé suas óna chathaoir agus sháigh sé orm a raibh de shúile ina cheann. Shuigh muid síos sa deireadh, ach d'fhan sé ag coinneáil diansúil orm, mar a bheadh sé in amhras go raibh plean éigin glactha agam lena chabhóg a dhéanamh. Thuig mé go raibh sé chomh drochamhrasach is nach raibh mórán idir é agus deargmhire. Mhair sé ag amharc go fuafar orm, agus é ag tabhairt in amhail a rá liom gur chóir domh greadadh liom anois. Labhair mé liom, agus mé ag trácht ar nuacht na háite, ach má labhair féin, is beag freagra a bhain mé as mo chéile comhrá ach amháin gur tháinig meangadh feargach draothgháire air. Tuigeadh dom go raibh sé aineolach ar fad ar an ngnáthshaol sa chathair ina thimpeall - gur chuma leis sa diabhal faoi, fiú. Ansin, tharraing mé orm cúrsaí na mbólaí ina raibh an áit suite, agus na rudaí a bhí de dhíth le saol a dhéanamh ansin. D'éist sé liom ina thost ar fad, agus an dóigh a raibh sé ag dearcadh orm tháinig náire agus aiféaltas orm gur labhair mé amach an chéad uair riamh. Le haisfhreagra éigin a bhréagadh ó mo dhuine, rith liom na hirisí agus na leabhartha a thairiscint dó a bhí mé a iompar liom ó oifig an phoist: bhí siad ar fad chomh húr is nach ndearna mé féin oiread is na leathanaigh a scaradh ó chéile go fóill. Ba bheag nár chuir an cineál seo flaithiúlachta fearg ar mo dhuine. Chaith sé súil chíocrach ar na leabhartha, ach tháinig sé chuige féin ansin, agus dhiúltaigh sé don tairiscint, siocair is nach raibh am saor aige. Sa deireadh thiar thall, d'fhág mé slán is beannacht ag mo dhuine, agus ag tréigean na háite dom, mhothaigh mé ualach trom ag titim de mo chroí. Ba náir liom an scéal ar fad ina dhiaidh, nó i ndiaidh an iomláin b'amaideach is ba drochmhúinte an mhaise dom a bheith ag cur isteach ar dhuine a bhí chomh meáite leis an bhfear seo ar é féin a choinneáil ceilte ar an saol mór. Ach anois, bhí an mordadh déanta agam, agus an giorria ina shuí. Is cuimhin liom nach minic a chonaic mé leabhar aige, rud a tháinig crosach ar an ngnáthchaint a luaigh léitheoireacht leis. Mar sin féin, an cupla uair a tharla mé ag dul thart lena áit chónaithe in antráth na hoíche, chuir mé sonrú ann go raibh lampa lasta ag soilsiú istigh aige i gcónaí. Cad é a bhí sé a dhéanamh ansin, agus é ag déanamh airneán aonair go teacht an lae? An ag breacadh síos scríbhinní a bhí sé? Agus má b'ea, cad é an cineál rudaí a bhí á scríobh aige?
Tharla go raibh gnó le socrú agam in áit eile, b'éigean dom an chathair s'againn a fhágáil ar feadh thréimhse cupla mí. Nuair a tháinig mé ar ais, agus an geimhreadh ann, fuair mé tásc mo dhuine in ainriocht a thuairisce. Ina aonar a shíothlaigh sé, agus níor bhac sé le cur fá choinne an dochtúra. Bhí sé leath ligthe i ndearmad ag muintir na háite cheana féin. Bhí a árasán tréigthe ar fad. Ní raibh aon mhoill orm aithne a fháil ar bhean an tí, nó theastaigh uaim seanchas an mharbháin a chur, nó fáil amach fá dtaobh de, ar aon nós: cad é a bhíodh idir lámhaibh ag an tionónta, cén cineál scríbhneoireachta a bhí i gceist? D'íoc mé sciúrtóg airgid leis an tseanmhnaoi le theacht i seilbh oidhreacht a tionónta, is é sin, a chuid scríbhinní. D'admhaigh an chailleach gur chlis uirthi teacht trasna ar dhá cheann de na leabhráin nótaí a bhí ann ar dtús. Bean dhuairc thostach a bhí ann nach raibh mórán eolais inbhainte aisti. Ní raibh sí ábalta ach beagáinín a rá i dtaoibh a tionónta, thar a raibh cluinte agam ó fhaisnéiseoirí eile roimhe sin. Dar léi, chaitheadh an tionónta na míosa fada díomhaoin ar fad, gan leabhar a oscailt amach ná breith ar pheann. Nuair a bhuaileadh an tallann é, áfach, d'fhéadfadh sé na hoícheanta a chur de ag dul ó cheann ceann an tseomra i mbun a mhachnaimh, nó fiú ag caint leis féin. Thairis sin, bhí grá aige don chailín bheag, gariníon na caillí, go háirithe ó chuala sé gurb é Cáit ab ainm daoithi. Níor imigh bliain nach ndeachaigh mo dhuine ar aifreann le Féile Naomh Caitríona a cheiliúradh. Ní raibh cuideachta ná cuairteoirí ag teastáil uaidh, agus ní fhágadh sé an baile ach le scoil a fhoghlaim do na páistí. Bhí sé cineál míshásta, fiú, leis an dóigh a dtagadh sí féin, bean an tí, isteach chuige uair in aghaidh na seachtaine leis an áit a scuabadh glan. Siúd is gur chaith sé trí bliana ar aíocht ag an tseanmhnaoi, ní labhraíodh sé léi ach an-chorruair. Chuir mé ceist ar Cháit bheag, ar chuimhin léi a múinteoir. Stán sí orm gan gíocs ná míocs a ligean aisti, thug sí a droim liom agus thosaigh sí ag caoineadh. Dhealraigh sé go raibh an fear sin in ann grá a mhealladh ó aon chroí amháin ar a laghad.
Thug mé liom a chuid páipéar agus chaith mé lá iomlán ag cur ord is eagar orthu. Trí cinn as gach ceathrar, ní raibh ann ach truflais, ar nós ceachtanna scoile nó nótaí sealadacha eile; ach bhí leabhrán amháin ann, ceann sách mór, agus é á chur thar maoil le mionscríbhneoireacht. Ní tháinig mo dhuine go bun an leabhráin riamh: gach seans gur éirigh sé as an obair roimh a críochnú nó gur lig sé i ndearmad í. Cur síos a bhí ann, nó díolaim de chuimhní cinn fánacha, b'fhéidir, ar bhlianta a bhraighdeanais, an deich mbliana a chaith sé i ngeimhle. Uaireanta, thagadh athrach scéil i leaba na nótaí seo, áfach: scéal aisteach, uafásach fiú, a bhí breactha síos anseo agus ansiúd, mar a bheadh mo dhuine á scríobh ina ainneoin féin, agus tallann mire nó racht gealtachta ag luí air - sin é an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm orm, ar a laghad, agus iad léite agam cupla uair. Maidir leis na cuimhní cinn ó laethanta na daorbhroide, Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh' mar a bhaist sé féin orthu in áit éigin den lámhscríbhinn, ba dóigh liom go raibh díol suime iontu agus gurbh fhiú iad a chur faoi bhráid an léitheora. Saol úr anaithnid a bhí ann, agus bhí draíocht orm agus mé ag teacht isteach ar thoscaí aisteacha an tsaoil áirithe sin, i gcruth is gur léigh mé féin cuid mhaith de le fiosracht mhór. Is féidir nach bhfuil an ceart agam. Leis an scéal a chur in aithne daoibh, roghnaím cupla caibidil ar dtús...

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Rúisis: Николаевское инженерное училище (Nikolajevskoje inzhenernoe uchilishche).
  2. Notes from the Underground Coradella Collegita Bookshelf edition, About the Author.
  3. Mikhail Pyetrashevsky, fear páirte Charles Fourier (sóisialaí útóipeach Francach) a bhunaigh é. Bhí scríbhneoirí, múinteoirí, mic léinn, mionstátseirbhísigh agus oifigigh ina mbaill de. Chruinnídís le chéile chun fealsúnacht Iartharach (go háirithe saothar Hegel) agus litríocht choiscthe a phlé. Bhí eagla ar an Sár Nioclás I go spreagfadh a leithéid de bhaicle rúnda réabhlóid agus ré shuaite ann san Eoraip ag an am. Féach Bannour, Wanda, Les Nihilistes russes, Aubier Montaigne, Paris, 1974, agus Дулов А. В. (Dulov, A.V.), Петрашевцы в Сибири (Pyetrashevtsy v Sibiri), Иркутск: Изд-во Иркутского ун-та, 1996.
  4. Военный суд находит подсудимого Достоевского виновным в том, что он, получив в марте сего года из Москвы от дворянина Плещеева… копию с преступного письма литератора Белинского, — читал это письмо в собраниях: сначала у подсудимого Дурова, потом у подсудимого Петрашевского. "Струна в тумане" Игорь Золотусский. Струна в тумане. (Igor Zolotussky. Struna v tumanye.)
  5. Frank 1987, lgh 124–27.
  6. Scanlan, James P.. Dostoyevsky the Thinker, Ithaca: Cornell University Press, 2002. xiii, lch 251
  7. Dostoyevsky's View of Evil Athchló ó In Communion, Aibreán 1998.
  8. F. M. Dostoyevsky. Collection of works in 15 volumes, imleabhar 11, 1993, Nauka, Leningrad, lgh 361–365.
  9. Aleksandr Bondarenko, Fyodor Dostoyevsky, Russia Today (RT), http://russiapedia.rt.com/prominent-russians/literature/fyodor-dostoevsky/Léadh ar 8 Lúnasa 2011
  10. http://az.lib.ru/d/dostoewskij_f_m/text_0470.shtml Ф. М. Достоевский, «Дневник писателя». 1873 год. Глава XI. «Мечты и грезы» (Mechty i grozy – Brionglóidí agus aislingí)]
  11. Frank, Joseph. "Foreword" lch xiv. in Goldstein, David I. Dostoevsky and the Jews, University of Texas Press, 1981. ISBN 0-292-71528-5
  12. Л.Гроссман (L. Grossman) «Исповедь одного еврея» (Ispoved’ odnovo evreya – Admháil Giúdaigh amháin) и «Достоевский и иудаизм» (Dostoyevskii i iudaizm – Dostoyevesky agus an Giúdachas) в библиотеке Imwerden
  13. Cassedy, Steven. Dostoevsky's Religion, Stanford University Press, 2005, lgh 67-80. ISBN 0-8047-5137-4

Naisc sheachtracha (i Rúisis)[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha (i mBéarla)[athraigh | edit source]