William Shakespeare

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
William Shakespeare
Shakespeare.jpg
Saol
Eolas breithe Stratford-upon-Avon agus Stratford-upon-Avon, Aibreán 1564
Náisiúntacht Ríocht Shasana
An Ríocht Aontaithe
Áit chónaithe Stratford-upon-Avon
Grúpa eitneach Sasanaigh
Teanga dhúchais Béarla na Breataine
Bás Stratford-upon-Avon, Aibreán 23, 1616 (Julian)
Áit adhlactha Holy Trinity Church (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (fiabhras)
Muintir
Athair John Shakespeare
Máthair Mary Shakespeare
Céile/Céilí Anne Hathaway (en) Aistrigh  (Nollaig 7, 1582 (Julian) -  Aibreán 23, 1616 (Julian))
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater King Edward VI School, Stratford-upon-Avon (en) Aistrigh
Teangacha Béarla na Breataine
Gairm
Gairm drámadóir, file, aisteoir stáitse, scríbhneoir, aisteoir agus comhairleoir amharclainne
Saothar iomráiteach Hamlet (en) Aistrigh
Romeo and Juliet (en) Aistrigh
As You Like It (en) Aistrigh
Macbeth
A Midsummer Night's Dream (en) Aistrigh
soinéid Shakespeare
The Taming of the Shrew (en) Aistrigh
The Two Gentlemen of Verona (en) Aistrigh
King John (en) Aistrigh
Richard II (en) Aistrigh
Henry IV, Part 1 (en) Aistrigh
Henry IV, Part 2 (en) Aistrigh
Henry V (en) Aistrigh
Henry VI, Part 1 (en) Aistrigh
Henry VI, Part 2 (en) Aistrigh
Henry VI, Part 3 (en) Aistrigh
Richard III
Henry VIII (en) Aistrigh
Love's Labour's Lost (en) Aistrigh
The Merchant of Venice (en) Aistrigh
Much Ado About Nothing (en) Aistrigh
The Merry Wives of Windsor (en) Aistrigh
Twelfth Night (en) Aistrigh
All's Well That Ends Well (en) Aistrigh
Measure for Measure (en) Aistrigh
Titus Andronicus (en) Aistrigh
Julius Caesar (en) Aistrigh
Othello (en) Aistrigh
An Rí Lir
Antony and Cleopatra (en) Aistrigh
Coriolanus (en) Aistrigh
Timon of Athens (en) Aistrigh
Troilus and Cressida (en) Aistrigh
Cymbeline (en) Aistrigh
The Winter's Tale (en) Aistrigh
Pericles, Prince of Tyre (en) Aistrigh
The Tempest (en) Aistrigh
The Two Noble Kinsmen (en) Aistrigh
The Comedy of Errors (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Plautus (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne English Renaissance theatre (en) Aistrigh
IMDb nm0000636
William Shakespeare Signature.svg

Aontaíonn mórchuid na staraithe gur duine amháin a bhí i William Shakespeare (baisteadh 26 Aibreán, 156423 Aibreán, 1616) - aisteoir, drámadóir agus file - agus tá go leor fianaise stairiúla ag cur leis an mbarúil sin.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Shakespeare i mbaile Stratford-upon-Avon, i Sasana i mí an Aibreáin 1564, mac le John Shakespeare, déantóir miotóg, agus a bhean Mary Arden. Tá sé scríofa ar a theastas breithe gur baisteadh é ar an séú lá fichead de mhí an Aibreáin an bhliain sin. Tá fhios againn nach mbíodh leanaí thar chúpla lá d'aois nuair a bhaistí iad, agus shocraigh na staraithe ar an tríú lá fichead mar a lá breithe. Tá sé áisiúil an dáta sin a roghnú - fuair sé bás ar an lá sin sa bhliain 1616 – agus fosta tá sé fóirsteanach do b’fhéidir an drámadóir ab fhearr a bhí riamh ag Sasana, nó is sin lá Fhéile Seoirse, Naomh-Phátrún Shasana.

Cuireadh an dlí ar athair Shakespeare, a bhí rachmasach nuair a tháinig William ar an saol, as ucht bheith páirteach i margadh dubh na holla, agus cuireadh an ruaig air as a phost mar sheanóir baile. Tá fianaise ann go raibh dáimh ag dhá thaobh an teaghlaigh leis an Chaitliceachas.

Mar mhac oifigigh iomráitigh baile, is dócha gur fhreastail William Shakespeare ar scoil ghramadaí Stratford, áit ar cuireadh oideachas tréan ar fail i ngramadach na Laidine agus sa Litríocht. Níl fianaise ar bith le fáil go bhfuair sé scolaíocht rialta ar bith thar seo.

Phós Shakespeare Anne Hathaway, a bhí ocht mbliana níos sine ná é, ar an ochtú lá fichead de Shamhain 1582 ag Temple Grafton in aice le Stratford. Ba bheirt chomharsana de chuid Anne, Fulk Sanders agus John Richards, a chuaigh i mbannaí orthu nach raibh toirmeasc phósta ar bith orthu. Má d’eagraigh siad an bhainis faoi dheifir, bhí gá leis mar go raibh Anne ag iompar clainne le trí mhí. Tar éis a phósta is beag rian a d’fhág William Shakespeare ar leabhar na staire gur nocht sé arís i saol liteartha Londan.

Traigéide: Romeo & Juliet

Ar an séú lá fichead de Bhealtaine, 1583 baisteadh an chéad duine clainne, Susanna i Stratford. Baisteadh mac, Hamnet, agus iníon, Judith, ar an dara lá de mhí Feabhra 1585. Sa bhliain 1592, bhí oiread cáile tuillte ag Shakespeare gur mhaslaigh Robert Greene é go poiblí mar “an upstart crow, beautified with our feathers, that with his Tygers hart wrapt in a Players hide supposes he is as well able to bombast out a blanke verse as the best of you: and beeing an absolute Johannes factotum, is in his owne conceit the onely Shake-scene in a countrey.” ( Is scigaithris atá ar súil anseo aige leis an líne “Oh, Tiger’s heart wrapped in a woman’s hide” ar bhain Shakespeare úsáid as sa dráma Henry VI, cuid a 3).

Sa bhliain 1596 fuair Hamnet bás agus cuireadh ar an aonú lá déag de Lúnasa na bliana sin é. De bharr na gcosúlachtaí idir na hainmneacha, deirtear gur seo a spreag Shakespeare le ‘The Tragical History of Hamlet the Prince of Denmark’ a scríobh. Sa bhliain 1598 bhí Shakespeare ina chónaí i bparóiste St. Helen’s Bishopsgate, agus tá a ainm le fáil ar bharr liosta aisteoirí a léirigh an dráma ‘Every man in his Humour’, a scríobh mórdhrámadóir eile na linne sin, Ben Jonson.

Faoin am seo ba dhrámadóir, scríbhneoir agus aisteoir é agus sciar aige i gcomplacht drámaíochta ar a dtugtaí The Lord Chamberlain’s Men a bhí ainmnithe as a n-urra uasal, an Tiarna Chamberlain é féin. Bhí an oiread sin cáile agus measa ar an chomhlacht tar éis bhás Éilís I gurbh é an Rí úr é féin, Séamas I, a rinne urraíocht orthu agus ghlac siad ainm úr, ‘The King’s Men’.

D’fhoilsigh Shakespeare na soinéid sa bhliain 1609. Is dánta grá an mhórchuid acu ina ndéantar ceiliúradh ar chumainn agus tá siad breac le leath-thagairtí homaighnéasacha chuig fear óg (fair lord). Scríobhadh tuilleadh acu do bhean dhorcha, ‘dark lady’.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh Shakespeare as an scríbhneoireacht sa bhliain 1611, agus fuair sé bás ar an tríú lá fichead de mhí Aibreáin 1616. Bhí sé pósta ar Anne go lá a bháis agus d’fhág sé beirt iníonacha, Susanna agus Judith, ina dhiaidh.

Tá uaigh Shakespeare le feiceáil i Séipéal na Tríonóide Naofa i Stratford-on-Avon agus an feartlaoi cáiliúil seo greanta air a thuama:

Good friend, for Jesus’ sake forbear,
To dig the dust enclosed here.
Blest be the man who spares these stones,
But cursed be he that moves my bones.

Tá ráflaí ann a deir go bhfuil tuilleadh ábhair a scríobh Shakespeare sa tuama leis, ach an rabhadh i ndáiríre atá i bhfocail an fheartlaoi nó píosa grinn dhrámatúil ó shárdhrámadóir?

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Traigéide: Hamlet

Coiméidí

  • The Tempest
  • The Two Gentlemen of Verona
  • The Merry Wives of Windsor
  • Measure for Measure
  • The Comedy of Errors
  • Much Ado About Nothing
  • Love's Labour's Lost
  • A Midsummer Night's Dream
  • The Merchant of Venice
  • As You Like It
  • Taming of the Shrew
  • All's Well That Ends Well
  • Twelfth Night or What You Will
  • The Winter's Tale
  • Pericles, Prince of Tyre
  • The Two Noble Kinsmen
  • Cymbeline
 

Startha

  • King John
  • Richard II
  • Henry IV, part 1
  • Henry IV, part 2
  • Henry V
  • Henry VI, part 1
  • Henry VI, part 2
  • Henry VI, part 3
  • Richard III
  • Henry VIII
 

Traigéidí

  • Romeo & Juliet
  • Coriolanus
  • Titus Andronicus
  • Timon of Athens
  • Julius Caesar
  • Macbeth
  • Hamlet
  • Troilus and Cressida
  • King Lear
  • Othello
  • Antony and Cleopatra

Dánta

  • Shakespeare's Sonnets
  • Venus and Adonis
  • The Rape of Lucrece
  • The Passionate Pilgrim
  • The Phoenix and the Turtle
  • A Lover's Complaint
 

Drámaí caillte

  • Love's Labour's Won
  • Cardenio
 

Apacrafa

  • Edmund Ironside (dráma)
  • Edward III
  • Sir Thomas More
  • Arden of Faversham