Domhnach Broc
Domhnach Broc | ||||
---|---|---|---|---|
Donnybrook (en) Domhnach Broc (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 11 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411659 |
Is ceantar cathrach é Domhnach Broc[1] (Donnybrook as Béarla) atá suite i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Tá an ceantar suite i gceantar poist Bhaile Átha Cliath a Ceathair, agus is minic a thugtar le fios go bhfuil "meon BhÁC 4" - scothaicmeachas agus Gallbhá - láidir i nDomhnach Broc. Mar sin, tugann Gaeilgeoirí áirithe Domhnach Brocach ar an áit uaireanta.
Tá ceanncheathrúna a lán eagraíochtaí éagsúla lonnaithe i nDomhnach Broc, ar nós Raidió Telefís Éireann (RTÉ), chomh maith le ceanncheathrú rugbaí Chúige Laighean. Tá príomhoifigí Chumann Rugbaí na hÉireann ag obair os comhair an staidiam i nDomhnach Broc, agus foireann rugbaí Laighean ag imirt a gcluichí baile sa staidiam.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ciallaíonn Domhnach Broc Cill Naomh Broc. Bean de sheachtar iníonacha Dhallbhronaigh ó Chontae na Mí ab ea Broc. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na Dothra san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilig suite ansin anois.
I ngnáthchaint an Bhéarla, baintear úsáid as leagan Béarla an logainm, Donnybrook, le tagairt do chíréibí is do scliúchais. Creidtear gurbh é aonach Dhomhnach Broc is bunús don fhocal seo. Bhí aonach aithnidiúil i nDomhnach Broc ón meánaois i leith, ach má bhí, chuala an saol mór iomrá ar an meisceoireacht a bhain leis an aonach agus ar an mbruíonachas is ar an mbrilsce a tháinig sna sálaí ag an meisce. Bhí an foréigean chomh dona is gur éiligh an Eaglais Chaitliceach cosc a chur leis an aonach, agus sa bhliain 1855, tháinig deireadh leis. Níl de chuimhne ar an aonach inniu ach ainm an ollmhargaidh úd Donnybrook Fair.
Áitritheoirí Cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríbhneoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Patrick Kavanagh
- Anthony Trollope
- Flann O'Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin; bhí sé ina chónaí ar Ascaill Belmont.
- Benedict Kiely
- Padraic Colum
- Breandán Ó Beacháin
- Denis Johnston agus a bhean chéile Shelah Richards
Daoine eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Jack B. Yeats
- Sir Ernest Henry Shackleton
- John Boyd Dunlop (an bonn rúibéar)
- Guglielmo Marconi
- Eamon de Valera (Úachtarán na hÉireann)
- Pádraig Anraí Mac Piarais
- An Raghaille
- Mícheál Seán Ó Coileáin
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Domhnach Broc/Donnybrook | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-07-10.