Máiréad Ní Ghráda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Máiréad Ní Ghráda[1]

File, drámadóir agus craoltóir as Contae an Chláir ab ea Máiréad Ní Ghráda.[2] Rugadh í i gCill Mhaile (gar d'Inis) ar an 23 Nollaig 1896 agus cailleadh í ar an 13 Meitheamh 1971.


Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gCill Mháille, taobh thiar d'Inis, Contae an Chláir, a rugadh Máiréad Ní Ghráda ar an 23 Nollaig 1896. B'fheirmeoir a hathair, Séamus Ó Gráda, a chaith tamall ina chomhairleoir áitiúil. Bhí Gaeilge aige ó dhúchas. Meastar gur uaidh sin a tháinig grá Mháiréad don teanga. Breac-Ghaeltacht a bhí i gCill Mháille, agus bhí Gaeilge ag muintir Mháiréad Ní Ghráda. Bhí giotaí de Cúirt an Mheán Oíche agus véarsaóicht Ghailge eile de ghlanmheabhair ag a hathair, ar chainteoir dúchais é.

Bhí Séamus ina náisiúnaí, agus bhíodh baill de ghluaiseachtaí náisiúnta ar lóistín sa teach sna blianta roimh bhunú Shaorstát Éireann. Duine díobh sin Earnán de Blaghd, aire airgeadais chéad rialtas an tSaorstáit, a raibh Máiréad mar rúnaí aige ó 1921 go dtí 1923.

Fuair sí oideachas meánscoile i gClochar na Trócaire in Inis. Bhain sí duaiseanna amach sna scrúdaithe agus scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí céim BA sa Ghaeilge sa bhliain 1919, faoi stiúir Dhubhghlais de hÍde. Fuair sí céim MA sa Ghaeilge chomh maith[3].

Réabhlóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sí sáite i gcorráil pholaitiúil na linne agus í ar an ollscoil. Ba bhall de Chumann na mBan í.[4] Sa bhliain 1920 cuireadh i bpriósún í faoi bheith ag díol bratach do Chonradh na Gaeilge. Ghlac sí taobh an tSaorstáit i gCogadh na gCarad (1922-23). Chuaigh an tréimhse seo i gcion go mór uirthi: is é is cúlra d'fhormhór a cuid gearrscéalta agus dá mórdhráma deireanach Breithiúnas (1968).

Mhúin Máiréad Ní Ghráda i scoil trialach i nGleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath, (1919-20). Tamall ina dhiaidh sin, fuair sí post mar rúnaí TD de chuid Chumann na nGaedheal, Earnán de Blaghd.

ag éisteach leis an raidió sna 1920idí

Phós sí Risteard Ó Ciosáin, oifigeach sna Gardaí, sa bhliain 1923. Bhí beirt mhac acu, Séamus agus Brian.

Craoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir pobal na tíre aithne uirthi mar bholscaire ar Raidió Éireann (2RN) ó 1926 amach. Bhí freagracht uirthi chomh maith as cláracha do mhná agus do pháistí, agus as an gcartlann cheoil. Ba í céad bhanchraoltóir 2RN í, ag am nach raibh a leithéid ar an BBC féin.

Post páirtaimseartha a bhí ann, áfach, agus d'eirigh sí as sa bhliain 1935, tar éis athrú rialtais i 1932.[5]

Mhair a spéis i gcúrsaí oideachais do pháistí, i gcúrsaí ban agus a dúil sa cheol go buan ina dhiaidh sin.

Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí spéis riamh aici i gcúrsaí drámaíochta. Bhí sí ar dhuine den bhuíon a bhuanaigh An Comhar Drámaíochta sa bhliain 1923 chun drámaí Gaeilge a léiriú go rialta. Ba é An Uacht a céad dráma. Chum sí é do dhaltaí Choláiste Tís Chill Mhic Oda, áit a raibh sí ag teagasc, i 1931. Léirigh Mícheál Mac Liammóir An Uacht in Amharclann an Gheata in Aibreán 1931.

Lean Máiréad Ní Ghráda uirthi ag cumadh drámaí ó 1931 go dtí deireadh na 1960idí. Le linn an ama sin, bhí sí ina heagarthóir ar leabhair scoile le Brún agus Ó Nualláin agus is iomaí sraith téacsleabhar Gaeilge, Béarla agus staire a scríobh sí nó a chuir sí in eagar, chomh maith leis an iris oideachais Teacher's Work.

Chaith sí tamall ina cathaoirleach ar Chumann na Scríbhneoirí. Dá bharr sin agus de bharr a spéise sa drámaíocht, bhí sí páirteach sna hiarrachtaí a rinneadh le hamharclann Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath ó na 1940idí ar aghaidh. Cé go raibh sí féin bainteach le léirithe as Gaeilge in Amharclann na Mainistreach sa tréimhse sin, chreid sí gur ghá áras ar leith do dhrámaíocht na Gaeilge. Léiríodh drámaí léi in Amharclann an Damer, a bhunaigh Gael-Linn sa bhliain 1955, agus ba é An Triail (1964) an ceann ba mhó cáil (a bhí inchurtha leis An Giall le Breandán Ó Beacháin).

Má bhain umhlaíocht le Máiréad Ní Ghráda i leith a cumais féin ba dhuine an-neamhspleách a bhí inti. Bhí post dá cuid féin aici ar feadh a saoil, ag am ar mhinice na mná sa bhaile. Fuair sí bás i mBáile Átha Cliath ar an 13 Meitheamh 1971.

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Éamonn Ó Cíosáin - An Triail: Breithiúnas, dhá dhráma le Máiréad Ní Ghráda, Baile Átha Cliath, Oifig an tSoláthair, 1978.
  • Siobhán Ní Bhrádaigh - Máiréad Ní Ghráda—ceannródaí drámaíochta, 1996, Cló Iar-Chonnachta.
  • Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a saothair. Cuireadh leagan próis i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Drámaí[8]:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Giolla an tSolais (1945)
  • Lá buí Bealtaine (1953)
  • Úil glas Oíche Shamhna (1955)
  • Súgán sneachta (1959)
  • Stailc Ocrais (1960)
  • Mac Uí Rudaí (1961)
  • An Triail (1964): Scríobh Ní Ghráda an dráma seo sna 1960idí, ach tá sé chomh tráthúil sa lá atá inniu ann.  Léiríonn sí samplaí maithe den imeallú a bhíodh coitianta in Éirinn maidir le máithreacha singil.[6]
  • Breithiúnas (1968)

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tír na Deo (Peter Pan), 1938
  • Manannán (1940)
  • Progress in Irish

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ní Ghráda, M., 1978. An Triail. Baile Átha Cliath: An Gúm.
  2. "NÍ GHRÁDA, Máiréad (1896–1971)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  3. Ní Ghlinn, Gearóidín. (2002). "An triail : staidéar ar an dráma don Ardteistiméireacht (Ardleibhéal)". Gill & Macmillan. OCLC 49738883
  4. History Ireland. 2012. Mairéad Ní Ghráda (1896–1971). 20th-century / Contemporary History. 20 (1).
  5. "Gaeltacht Minnesota: An Triail". www.gaelminn.org. Dáta rochtana: 2019-04-28.
  6. "Our forgotten writer who put society on trial in the 1960s" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-04-28.