Sráidbhaile atá suite i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i gContae Átha Cliath é Cill Tiarnáin (Béarla: Kilternan nó Kiltiernan) a mbíodh The Golden Ball air as Béarla tráth. Tá sé gearr do theorainn an chontae le Cill Mhantáin. Is ag crosaire na mbóithre réigiúnacha an R117 agus an R116 atá sé suite. Na foirgnimh is mó cáile sa sráidbhaile seo ná Eaglais an Pharóiste de chuid Eaglais na hÉireann a tógadh siar sa bhliain 1826, agus an séipéal adhmaid Muire Cois Bóthair a tógadh sa bhliain 1937, nó an séipéal gorm mar a thugtar air go háitiúil. Tá bunscoil náisiúnta ann chomh maith, Scoil Mhuire Cois Bóthair, scoil a mhúineann trí Bhéarla. Is ann do theach tábhairne darbh ainm The Golden Ball. Tá club peile áitiúil ann darbh ainm Wayside Celtic. Aisteach go leor b'fhéidir ní hann d'aon núicléas sráidbhaile nó aon phríomshráid sa bhaile. Tá an t-aon fhána sciála in Éirinn le fáil ann cé gur ar dhromchla bréagach a bhítear ag sciáil.
"An séipéal gorm"
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.