Drámaíocht na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Níor fhréamhaigh traidisiún ceart drámaíochta sa Ghaeilge riamh roimh an 19ú haois, cé go raibh an litríocht, an scéalaíocht agus an ceol thar a bheith bríomhar in Éirinn ó thús. Is éard ba chúis leis an easpa sin, b'fhéidir, nach mbíodh drámaí reiligúnda á léiriú i nGaeilge mar a bhíodh i dteangacha eile sna meánaoiseanna, go háirithe sna bailte móra. Ní hé nach raibh Gaeilge á labhairt sna bailte céanna, ach ba láidre amuigh faoin tuath í, agus modhanna inste eile á n-úsáid ag an gcultúr chun é féin a chur in iúl.

Deirtear gur féidir sean-dánta áirithe a áireamh mar dhrámaí toisc iad a bheith ina gcomhrá beirte; sampla díobh sin is ea an tAgallamh idir Fiontán agus Seabhac Acla, dán a breacadh síos san 14ú haois. "Inis dúinn ábhar d’eachtra," a deir Fiontán agus freagraíonn an Seabhac go binn é. Ach is léir gur dán drámata atá i gceist anseo seachas dráma ceart.

Ba mhinic tréithe drámata ag baint leis na cluichí tórraimh—Éisteacht Faoistine, abair, nó Na Táilliúirí. Daoine ag aithris ar dhaoine eile, daoine ag déanamh páirt sagairt agus mar sin de—cluichí a ligfeadh duit cuma shamhlaíoch a chur ar an saol, ach nár fáisceadh drámaí cearta astu.

an dráma Gorboduc sa bhliain 1601 sa Halla Mór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Tús traidisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Éire gan traidisiún ceart drámaíochta, mar sin féin, fiú más i dteanga eile é. Dealraíonn sé go raibh drámaí den saghas a luadh thuas á léiriú i mBéarla i mbailte móra na hÉireann chomh fada siar leis an 14ú haois, agus tá tuairisc againn ar léiriú an dráma Gorboduc sa bhliain 1601 sa Halla Mór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chuir seo cor nua san fhaisean agus ar feadh tríocha éigin bliain ina dhiaidh sin ba mhinic drámaí á léiriú i dtithe móra ar fud na hÉireann.

Dubhghlas de hÍde, timpeall na bliana 1912.

Nuair a tháinig na Stíobhartaigh i réim arís i Sasana sa bhliain 1661 tháinig beocht úr sa drámaíocht i mBaile Átha Cliath: cuireadh amharclann nua ar bun ann (Smock Alley), ceann a mhair chomh fada le tús an 19ú haois, nuair a tháinig amharclanna eile ar an bhfód.

Na chéad drámaí Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh an 19ú haois bhí fuinneamh nua ag teacht sa Ghaeilge, rud a d'fhág a rian ar an drámaíocht. Chuir Conradh na Gaeilge roimhe an teanga a chur in oiriúint don saol nua, agus tháinig iarraidh ar aon rud a scríobhadh i nGaeilge. Sa bhliain 1895 d’aistrigh Seán Ó Neachtain an dráma An Cailín Bán (le Dion Boucicault), agus gan ann ach tús oibre.

Ar an 21 Deireadh Fómhair 1901, léiriodh an chéad dráma riamh as Gaeilge  ar stáitse i mBÁC, dráma "Casadh an tSúgáin" sa Gaiety, le Dubhghlas de hÍde. Is beag duine ab oilte ar an gceird nua ná Dubhghlas de hÍde, gníomhaí, scríbhneoir agus béaloideasóir. Tháinig a lán drámaí óna lámhsan agus "Casadh an tSúgáin" ar an gceann ba shuntasaí acu, scéal a tarraingíodh as an mbéaloideas.


Drámaí simplí ba ea a leithéidí agus an chuid ab fhearr acu greannmhar agus blasta. Sampla maith is ea Eachtra na mBróg, dráma le Seeán Ó Caola (a litriú féin) a foilsíodh sa bhliain 1918. Tugann lánúin, agus iad i riocht mná feasa, cor in aghaidh an chaim do bheirt bhithiúnach, agus fíorbhlas na Gaeltachta ar an gcaint go léir.

An Chéad Bhithiúnach: [Agus iontas air.] Cé hé tusa, in ainm na haimléise?

Bean an Tí: Aibhlís na gCloch a thugann daoine orm.

An Chéad Bhithiúnach: Agus cén bhadhb mhór sin atá i d'fhochair?

Bean an Tí: Siúd í mo chompánach bóthair. Ach dá bhoirbeacht í do chaint, deirim arís libh gur ádhmharach an bheirt sibh, gur ádhmharach an bheirt sibh.

Peadar Ua Laoghaire

Chuaigh slua scríbhneoirí de gach saghas i mbun pinn ag an am sin. B'fhéidir bolscaireacht a dhéanamh trí dhrámaí den saghas seo, mar a rinneadh in An Deoraidhe, dráma i n-aghaidh imtheachda thar sáile (Lorcán Ua Tuathail, 1906); deir bean a chaith tamall i Meiriceá agus í ag caint faoin scéal thall "go bhfuil níos mó daoine as Éirinn sna tithe déirce ná mar atá as chuile thír eile sa domhan, dá gcuirfí le chéile ar fad iad!"

Sa bhliain 1900 scríobh an Athair Peadar Ó Laoghaire an dráma Tadhg Saor. Léirigh Craobh an Pharóiste Thuaidh de Chonradh na Gaeilge Tadhg Saor i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902 (tá cuntas ag Éamonn an Chnoic, nó Éamonn Ó Donnchadha, ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902)[1].

1910-1940idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1913 bhunaigh Piaras Béaslaí Na hAisteoirí, compántas a bhíodh ag obair i mBaile Átha Cliath agus i nGaeltacht na Mumhan, agus ba é Béaslaí féin a scríobh agus a léirigh cuid mhaith de na drámaí. Bhí baint aige freisin leis an gComhar Drámaíochta, dream a tháinig ann sa bhliain 1923 agus a léirigh neart drámaí ar feadh scór blianta. Sa bhliain 1942 chuaigh Amharclann na Mainistreach i mbun oibre thar ceann an Chomhair, agus drámaí Gaeilge á léiriú go tráthrialta aici, cé gurbh annamh dráma fada le feiceáil ann. Athbhunaíodh Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1939 tar éis dó a bheith díbheo le tamall, agus bhí sé ag cothú na drámaíochta le comórtais as sin amach. Níos faide anonn bhí eagraíochtaí eile, mar atá Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eile, ag cuidiú leis an obair chomh maith.

Piaras Béaslaí

Sa bhliain 1928 bhunaigh Séamas Ó Beirn Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann a bhí dlite do dhrámaí Gaeilge agus a fuair maoiniú ón stát chuige. Is ann ba thúisce a léiríodh Diarmuid agus Gráinne, dráma cáiliúil le Mícheál Mac Liammóir, aisteoir, léiritheoir agus scríbhneoir a bhí ar an lucht drámaíochta ba nótálta in Éirinn. Bhí sé féin agus a pháirtí Hilton Edwards i mbun Amharclann an Gheata (Gate Theatre) i mBaile Átha Cliath freisin, áit a bunaíodh sa bhliain 1928 agus blas Eorpach ar a cuid léirithe.

1950—2000idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na céadta dráma scríofa anois i nGaeilge agus cinn nua á scríobh i gcónaí. Bhí aistriúcháin á ndéanamh ó thús agus cuid acu ar fheabhas. Is liosta le lua iad na daoine go léir a chum drámaí ar feadh na mblianta, cé nach foláir tagairt a dhéanamh do Shéamas Ó Néill, do Chríostóir Ó Floinn agus do Mhairéad Ní Ghráda i measc a lán eile.

Ó Floinn a scríobh Cóta Bán Chríost (1968), dráma a tharraing aird agus conspóid—cailín cráifeach taghdach diamhair (Máire) a iarrann ar shagart (an tAthair Iúd) a bheith ina athair ag a leanbh. Tugtar le fios gurb í Muire féin í, ach imíonn sí faoi dheireadh: “A Iúid, a chroí istigh, más fíor go mbíonn an imirt sin eatarthu, is cárta mise a ghoid an diabhal ó Dhia, nó Dia ón Diabhal…”.

An Giall le Breandán Ó Beacháin (Brendan Behan)

Dráma corraitheach frithnádúraíoch eispriseanaíoch ba ea An Triail (1964), ó lámh Ní Ghráda: cailín a bheireann leanbh gréine agus a mharaíonn í. “Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Ach tá m’iníon saor”. Siobhán Ní Shúilleabháin a scríobh Cití (1975), dráma cráite filiúnta greannmhar faoi chailín óg ón nGaeltacht (ar nós Ní Shúilleabháin féin tráth) agus fonn uirthi imeacht:

"Tá an ghráin agam ar an áit seo. Ó bhíos an airde sin níl uaim ach í fhágaint. Tá mo dhrifiúracha agus mo dhriotháracha go léir imithe romh aisti agus mo chairde. Níl faic anso ach fiántas agus follús agus uaigneas. Chíonn tusa an áit seo anois agus an pictiúir inti agus rírá agus cuileachta inti. Mar a gcéanna a bhíonn sa tsamhradh nuair a thagann na cuairteoirí. Ach chonacsa sa gheimhreadh í, geimhreadh ar gheimhreadh, sochraid ar shochraid".

Pósann sí, tagann an chlann, tá sí gafa. Imíonn sí faoi dheireadh. Tá nádúrthacht agus beocht i gcaint Ní Shúilleabháin atá ar iarraidh i saothar a leithéidí eile.

Ní foláir Amharclann an Damer a lua, áit a raibh léirithe proifisiúnta agus amaitéaracha le feiceáil i nGaeilge ó na caogaidí amach.

Amharclann Ghaeilge ab ea An Damer a bhí suite sa Halla Damer, ar Fhaiche Stiabhna

Amharclann Ghaeilge ab ea An Damer a bhí suite sa Halla Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer agus a stiúir é ó 1955 go dtí 1976.[2]

Le linn an ama sin, bhí An Damer ina chuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair. Chothaigh sé lucht leanúna dílis don amharclannaíocht Ghaeilge trí mheán An Chlub Drámaíochta. Toisc ionad leanúnach a bheith ar fáil, spreag An Damer borradh sa drámaíocht amaitéarach.

Is ann a chéadléiríodh An Giall le Breandán Ó Beacháin. Dúnadh an amharclann sa bhliain 1976. Thar aon rud eile, de bharr an dá eilimint sin a bheith ann, spreagadh scríbhneoirí chun drámaí nua a scríobh.

An scéal mar atá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beocht sa drámaíocht áitiúil i gcónaí agus iarraidh ar an agallamh beirte, rud a d'eascair as an véarsaíocht thraidisiúnta. Is é An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta atá freagrach as drámaí amaitéaracha Gaeilge a chur chun cinn. Is deacair, áfach, drámaíocht ghairmiúil a chothú i nGaeilge; tá an slua féachana róbheag agus ní dhéanann Gaeilge bhlasta aisteoir maith (ná a mhalairt). Tá raidhse complachtaí nua ann chun drámaí Béarla a léiriú, ach is annamh a thagann compántas nua Gaeilge ar an bhfód. Tá an Taidhbhearc féin in ísle brí le tamall anuas. Dá fheabhas iad cuid de na drámaí, ní bhfaigheadh aon cheann acu áit bhuan sa stór idirnáisiúnta.

Gaillimh, baile na Taibhdheirce

Tá sé le feiceáil an dtiocfadh spionnadh nua i ndrámaíocht na Gaeilge de bharr borradh a theacht faoi líon na nGaeilgeoirí sna cathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i nDoire.

Tuar dóchais (nó ábhar suime ar a laghad) is ea Aisling Ghéar, compántas atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a leiríonn drámaí trí Ghaeilge amháin, idir bhundrámaí agus aistriúcháin. Tugtar cúnamh éigin do Bhéarlóirí chun go mbeidís in ann sult as bhaint as a bhfuil ar siúl. B'fhéidir go dtiocfadh a leithéidí eile ar an saol nuair a bheadh slua féachana meánaicmeach le Gaeilge ann den saghas a chothaíonn an drámaíocht i dteangacha eile.

Idir an da linn, níor chaill lucht drámaíochta na Gaeltachta a misneach. Sa bhliain 2009 rinne Aisteoirí Ráth Chairn dhá léiriú den dráma Bairbre Rua ag féilte drámaíochta i Ráth Chairn agus ar an gCeathrú Rua. D'eirigh le Seán Mac Donncha gradam aisteoireachta a bhaint amach ag an bhféile ar an gCeathrú Rua.

amharclann, Gaoth Dobhair

Bíonn Féile Drámaíochta na gColáistí ar siúl gach bliain a mbíonn ábhar nuachumtha, seanbhunaithe, aistriúcháin is eile i gceist leis. Aistríonn an fhéile thart ó choláiste go coláiste nó go hionaid éagsúla gach bliain.

Stairithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Philip O'Leary, Pádraig Ó Siadhail, Nollaig Mac Congáil, Eadaoin Ní Mhuircheartaigh

Léirmheastóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pat Buitléir, Róisín Ni Ghairbhí, Brandy Mac Gearailt, Fiach Mac Conghail, Trevor Ó Clochartaigh, Seán Ó Tarpaigh, Breandán de Lap.

"Ré" in Amharclann Ghaoth Dobhair

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín, Traidisiún Liteartha na nGael, An Clóchomhar Tta 1979
  • Ní Ghráda, Máiréad, An Triail, An Gúm 1978
  • Ní Súilleabháin, Siobhán, Cití, Sáirséal agus Dill 1975
  • Ó Caola, Seeán, Eachtra na mBróg, MH Gill & a Mhac 1918
  • Ó Floinn, Críostóir, Cóta Bán Chríost, Sáirséal agus Dill 1968
  • Ó Súilleabháin, Seán, Caitheamh Aimsire ar Thórramh, An Clóchomhar Tta 1961
  • Ua Tuathail, Lorcán, An Deoraidhe, dráma i n-aghaidh imtheachda thar sáile, Conradh na Gaeilge, MH Gill & a Mhac, An Cló-Chumann 1906

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

George Feydeau-La Dame.jpg

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. www.ainm.ie. "Tadhg Saor". Dáta rochtana: 2018.
  2. RTÉ, clár "Féach". "Cuairt ar Amharclann an Damer". Dáta rochtana: 2018.