Tamhlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tamhlacht
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2006) 92,300
Airde: 90m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin

Is baile mór é Tamhlacht (Béarla: Tallaght ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach.

Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht. Is ann atá Ospidéal Thamhlachta lonnaithe.

Sanasaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón in Annála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?,
  • Tamlactense (Monasterium) -769?,
  • Tamlact – 769?,
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190,
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310,
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514,
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535,
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547,
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548,
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550,
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685,
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708,
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740,
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807,
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge),

Stair an bhaile[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • 769 Bunaíodh Mainistir Naomh Maelruain
  • 792 Bás Naomh Maelruain
  • 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Maelruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/1332 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
  • 1864 Tógadh Séipéal Naomh Muire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta. Ar an 5 Márta 1867 thosaigh Éirí Amach na bhFíníní in Éireann, le cogadh beag i dTamhlacht. Maraíodh 3 ar an lá sin i dTamhlacht.
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta
  • 1888 Bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chaith an file Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude[1]. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainm Coláiste de hÍde

Daoine cáiliúla[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]