Drámaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amharclann i Chicago. Ligeann cruth an dín don fhuaim dul timpeall na hamharclainne.
Maisc amharclainne grinn agus tragóide, deilbhín traidisiúnta drámaíochta.

Saothar a chur i láthair beo in amharclann nó i spás poiblí eile atá sa drámaíocht (nó dráma). Tá sí ar cheann de na foirmeacha is ársa sa litríocht. Samhlaítear tús na drámaíochta, mar a aithnítear anois í, leis an tSean-Ghréig agus chuireadh Eoiripidéas, Sofaicléas agus na drámadóirí Gréagacha eile drámaí ar siúl os comhair an phobail na mílte bliain ó shin.

Tagann an focal dráma ón tSean-Ghréigis δρᾶμα a ciallaíonn sé "gníomh".

Ar William Shakespeare a chuimhníonn go leor daoine nuair a luaitear an drámaíocht. Cé gur mhair sé sa 16ú haois, cuirtear a chuid drámaí i láthair go rialta ar fud an domhain go fóill.

Féach freisin ar[cuir in eagar | athraigh foinse]