Jump to content

Cnoc Lín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCnoc Lín

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 16′ 56″ N, 6° 19′ 06″ O / 53.2822°N,6.3183°W / 53.2822; -6.3183
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde69 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165836

Is ceantar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Cnoc Lín[1]Cnoc Liamhna (Béarla: Knocklyon). Bhí 4,014 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006.

Tá Cnoc Liamhna suite ag bun Shléibhte Bhaile Átha Cliath agus ó dheas den Dothra.  Rith an abhainn ó Cipiúr na Droim, Tamhlacht, Teach na Gúise agus Cnoc Liamhna. Is ceantar an-óigeanta é agus tá an ceantar suite in aice le go leor ceantar an-óigeanta freisin, mar shampla, Teach Mealóg, Teach an Gúise, agus Tír an Iúir.

Tá go leor áiseanna spóirt agus áineasa sa Chnoc Liamhna. Tá ionad pobail, cumann badmantan[2], cumann CLG, cumann sacair, agus cumann lúthchleasaíochta ann.

Is é Baile Buadáin Naomh Éanna[3] an t-ainm atá ar an gcumann CLG sa Chnoc Liamhna. Is é an dara cumann is mó sa tír. Bhunaigh Baile Buadáin Naomh Éanna i 1969.  Rinneadh an Wandarers Baile Buadáin (1910) agus Naomh Éanna Rath Fearnáin (1966) a chónascadh i 1969. Tá níos mó ná 70 foireann ag imirt le haghaidh an chumainn gach bliain. Imríonn siad peil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht. Gach samhradh, déanann siad campa samhraidh. Anseo, freastalaíonn níos mó ná 500 páistí agus foghlaimíonn siad scileanna nua agus téann siad go dtí an Zú agus Páirc an Chrócaigh. Tá go leor daoine cáiliúla sa domhan CLG as Baile Buadáin Naomh Éanna. Mar shampla: Michael Darragh McCauley, David Curtin, Síle Nic Coitir agus Martina Farrell.

Is é Club Peile Knocklyon United[4] an t-ainm atá ar an gclub sacair sa Chnoc Liamhna.  Bhunaigh an club i 1984 agus anois tá níos mó ná 550 imreoir idir 5 agus 20 bliain d’aois ann. Tá “Nursery” acu. Dé Sathairn, téann buachaillí óga go dtí na páirceanna i gCnoc Liamhna agus foghlaimíonn siad na bunscileanna le haghaidh sacair.  Toilíonn na tuismitheoirí a cúnamh den “Nursery”. Tá an club ag brath go mór ar oibrithe deonacha.

Cumann Lúthchleasaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Brothers Pearse[5] an t-ainm atá ar an gcumann lúthchleasaíochta sa Chnoc Liamhna. Bhunaigh an cumann lúthchleasaíochta sa bhliain 1956.  Tá sé suite i bpáirc an Cherryfield. Tá timpeall 400 duine ag rith leis an gcumann gach seachtain.  

Bhunaigh an grúpa Scouts Cnoc Liamhna i 1976.  Bhí grúpa an-mhór i dTír an Iúir agus ba mhaith leis an Cairmilíteach an rud cosúil é i gCnoc Liamhna.  Ba é Noel Geoghegan an chéad cheannaire. Sa “Scouting Ireland” níor fhreastail na cailíní mar ní raibh cead acu, ach sa Chnoc Liamhna bhí cead ag na cailíní i 1983.  Anois, freastalaíonn níos mó ná 300 daoine óga, buachaillí agus cailíní, gach seachtain sa 112ú Scouts Den. Tá ceithre ghrúpa ann, Beavers, Cubs, Scouts agus Ventures.  Anseo, foghlaimíonn siad scileanna nua faoin saol mór amuigh faoin spéir. Tá campa samhraidh gach bliain don Beavers, Cubs, Scouts agus Ventures. Téann siad thar lear gach dara bliain.  Mar shampla; Málta, an Eilvéis agus an Ungáir.

Tá dhá bhunscoil ann. Scoil Cholmcille Naofa agus Gaelscoil Chnoc Liamhna is ainm dóibh.  Is é Scoil Cholmcille Naofa an scoil a bhfuil an líon is mó daltaí inti ar fud na hÉireann. D’oscail siad na doirse i 1976 agus tar éis tríocha bliain, in 2008, fuair siad an cead pleanála le haghaidh síneadh.  Ansin d’oscail siad na doirse nua in 2011.[6]

D’oscail siad na doirse do Ghaelscoil Chnoc Liamhna i 1996 agus anois tá 234 dalta acu.

Tá meánscoil amháin i gCnoc Lín.  Pobalscoil Naomh Cholmcille is ainm di.  D’oscail siad na doirse in 2000. Anois freastalaíonn níos mó ná 700 dalta agus tá timpeall 56 duine ar an bhfoireann.[7]

Córas Iompair Poiblí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl córas iompair poiblí an-mhaith ag Cnoc Liamhna.  Tá dhá bhealach bus ag dul tríd an gceantar; 15 [8]agus 15b.  Téann dhá bhealach go dtí lár na cathrach, trí Thír an Iúir, Teach Mealóg agus Rath Maonais.  Níl aon bhealach Luas in aice le Cnoc Liamhna. Tá bealach Leas i nDún Droma agus Tamhlacht.

Téann an mótorbhealach M50 tríd an gceantar.

Ionad siopadóireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ionad siopadóireachta beag i gCnoc Liamhna.  Tá go leor áiseanna ann. Mar shampla, siopa gruagaire, tirimghlantóirí, siopa leabhar, Credit Union, An Post, nuachtánaí, siopa caife agus SuperValu.   Tá an t-ionad siopadóireachta suite in aice leis an bhunscoil, eaglais agus an t-ionad spóirt.  

Tithe tábhairne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an saolta seo in Éirinn tá pubchultúr an-láidir agus is é an rud céanna sa Chnoc Liamhna.  Tá dhá theach tábhairne sa gceantar; Delaney’s agus The Blue Haven. D'oscail Delaney's i 1934 ach bhí an teaghlach ina gcónaí sa gceantar ó 1842. D'oscail The Blue Haven i 1955. Ní raibh cead ag na cailíní dul isteach in The Blue Haven go dtí le déanaí.

Géarchéim thithíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na saolta seo, tá géarchéim thithíochta i gCnoc Liamhna. Is ceantar an-óigeanta é; tá go leor clanna óga agus is rud an-mhaith é sin maidir leis na cumainn agus na clubanna. Tá go leor áiseanna le haghaidh daoine óga (na scoileanna, na cumainn, na gasóga, srl.) ach ar an drochuair, níl dóthain tithe le haghaidh na clanna. Tá an chomhairle contae ag déanamh iarracht dul i ngleic leis an bhfadhb, ach anois tá siad ag smaoineamh faoi tithe a dhéanamh ar na páirceanna Knocklyon United.[9]


  1. Cnoc Lín/Knocklyon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Knocklyon Badminton Club". www.knocklyonbadminton.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-08. Dáta rochtana: 2018-12-05.
  3. "About Us - Ballyboden St. Enda's GAA - Gaelic Football, Hurling, Camogie, and Ladies Football - Dublin, Leinster, Ireland.". www.bodengaa.ie. Dáta rochtana: 2018-12-05.
  4. "KNOCKLYON UNITED FC YOUR CLUB -". www.knocklyonunitedfc.yourclub.ie. Dáta rochtana: 2018-12-05.
  5. "Home" (en-US). Brothers Pearse AC. Dáta rochtana: 2018-12-05.
  6. "History" (en). St. Colmcille's S.N.S. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-29. Dáta rochtana: 2018-12-05T10:45:45Z.
  7. "St Colmcille's CS" (en). St Colmcille's CS. Dáta rochtana: 2018-12-05T10:47:20Z.
  8. "15 - Dublin Bus". www.dublinbus.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-12-04. Dáta rochtana: 2018-12-05T11:06:28Z.
  9. "Plans to construct houses on football club’s pitches" (en-gb). www.echo.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.[nasc briste go buan]