Na Saoirsí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaNa Saoirsí
Cathair

Suíomh
 53°20′29″N 6°16′43″W / 53.3414°N 6.278693°W / 53.3414; -6.278693
StátÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháin No label definedContae Bhaile Átha Cliath
Dáil Éireann constituencyBaile Átha Cliath Lár-Dheisceart Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Láithreán Gréasáin libertiesdublin.ie Edit the value on Wikidata
Sráid Phádraig

Is ceantar lárchathrach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath iad na Saoirsí (nó na Libirtí uaireanta; Béarla: The Liberties).

Bhí ról lárnach ag an gceantar i saol cultúrtha, tionsclaíoch agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath ó na meánaoiseanna anuas. Shíl daoine de bhunadh na Saoirsí riamh anall gurb iad féin croí agus anam mhuintir Bhaile Átha Cliath. Ba ann a forbraíodh an chathair breis is 1,000 bliain ó shin, agus is ann atá cuid de na sráideanna is sine i mBaile Átha Cliath.

I ndiaidh choncas na nAngla-Normannach ar Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, bronnadh neamhspleáchas ar réimsí talún taobh amuigh de bhallaí na cathrach, 'saoirse' ó dhlíthe na cathrach i bhfocail eile. Ina measc sin, bhí Saoirse Chúirt San Tomás agus Dhún Uabhair agus Saoirse Naomh Sepulchre. Le himeacht ama, bhaintí úsáid as an téarma 'Na Saoirsí' chun tagairt a dhéanamh do chuid mhór de dheisceart lár na cathrach.

Stair Mheánaoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Diaidh ar ndiaidh forbraíodh Baile Átha Cliath ó lonnaíocht a bhunaigh na Lochlannaigh sa 10ú haois. Thóg rí na hÉireann, Muirchertach Ua Briain, rí a raibh Baile Átha Cliath faoina smacht go dtí an bhliain 1115, ballaí cloiche in áit na múrtha cré a thóg na Lochlannaigh, rud a d'fhág go raibh trí oiread an réimse talún faoina smacht. Ach fiú amháin nuair nach raibh cosaint ar bith ann, d'ionsaigh na hAngla-Normannaigh an chathair sa bhliain 1170, agus maraíodh formhór na ndaoine a bhí ag cur fúthu sa chathair.

Threisigh na hAngla-Normannaigh a mbonn cumhachta trí bhallaí na cathrach a fheabhsú agus a leathnú. Aimsíodh na codanna laga agus rinneadh iad a neartú agus tógadh ballaí nua. Ainneoin nach bhfuil ach dhá chuid de na ballaí cathrach fós le feiceáil os cionn talún (in aice le Margadh an Arbhair, agus ag Sráid na gCócairí díreach ó thuaidh de Gheata San Audoen), aimsíodh codanna de na ballaí le linn tochailtí a rinneadh le déanaí ag suímh amhail Halla na Cathrach, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Sráid Sheamlas an Éisc.

Grúdaireacht, fíodóireacht agus Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na hÚgónaigh a chuir dlús faoi thionscal bisiúil teicstílí anseo, áit a bhí breac le grúdlanna agus drioglanna tráth. Gabhadh an t-uaslathaí réabhlóideach, an Tiarna Edward Fitzgerald, ag 151 Sráid Thomáis, cúpla lá roimh an éirí amach 1798, éirí amach nach raibh ach teip i ndán dó. Sa bhliain 1803, crochadh ceannaire elle de chuid na nÉireannach Aontaithe,Robert Emmet, lasmuigh d'Eaglais San Caitríona nuair a theip ar an dara héirí amach.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá cuid den alt seo bunaithe ar chomharthaí poiblí de chuid na Comhairle Cathrach.