Margadh na Feirme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMargadh na Feirme

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°20′55″N 6°16′42″W / 53.3486°N 6.2783°W / 53.3486; -6.2783
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is ceantar i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath é Margadh na Feirme (Béarla: Smithfield).[1] Tá cearnóg phoiblí suite i lár Mhargadh na Feirme, ar a dtugtar Plás Mhargadh na Feirme go hoifigiúil ach glaotar Cearnóg Mhargadh na Feirme ar go háitiúil. Margadh oscailte a bhí ann tráth. Tá sainchomharthaí suntasacha ar nós Sean-Dhrioglann Uisce Beatha Jameson agus an Túr Féachana le fáil i Margadh na Feirme.

trach, agus uisce le hól, creid nó na creid
Margadh

Go stairiúil, is bruachbhaile de chuid Baile Lochlannach a bhí i Margadh na Feirme agus bhí sí suite laistigh de pharóiste Naomh Pól. Níl aon teorainn socraithe ar an gceantar ar a dtugtar Margadh na Feirme, ach go garbh tá sí suite ó thuaidh ón Life, ó dheas ó Shráid Brunswick Thuaidh i mbruachbhailte Gráinseach Ghormáin, thiar ó Shráid Bowes agus thoir ó Shráid na Banríona.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirc na Seansaireachta

Leagadh Plás Margadh na Feirme amach i lár an 17ú céad mar cheantar i gcomhair margaidh. Go dtí go ndearniadh athchóiriú ar ag tús an 21ú céad, bhí an cearnóg líneáilte le 'clóis feirme' ionchathrach agus beostoc iontu. I 1964, chaith Richard Burton agus Elizabeth Taylor roinnt ama anseo mar go raibh Burton ag obair ar scannán suite i Margadh na Feirme. Bhí Burton ag déanamh aisteoireachta i scannán bunaithe ar úrscéal le John le Carré, The Spy Who Came in from the Cold. Sheas Margadh na Feirme isteach i gcomhair Seicphointe Séarlas sa scannán.

Rinneadh athnuachan ar Margadh na Feirme faoinbplean HARP (Historic Action Rejuvenation Plan). Reachtáileadh comórtas ailtireachta i 1997 agus bhuaigh Ailtirí McGarry Ní Eanaigh. I rith an athchóiriú, baineadh ós cionn 400,000 cloch dhuirlinge a bhí 120 bliain d'aois, glanadh iad de lámh agus ath-leagadh iad.

Tá ailtireacht chomhaimseartha agus dó dhéag crainn soilsiú atá 26.5 méadar ar airde le lasair atá 2 mhéadar ar airde le feicéail mórthimpeall ar an gcearnóg. Cé nach bhfuil na lasair ar siúl go minic, is féidir dathanna éagsúla a chur ar na crainn soilsiú i rith ócáidí cultúrtha i rith na bliana. Mar shampla, athraíodh go dath glé glas iad i rith ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig agus athraíodh iad go dathanna an tuar ceatha i gcomhair oíche na hoscailte an Féile Scannánaíochta LGBT Idirnáisiúnta GAZE 2015 ins an 'Lighthouse Cinema' i Margadh na Feirme.

Market Area

Baineadh úsáid as an gcearnóg mar láthair cheolchoirme i ndiaidh an athchiriú ach cuirfear deireadh le seo de bharr go raibh muintir na háite ag gearán.

Aonach Capall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aithne ar an gceantar de bharr go baintear úsáid as mar láthair i gcomhair an Aonach Capall stairiúil a bhíonn ann ar an gcéad Domhnach i mí an Márta agus Mí Meán Fómhair.

Bhíodh an Aonach Capall ar siúl cuile mí. Faoin bhfodhlí a cuireadh i bhfeidhm ar an 14ú Eanáir 2013, níol cead ach dhá Aonach a bheith ann i gcaitheamh na bliana.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Margadh na Feirme/Smithfield" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-09-27.