Ráth Maonais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Maonais

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′30″N 6°15′54″W / 53.325°N 6.265°W / 53.325; -6.265
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde31 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie57184

Ceann de bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath é Ráth Maonais[1] (Béarla: Rathmines), ar thaobh theas na cathrach, timpeall ar thrí chiliméadar ó lár na cathrach. Ar taobh amháin an Chanáil Mhór, agus é ag síneadh amach go Ráth Gharbh sa deisceart, Crois Araild san iarthar agus Raghnallach san oirthear.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is tagairt é an logainm ráth don struchtúr daingnithe a bhí, is dócha, ar an chéad áitreabh sa cheantar, cosúil leis na ceantair ina thimpeall. Is dócha gur thosaigh sé mar áit tráchtála de chuid na Normannach sa 12ú haois, tar éis an ionartha san aois sin. Logainmneacha den chineál céanna iad Ráth Gharbh agus Ráth Fearnáin.

Téann stair fada Ráth Maonais siar go dtí an 14ú haois. San am seo, is é an t-ainm a bhí ar an gceantar eaglasta ar chuid de Ráth Maonais agus a thimpeallacht ná Cuallu nó Cuallan. Léirítear an t-ainm seo sa cheantair gar dó, Coill Chuallain. Luaitear Cuallu sa iniúchtaí áitiúla ó 1326 mar chuid an fheirm Naomh Sepulchair. Tá méid fianaise ann chónaithe bunaithe timpeall rath chomh luath mar 1350.

Séipéal
Árasáin Cois Eala, Bóthar an Gharráin

Bhí Ráth Maonais mar chuid an Bharúntacht Uppercross, ceann de na barúntachta i dtimpeall Baile Átha Cliath, a bhí ina chathair baillte. Is dócha go bhfuil an cáil stairiúil is mó ar Ráth Maonais ná cath fuilteach a bhí ann i 1649, i rith Choncas Chromail, nuair a fuair 5,000 daoine bás. Tharla Cath Ráth Maonais ar an 2 Lúnasa 1649, agus mar an cath, buadh ar na fórsaí Ríogaíoch in Éirinn go luath ina dhiaidh. Rinneadh comparáid, maidir lena thábhacht pholaitiúil, idir an cath seo agus Cath Naseby i Sasana.

Níos déanaí ná sin, bhí bruachbhaile faiseanta Bhaile Átha Cliatha é, ag mealladh na daoine móra ag lorg tearmann ón chaoi chónaí bocht sa chathair, ó meán-19ú haois. Tá Rath Maonais ar shuíomh le radharc ar an gcathair, agus is bealach é chuig na sléibhte. Is sainghné an cheantair a phríomhshráid fhada, ó droichead an canála go dtí an Halla an Bhaile, agus thar go dtí Rath Ghearr agus Dartraí, ó Chamaí go Domhnach Broc.

Trácht

An saol inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá naisc maith iompar poiblí ann inniu. Tá gníomhíocht tráchtála agus cathartha láidir ag Ráth Maonais, agus tá aithne air ar fud na hÉireann mar ceantar lóistín saor le haghaidh mic léinn agus státseirbhísigh ag teacht chuig an cathrach ó na tríochaidí. Sna blianta beaga anuas, tá a chuid tithíocht éirithe níos leathain, agus tá feabhas curtha ar iomarca tithe de réir an saibhreas le déanaí. In ainneoin é sin, is ceantar ilghnéitheach é Ráth Maonais, agus bhí sé i gcónaí suíomh an lucht inimirce agus mion-ghrúpaí dúchasaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]