Jump to content

Cill Iníon Léinín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Iníon Léinín

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°15′54″N 6°06′49″W / 53.2651°N 6.1137°W / 53.2651; -6.1137
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde30 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1412139

Bailecheantar agus sráidbhaile is ea Cill Iníon Léinín[1] (Béarla: Killiney), atá suite i gContae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Éire.

Stair an cheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall ré na manach in Éirinn bhí an ceantar seo go léir faoi racht rí Léinín. Ceaptar go raibh an talún a bhí i ríocht Léinín ag síneadh ó Stigh Lorgan go Bré agus isteach go dtí na Sceirí. Thóg an rí cill sa cheantar i gcuimhne a iníon a bhásaigh. De réir seanscéal Léinín, chas an rí a dhrom ar Dhia agus dá bharr sin tholg iníon an rí galar marfach. Tar éis bás a iníne thiomnaigh sé é féin do Dhia. Dá bharr sin tógadh an cill faoi Chnoc Chill Iníon Léinín ag breathnú i dtreo amháin ar bharr na cnoice agus sa treo eile amach ar an bhfarraige mar ionad cosanta.

Le linn cúpla céad tar éis ré Léinín bhí an chuid is mó den cheantar faoi shealúchas clann Talbot de Mullachíoda. Tógadh an "Obelisk" ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín sa bhliain 1741 i gcuimhne an ghorta mhóir agus an dua a chuir daoine le cumhacht agus airgead orthu féin chun faoiseamh a thabhairt do na bochtáin. I rith an naoú aois déag bhí na ceantair ó thuaidh agus soir ón mbaile faoi úinéireacht Robert Warren. Dhíol na Warrens roinnt mhaith talún i gcomhair tógáil an iarnróid idir Cill Iníon Léinín agus Kingstown (Dún Laoghaire).

Le hoscailt an iarnróid bhí an ceantar an-fhaiseanta leis an uasalaicme i mBaile Átha Cliath agus osclaíodh Victoria Park chun comóradh a dhéanamh ar chuairt bhanríon Shasana ar an áit. Osclaíodh bóthar Vico sa bhliain 1889.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]