Eoiripidéas
| Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Εὐριπίδης |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 485 "RCh" ↔ 480 "RCh" Salamas, An Ghréig |
| Bás | 407 "RCh" ↔ 405 "RCh" 64/83 bliana d'aois Pella, An Ghréig |
| Áit adhlactha | Cenotaph of Euripides, Athens (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Drámaíocht, filíocht agus fealsúnacht |
| Gairm | údar traigéidí, file, scríbhneoir, drámadóir, fealsamh |
| Seánra | Traigéide Ghréagach |
| Teangacha | An tSean-Ghréigis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Páiste | Eoiripidéas Óg |
| Athair | Mnesarchus agus Cleito |
Údar traigéidí de chuid na hAithne clasaicí a bhí in Eoiripidéas (Sean-Ghréigis: Eŭριπίδης Mνησαρίδου Φλυες, Eurīpídēs Mnēsarchídou Phlyeús). In éineacht le hAescaileas agus Sofaicléas, tá sé ar cheann de na trí údar traigéidí Sean-Ghréagacha ar tháinig aon dráma óna bpeann slán go hiomlán. Chuir roinnt scoláirí ársa nócha is cúig dráma ina leith, ach deir an tSouda nach raibh ach nócha is a dó ar a mhéad ann. Díobh seo, tháinig ocht nó naoi déag slán don lá atá inniu ann, ina n-iomláine a bheag nó a mhór (tá amhras ann faoi Rhesus).[1] Tá go leor blúirí (cuid acu substaintiúil) ann den chuid is mó dá dhrámaí eile. Tá níos mó dá chuid drámaí slánaithe ná mar a tháinig ó Aeschylus agus Sophocles le chéile, i bpáirt toisc gur mhéadaigh an tóir a bhí air de réir mar a tháinig laghdú ar a gcuid siúd[2][3] — bhí sé, san Aois Heilléanaíoch, ina bhunchloch d'oideachas liteartha ársa, chomh maith le Hóiméar, Déamastainéas, agus Meineándar.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Walton (1997, viii, xix)
- ↑ B. Knox,'Euripides' in The Cambridge History of Classical Literature I: Greek Literature, P. Easterling and B. Knox (ed.s), Cambridge University Press (1985), p. 316
- ↑ Moses Hadas, Ten Plays by Euripides, Bantam Classic (2006), Introduction, p. ix
- ↑ L.P.E.Parker, Euripides: Alcestis, Oxford University Press (2007), Introduction p. lx