Jump to content

An Dothra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Dothra
(ga) An Dothra Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165094 Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhAn Life Cuir in eagar ar Wikidata
Map
53° 11′ 37″ N, 6° 18′ 43″ O / 53.1936°N,6.3119°W / 53.1936; -6.3119
53° 20′ 39″ N, 6° 13′ 47″ O / 53.3442°N,6.2297°W / 53.3442; -6.2297
Craobh-abhainn
Tréithe
Toisí26 (fad) km
Abhantrach120.8 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceann den trí phríomhabhainn i mBaile Átha Cliath in Éirinn í An Dothra[1] (Béarla: The Dodder), lena n-áirítear an Life (Abhainn na Life), a bhfuil an Dothra ina craobh-abhann is príomhúla dá cuid, agus an Tulcha (Abhainn na Tulchann).

Cúrsa na habhann agus an abhainnchóras

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éiríonn an Dothra ar thaobh tuaisceartach Shliabh Chipiúr i Sléibhte Chill Mhantáin as roinnt mhaith sruthanna beaga. Téann na huiscí uachtair, lena n-áirítear Tromanallison, ag sní ó Dhromchla Chipiúr. Ansin tagann Mareen’s Brook le chéile léi, Uiscí Fhionn an Chaorthainn Dhoinn (the Cataract of the Brown Rowan) san áireamh, agus, ina dhiaidh sin, ceanglaíonn iomlán an srutha uisce sin leis na sruthanna Cot Brook agus Slade Brook.

Tá dhá thaiscumar lonnaithe i mBóthar na mBruíne, i ngleann ar chúrsa na habhann darb ainm Gleann an Smóil, a aithnítear gur cuid thábhachtach agus phríomha i gcóras soláthair uisce Bhaile Átha Cliath iad.

Tá an Dothra 26 ciliméadar (16 mí) ar fad.[2] Téann cúrsa an abhann thar bhráid ar Thamhlacht agus ansin ar Theach na Giúise, dhá bruachbhailte Bhaile Átha Cliath, sula shníonn sí trí Ráth Fearnáin, Teach Méalóg, Ráth Garbh, Baile an Mhuilinn, Cluain Sceach, Domhnach Broc, agus Droichead na Dothra, go dtí go dtéann sí isteach i sruth abhann na Life gar den Rinn, díreach ag an bpointe sin ina dtéann uiscí na Canála Móire isteach inti freisin ag Doga na Canála Móire.

Tá cora díreach roimh an ndroichead ag Droichead na Dothra agus is abhainn taoide í ag an bpointe sin a dtéann an droichead ag Bóthar Lansdún thairsti amach, a bheag nó a mór. Tá an Dothra agus Abhainn na Tulchainn, atá ar chóimhéid, a bheag nó a mór, ar an dá abhainn is mó i mBaile Átha Cliath, i ndiaidh na Life.

Craobh-aibhneacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuid de chraobh-aibneacha na Dothra

Is iad craobh-aibhneacha príomha dá cuid a dtéann le sruth leis i ndiaidh Ghleann an Smóil, áit ina dtéann a lán sruthanna in éineacht leis, agus roimhe ar an gcúrsa, freisin, ná An Dothra Bheag (Owendoher River) agus an chraobh-abhainn dá cuid, Sruthán an Teampaill Ghil (Whitechurch Stream), an Deargail Bheag (the Little Dargle River) (agus Sruth an Chaisleáin agus craobh-aibhneacha dá cuid eile san áireamh), Abhainn na Stéille nó Abhainn Dhún Droma, Abhainn na hEala (nó Uisce na hEala), agus an sruthán beag sin, Sruthán Mucrois.[3][4]

An Deargail Bheag i dtuaisceart Bhaile an Teampaill (geograph 3546705)

Nasc leis an bPoitéal

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 13ú haois, tógadh nasc idir Abhainn an Phoitéil, gurb craobh-abhainn de chuid na Life í féin, agus an Dothra ag Cora Baile an Ridire, díreach ó thuaidh Theach na Giúise, agus tá uisce ag sní tríd an nasc sin as sin amach. Thagthaí cuid mhaith de sholáthar uisce Cathair Bhaile Átha tríd an nasc sin, tráth. Tugadh an t-ainm “Cúrsa-uisce na Cathrach,” (nó “the City Watercourse”) air, agus shníodh a chúrsa trí Theach Mealóg. I lár na 20ú haoise, cuireadh cuid de i bpíopaí agus ní ba dheireanaí briseadh an nasc de dheasca forbartha tithe. Níl fágtha de sa lá atá inniu ann ach cainéal bheag ag eascair amach ón gcora, a dtagann go críoch go tobann ag 100m d’fhad ón gcora, ar a mhéid, agus cúpla sreabhadh faoin talamh nach bhfuil sofheicthe, leis.

Tráth dá raibh, sholáthraíodh an Dothra sruthanna uisce chun a lán muilte a chur ar oibríocht, ach níl aon dóibh fós ag obair: Faoi lár na 14ú aoise, bhí muileann ag muintir de Meones, an teaghlach arna ainmníodh Ráth Maonais astu, ar an abhainn.[5] Sa 16ú haois ba le muintir Talbot, sinsir na Talbots i Mount Talbot, roinnt mhaith de na tailte sa cheantar. San 17ú agus san 18ú haois bhí Muintir Domvile, arbh leis cuid mhaith de Theach Mhéalóg, i bhfeidhm ar rochtain ar an abhainn, a chuaigh trína eastáit, go héifeachtach. Faoin am sin bhí an Dothra ina príomhfhoinse uisce ólacháin do phobal Bhaile Átha Cliath, agus cuireadh i leith mhuintir Domvile gur thapaigh siad an deis an chumhacht a raibh acu ar rochtain ar an abhainn chun borradh a chur faoin gcumhacht polaitiúil a raibh acu sa chathair, agus iad ag bagairt go gcuirfidís cúrsa na habhann ar mhalairt slí, mura ghlactar lena n-éilimh.

Bíonn tuilte i gceantair in aice na habhann nuair a chuireann an sí thar bruach ó am go ham, toisc go bhfuil a cúrsa róghearr agus éadomhain chun an méid sin uisce a dhoirteann isteach inti óna cuid chraobh-aibhneacha tar éis báisteach trom a thitim, a thógáil. Is abhainn í an Dothra “a mbíonn ag cur thar bruach go minic agus a bhfuil sé amach uirthi gur abhainn ‘mhaidhmní í a mbíonn maidhm tuilte inti go minic nuair a bhíonn stoirm báistí.”[6]

Maraíodh Arthur Usher i dtuile nuair a chuir an abhainn thar bruach i mí an Mhárta 1628. Bhí sé ina Leaschléireach Ríchomhairle na hÉireann a raibh “tógtha sa sruth tuilte gan éinne in ann é a shábháil, cé go raibh roinnt mhaith daoine... bhí a chuid cairde ab ghiorra dó ar an dá bhruach”[7]

Tharla an dá tuilte sa Dothra roimh 1986 ar an 25 Lúnasa 1905 agus ar an 3 agus an 4 Lúnasa 1931. Chuaigh cúrsa Hairicín Charley (Hurricane Charley) (a litrítear go minic mar “Charlie” in Éirinn) thar bráid ar dheisceart na tíre ar an 25 Lúnasa 1986. Laistigh de 24 uair, steall gearr ar 200 mm (beagnach 8 n-orlaí) báistí ar Shliabh Chipiúr, agus thit 100 mm i mBaile Átha Cliath ag an am céanna, rud a d’fhág go raibh tuilte timpeall na cathrach, in a lán áiteanna ar fad bhruacha na Dothra san áireamh, agus gur tharla go raibh a lán caillteanais agus deacrachtaí ag daoine dá bharr sin.[8]

Is fada a tugadh aird air an fhíric gur fíordheacair an rud é fadhb na tuilte a réiteach, de bharr an rímhéid uisce sin a théann sa sruth san abhainn le linn tréimhsí báistí troime.

Flóra agus fána

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart flóra agus fána ar fad na habhann. Toisc go dtéann cúrsa na habhann ag sní trí cheantar limistéar uirbeach, áfach, is fadhb mór é an truailliú le fada anuas.[9]

Tá neart éagsúlachta maidir leis an bhflóra ar fad chúrsa na habhann. Tá a lán brífítí (Bryophytes) agus algae inti, alga glas snáithíneach (filamentous green algae) ach go háirithe. Níl mórán speiceas ionrach a thaifeadtar ar fad na habhann seachas crocosmia, glúineach bhiorach agus lus na pléisce.[10]

Tá roinnt mhaith speiceas d’éan uisce a chónaíonn sa Dothra lena n-áirítear an mallard, an chorr réisc, an cruidín, an scúp leathchruinn, an chearc cheannann, an chearc uisce, an ghlasóg liath, an gobadán coiteann agus an eala bhalbh; déanann an spioróg a nead sna crainn ar thaobh bhruacha na habhann. Tá an sionnach coitianta le feiceáil ar fad na habhann, chomh maith leis an mbroc agus chonacthas an madra uisce ann freisin. Le blianta beaga anuas tá líon bheag fhia lachan mandracha atá suite le déanaí ar taobh na habhann. In 2013, tuairiscíodh gur tháinig Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann ar mhadraí uisce agus iad ag déanamh suirbhéireacht ar fhiadhúlra ar fad na habhann.[11]

I measc na speiceas éisc atá san abhainn cuimsítear an breac donn, an breac geal, an cailleach rua, an garmachán agus an eascann. Is féidir teacht ar bhradáin Atlantacha in uisce chúrsa íochtarach na habhann, freisin.[12]

Táthar agus súil leis go bhfillfeadh bradáin Atlantacha agus eascanna loimpre chun cónaí sa chuid is mó den abhainn más rud é go gcuirfear in áit dréimirí speisialta le haghaidh iasc nó “fish ladders”[13], agus an abhainn gan na héisc sin le breis is 200 bliain.

Comhartha ag lua dátaí an séasúr iascaireachta

An iascaireacht agus an iascaireacht slaite

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tóir ar an Dothra i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath mar abhainn chun dul leis an iascaireacht agus iascaireacht slaite. Cuirtear tús leis an séasúr iascaireachta ar an 17 Márta agus críochnaíonn sé ar an 30 Meán Fómhair.

  1. An Dothra/River Dodder | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. River Dodder Catchment Flood Risk Assessment & Management Study Curtha i gcartlann 2013-10-29 ar an Wayback Machine, Dublin City Council. Retrieved: 2010-08-17
  3. Sweeney (1991)
  4.  Doyle (2011)[2008], p.23
  5. Ball, F. Elrington History of Dublin Alexander Thom and Co. 1903 Vol. 2 p.100
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-08-06. Dáta rochtana: 2017-08-06.
  7. Moriarty, Christopher: Down the Dodder, Wolfhound Press, 1991, p.155
  8.  Dodder Strategic Environmental Assessment Scoping Report, page 13 Curtha i gcartlann 2011-06-13 ar an Wayback Machine. Dublin City Council. Retrieved: 2010-08-17.
  9. Significant fish kill on river Dodder (Irish Times, 2 March, 2013)
  10. Water Framework Directive Fish Stock Survey of Rivers in the Eastern River Basin District, 2011
  11. Dodder otters and Tolka Tarkas Irish Times, 2013-09-28.
  12. Water Framework Directive Fish Stock Survey of Rivers in the Eastern River Basin District, 2011
  13.  Fish passes will allow salmon scale Dodder weirs (Irish Times, 30 July, 2013)