Caitlín Maude
Caitlín Maude | |
![]() | |
Dáta breithe | 22 Bealtaine 1941 |
Na Doiriú, Casla, Conamara | |
Dáta báis | 6 Meitheamh 1982 |
Náisiúntacht | Éireannach |
Gairm | File, gearrscéalaí, drámadóir, aisteoir, agóidí, gníomhaí, amhránaí, múinteoir |
Seánra | Filíocht, iriseoireacht, parabail, amhráin, drámaíocht |
Céile | Cathal Ó Luain |
Ba scríbhneoir, file, aisteoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí Gaeilge as Conamara í Caitlín Maude (22 Bealtaine 1941 - 6 Meitheamh 1982)[1].
Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig Caitlín Maude chun saoil sna Doiriú, i gCasla, Conamara. Ise an dara duine clainne a saolaíodh do John Joseph Maude agus a bhean chéile, Máire Nic an Iomaire. D'fhreastail sí ar an meánscoil i Móinteach Mílic i gContae Laoise agus i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Chuaigh sí go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla, ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an Matamaitic. Bhronn rialtas na Fraince scoláireacht Sambro uirthi tar éis di an marc is airde a bhaint amach i scrúduithe na chéad bhliana.
Gairm Bheatha agus Drámaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuaigh sí le múinteoireacht tar éis di an chéim a bhaint amach, agus í ag obair i scoileanna éagsúla ar fud na tíre ar feadh tréimhse. Bhí Maude ag plé drámaíocht ó laethanta na meánscoile amach agus cáil uirthi as páirt Mháire sa dráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. I mbreis air sin, scríobh sise agus Mícheál Ó hAirtnéide dráma in éineacht, dar teideal An Lasair Choille.
Bhí suim aici sa cheol freisin. Sa bhliain 1975 tháinig albam sean-nóis léi, Caitlín, amach ó Ghael-Linn.
Filíocht agus amhránaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí saint ag Caitlín i léann agus i bhfoghlaim riamh, dar lena tuismitheoirí. Scríobhadh sí dánta ó bhí sí ina cailín óg, agus dúirt sí féin gurbh í an tSiúr Ailbhe, a bhí ag múineadh Gaeilge di i gColáiste Chroí Mhuire, a thug an chéad spreagadh di chun dul i mbun pinn.[2] Bhí friotal solúbtha comhaimseartha ina cuid filíochta agus rian an tochta uirthi.
Amhránaí dearscnaithe ar an sean-nós a bhí inti agus stór amhrán mór grá aici.
Cúrsaí Sóisialta agus an Pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí suim mhór aici i gcúrsaí sóisialta agus polaitíochta, go háirithe i leith na mbochtán. Rinne sí stocaireacht i gcoinne an Chómhargaidh Eorpaigh.
Bhíodh sí páirteach sna mórshiúlta a bhíodh ar siúl ar son na Stailceoirí Ocrais i dTuaisceart Éireann. Scríobh sí dán darbh ainm I m'Áit Dhúchais ó Thuaidh in ómós do Bhobby Sands tar éis dó bás a fháil ar stailc ocrais sa bhliain 1981. Thug sí tacaíocht d'fheachtas Misneach chomh maith.
Gníomhaíocht ar son na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba dhuine í Caitlín a bhí go mór ar son athbheochan na Gaeilge agus d'oibrigh sí go dúthrachtach chun bonneagar phobal na Gaeilge a fheabhsú. Bhunaigh sí club darbh ainm 'An Bonnán Buí' do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus bhí sí páirteach i mbunú Scoil Lán-Ghaelach Santain, i dTamhlacht.
Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Phós Caitlín Maude Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Saolaíodh mac amháin dóibh, darb ainm Caomhán.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982. Cuireadh i reilig Sheosaimh í i mBóthar na Bruíne, Contae Átha Cliath.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Clár faisnéis (54 noiméad) ar a shaol ar TG4
- ↑ Ó Coigligh, 2005, lch x
Saothair thagartha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Caitlín Maude - Caitlín [dlúthdhiosca]: CEFCD042 - meascán de dhánta agus d'amhráin ar an sean-nós.
- Ó Coigligh, Ciarán, Caitlín Maude: Dánta, drámaíocht agus prós (Baile Átha Cliath 2005)
- Welch, Robert (eag.), The Concise Oxford Companion to Irish Literature (Oxford 1996/2000) lgh 233-234
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Concerto Chaitlín Maude a rinneadh do TG4
- Taifeadadh de Róisín Dubh á chanadh ag Caitlín Maude
- A Dhé, físeán de Chaitlín Maude ag aithris a cuid filíochta féin.
- Dónal Óg ar [TG4]
- Aisling Gheal (1979) ar [RTE]