Jump to content

Ráth Eanaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRáth Eanaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 22′ 49″ N, 6° 10′ 30″ O / 53.3803°N,6.17498°W / 53.3803; -6.17498
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Údarás áitiúilComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla3.88 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411664

Bruachbhaile ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann, is ea Ráth Eanaigh (Raheny sa Bhéarla).[1] Tá sé láraithe timpeall ar lonnaíocht stairiúil a raibh cur síos déanta uirthi chomh luath le 570 RC. Paróiste shibhialta is ea é atá suite sa tríocha céad (nó barúntacht) cáiliúil sin darb ainm an Chúlóg.[2] Clochán beag suite cois farraige ab ea é i dtús báire ach tháinig borradh suntasach faoi, go tapa, sa 20ú haois, rud a d’fhág gur bruachbhaile den mheándlús é sa lá atá inniu ann, a bhfuil sráidbhaile aige mar chroílár.

Suíomh agus bealaí isteach ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ráth Eanaigh suite ar an gcósta, timpeall ocht gciliméadar (5.0 mhíle) ó lár Bhaile Átha Cliath agus seacht gciliméadar (4.3 mhíle) ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá sé suite i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá an teorainn le Comhairle Contae Fhine Gall in aice leis. Is iad Cill Easra, Cluain Tarbh, Ard Aidhin, Cill Bharróg, An Chúlóg agus Domhnach Míde na ceantair sa mháguaird ina thimpeall air, agus is é Binn Éadair an ghné is suntasach atá le feiceáil ón gceantar.

Déanann Bóthar Bhinn Éadair (R105) Ráth Eanaigh a roinnt ina dhá leath, agus déanann an R809 (a théann ó Oileán an Bhulla, suas Bóthar an Mhuilinn Uisce, agus ar fad na Sráide Móire agus Bhóthar an Stáisiúin) amhlaidh chomh maith. Is féidir teacht isteach ar Ráth Eanaigh ar Bhóthar Mhullach Íde (R107), ar Bhóthar Shéamais Uí Lorcáin, a théann taobh leis an gcósta (R807), agus ar an R104 (a théann trí Bhóthar Oscair Mhic Thréinir agus Bóthar Chill Bharróg).

St Anne's Park Clocktower - panoramio
St Anne's Park Clocktower - panoramio

Déanann Stáisiún Traenach Ráth Eanaigh, a osclaíodh é ar an 25 Bealtaine 1844,[3] agus atá suite ar barr airde, taobh le croí an tsráidbhaile, rochtain ar an gcóras iarnród bruachbhailteach DART chomh maith leis an príomhlíne Baile Átha Cliath-Béal Feirste, a chur ar fáil do lucht an cheantair seo, agus tá stáisiúin traenach eile, leithéidí Stáisiún Bhaile Hearmann agus Stáisiún Chill Bharróg áisiúil do lucht Ráth Eanaigh chomh maith. Tá seirbhísí bus ar fáil i Ráth Eanaigh (bealaí bus 29A, 31, 32, 32A, 32B agus na bealaí 105 agus 129 nach dtagann ach fíor-annamh, agus, le linn na hoíche, an 29N agus an 31N). Tá stad tacsaithe suite ann, freisin. Tá trí gharáiste ann, ceann ag ceachtar taobh den cheantar agus ceann amháin suite in ionad díolóir mótar i gcroílár an tsráidbhaile. Níl peitreal le fáil sa cheann i lár an tsráidbhaile, áfach.

Tailte atá ar fána réidh atá ann i roinnt mhaith den dúiche, agus tá roinn chrochta in Maywood agus Bettyglen agus radharc maith ar Oileán an Bhulla uaithi. Leanann an talamh ar fána ó lár an tsráidbhaile go dtí an stáisiún agus uaidh sin go Belmont, cnoc a raibh muileann gaoithe suite air tráth dá raibh. Bhí limistéar a bhí ina loig agus cairéal aolchloiche ann ach líonadh an talamh ann, mórchuid de le bruscar cathrach, agus ina dhiaidh sin rinneadh an talamh ann cothrom agus aistríodh é ina pháirc chathrach, Páirc Éadan Mór.

Gnéithe Stairiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fothrach de ráth mór iontach-sean suite i gcroílár Ráth Eanaigh, as ar ainmníodh an ceantar. Téann teorainn an ráth faoi lár an tsráidbhaile sa lá atá inniu ann, ó thaobh Abhainn Sheantraibh, ina bhfuil eanach ann, chomh fada leis an Eaglais Caitlicigh Rómhánaigh, Windsor Motors, Din na nGasóg agus an dá eaglais ann faoin ainm “Naomh Assam”. Rinneadh tochaltáin éagsúla ann sna 1970í, agus de réir sin tá tuairim mhaith againn cé chomh mór is a bhí sé (meastar timpeall 110 méadar trasna) agus cén saghas gné a bhí i gceist ann. Seans go bhfuil tionchar an ráth le brath in ionad na seaneaglaise agus na reilige atá suite in aice le príomhbhóthar an tsráidbhaile, agus i gclaí atá suite taobh thiar de Dhin na nGasóg chomh maith.

Cuireadh athruithe suntasacha i gcrích sa suíomh seo le linn an 19ú haois, nuair a rinne an Telford Engineering Company oibríochtaí ann; roimhe sin, shroich an bóthar an sráidbhaile ag bun an chnoic phríomha agus ansin chas sé ar chlé go tobann i dtreo an chósta ag barr na Sráide Móire. Laghdaíodh an méid den seanráth atá fós ann nuair a rinneadh oibríochtaí chun an bóthar a chur ar bhealach níos dírí chomh maith.

Suímh Reiligiúnacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Eaglais na Naomh Uile (Eaglais na hÉireann) i Ráth Eanaigh, an eaglais inar phós Bono (U2) Ali Hewson.
Eaglais na Naomh Uile (Eaglais na hÉireann) i Ráth Eanaigh, an eaglais inar phós Bono (U2) Ali Hewson.
Cros "i stíl Cheilteach" i lár Ráth Eanaigh agus fothrach na tseaneaglaise taobh thiar de.
Cros "i stíl Cheilteach" i lár Ráth Eanaigh agus fothrach na tseaneaglaise taobh thiar de.

Ceaptar gur comharba den luathlonnaíocht reiligiúnach é Eaglais Naomh Assam, a tógadh in 1712 í nuair a athógadh foirgneamh a bhí ann roimhe sin, agus tógadh an tseaneaglais sin in 1609. Tá eaglais eile ann faoin ainm Eaglais Naomh Assam chomh maith, os comhair na heaglaise sin, a tógadh in 1864, sa tréimhse sin ina tugadh ar ais an cearta eaglaisí a bheith ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Bhí dhá thobar beannaithe suite i Ráth Eanaigh chomh maith. Tá Páirc Naomh Áine ainmnithe as an chéad cheann den dá thobar sin, Tobar Naomh Áine. Tá suíomh an tobair seo fós le feiceáil faoi bhun chúpóla déanta as cnoic atá taobh leis an linn bád rámhaíochta sa pháirc, ach is fada an lá go raibh aon uisce le fáil ann, d’ainneoin na hiarrachtaí a rinne na húdaráis bhardasacha chun é a dheisiú. B’i bhfaiche ina bhfuil Eaglais Mhuire Mháthair Ghrásta Dé suite sa lá atá inniu ann a raibh an dara tobar, a bhí tiomnaithe do Naomh Assam, suite. An uair dheireanach a tugadh aon suntas air, bhí lug san áit ina raibh sé suite ach níos déanaí, san 20ú haois, clúdaíodh é agus rinneadh an t-uisce ann a atreorú isteach in Abhainn Sheantraibh.

Cuimhneachán do mhisinéir éigin ón 19ú haois arbh as an gceantar é agus a thug a aghaidh ar an India is ea an chros “i stíl Cheilteach” atá ar taispeáint sa sráidbhaile. Sa lá atá inniu ann feictear duit é ar an bpríomhshráid, ach roimhe seo bhí sé suite in, ar a laghad, trí shuíomh eile, agus d’íoc daoine as an India as.

Scéim na leac gorm

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá painéil mhóra ar a luaitear na gnéithe stairiúla agus nádúrtha is suimiúla i mBéarla agus i nGaeilge, le léarscáileanna de limistéar lár an tsráidbhaile, suite ar cheachtar taobh den chrosbhealach lárnach. Chomh maith leis sin, in 2016 rinne Comhlachas Gnó Ráth Eanaigh leaca staire gorma a shocrú ar, nó i ngaireacht do, 15 foirgneamh stairiúla, a chum Cumann Oidhreachta Ráth Eanaigh an t-ábhar scríofa atá le léamh orthu.

Ráth Eanaigh-ar-an-trá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí lonnaíocht eile, faoin 19ú haois ar a laghad, clochán, “dara Ráth Eanaigh”, Ráth Eanaigh-ar-an-trá, ag an suíomh sin ar a dtugtar “The Whip of the Water” i mBéarla (nó “an Fuipe san Uisce”) ina dtéadh Bóthar Bhinn Éadair taobh leis an bhfarraige, (agus ina dtéadh Sruthán an tSionnaigh isteach inti). Bhí bóthar ar an trá san áit, nach bhfuil rian de fágtha go deo, i ndiaidh dó a bheith scuabtha ag an bhfarraige. Ina dhiaidh sin, cuireadh an líne tram go dtí Binn Éadair ann. Leagadh amach an bóthar a théann ar fad an bhealaigh seo sa lá atá inniu ann, Bóthar Shéamais Uí Lorcáin, i bhfad níos deireanaí.

Muilinn agus an caladh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chomhartha den rathúnas, san 18ú haois bhí muileann uisce gar do bhéal Abhainn Sheantraibh agus dhá mhuileann gaoithe, ceann amháin ar Bhóthar Bhinn Éadair, agus ceann ar Ard Belmont, agus caladh cloiche, chomh maith.

Na teachíní gleoite "Crescent Cottages"

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Na teachíní gleoite i Ráth Eanaigh a dtugtar "crescent cottages" orthu.
Na teachíní gleoite i Ráth Eanaigh a dtugtar "crescent cottages" orthu.

Tá ocht dteachín gleoite ar a dtugtar “crescent cottages” lonnaithe ar Shráid an Stáisiúin, in aice leis an gcoirnéal le Sráid Bhinn Éadair, agus áirítear iad i measc na bhfoirgneamh is sine sa sráidbhaile. Thóg fear as an gceantar, Samuel Dick, iad timpeall 1790, agus bhí sé ina Ghobharnóir ar Bhanc na hÉireann ag an am. B’árais chónaithe iad do chuid de na fir a d’oibrigh ar eastát an Uasail Dick. Tugtar “na teachíní dó - ré - mí” ar na teachíní mar leasainm orthu. Tráth dá raibh, bhí oifig an phoist den sráidbhaile suite sa teachín is gaire don teach tábhairne an Station House.

Tá roinnt mhaith mhínithe éagsúla ar cad is bhunús leis an ainm “Ráth Eanaigh”: de réir mhíniú amháin, is é “Ráth Éanna” b’ainm den áit ar tús, agus gur tagairt atá ann ar thaoiseach áitiúil darbh ainm Éanna, agus de réir cheann eile ba é “Ráth Eanaigh” an t-ainm a bhí air ón dtosach, agus an focal “eanach” ag tagairt do riasc nó do bhealach trí riasc.[4] Teoiric eile atá ann ná gur “Ráth Ain Abha” an t-ainm a bhí air ar tús, nó “Daingean Amhra an Mhuir”.[5] Seans maith nach réiteofar riamh an cheist, ós rud é gur cailleadh bunús an méid sin ainmneacha, go háirithe d’áiteanna laistigh den Pháil. Tugann muintir na háite “Ráth Éanna” air agus de ghnáth is é “Ráth Eannaigh” a dtugann na húdaráis oifigiúla air. Suas go dtí an meán 20ú haois, d’fhoghraíodh a lán de mhuintir na háite an t-ainm sa Bhéarla mar “Rahenny”, nó mar “Ratheny”, seachas mar “Raheny”.

Cé go bhfuil na srianta d’ainmneacha cosúil leis le haimsiú timpeall na tíre (leithéidí Ráth Eanchú, nó Rahanna sa Bhéarla), is beag nach ainm leithleach ar fad é an t-ainm “Raheny” sa Bhéarla, agus an t-ainm céanna curtha ar aon áit amháin eile sa tír, ceantar beag sa bhaile tuaithe Lusca. Níl an áit seo, a bhí ina lonnaíocht thábhachtach mainistreacha agus sibhialta i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, tráth dá raibh, i bhfad i gcéin uaidh ach níl aon cheangal idir an dá áit, go bhfios dúinn.

Chomh maith le hAbhainn Sheantraibh, téann an Nainicín (the Naniken River sa Bhéarla) tríd, chomh maith le Sruthán an tSionnaigh agus Sruthán an Blackbanks, a dhéanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath monatóireacht orthu go léir. Tagann Sruthán an tSionnaigh agus Sruthán Blackbanks ar sruth ón limistéar aolchloiche ar barr Shráid an Stáisiúin (ina raibh uaimheanna agus cairéil ann fadó), ceann ar cheachtar taobh den chnoc ghéar sin, Cnocán na hOlóige, ar Bhóthar an Stáisiúin. [...] [...]

Na "Stáblaí Dearga" i bPáirc Naomh Áine
Na "Stáblaí Dearga" i bPáirc Naomh Áine

Gné shuntasach sa cheantar is ea an trá atá beagnach cúig chiliméadar ar fad darb ainm Trá Chnocán Doirinne, suite ar Oileán an Bhulla Thuaidh, atá ina anaclann dúlra agus í suite i gCluain Tarbh chomh maith le Ráth Eanaigh. I measc na bhfearann páirce atá sa cheantar, áirítear an dá pháirc bhardasacha is mó i mBaile Átha Cliath, Oileán an Bhulla Thuaidh agus Páirc Naomh Áine (roimhe seo ina baile do mhuinir Guinness a bhfuil clú orthu as an ngrúdaireacht agus an bhaincéireacht), atá suite i Ráth Eanaigh agus i gCluain Tarbh araon. Chomh maith leis sin tá Páirc Éadan Mór suite ann (ina bhfuil páirceanna imeartha agus cúrsa galf dhá mhaide), agus Páirc Bhóthar Ghleanntán an Tobair (ar fad Abhainn Sheantraibh) agus a lán áiteanna féarmhara beaga eile scaipthe timpeall an cheantair.

Is iontach an áis é an bealach cois farraige chun siúlóid nó rothaíocht a dhéanamh (is féidir siúl nó dul ag rothaíocht ó Bhinn Éadair gan bhac, cé is moite i gCeantar na nDugaí). Is amhlaidh iad Páirc Naomh Áine agus na sráideanna atá faoi dhuilleog sa cheantar.

Eagraíochtaí agus na meáin chumarsáide

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán de na gnólachtaí áisiúla, chomh maith le roinnt comhlachtaí sibhialta, ina mbaill de Chomhlachas Gnó Ráth Eanaigh (nó Raheny Business Association (RBA) sa Bhéarla), cineál comhlachais tráchtála. Faigheann Grúpa Shráidbhaile Slachtmhar Ráth Eanaigh urraíocht ó ghnólachtaí agus ó ghrúpaí éagsúla sa cheantar, go háirithe ó Chomhlachas Gnó Ráth Eanaigh a fheidhmíonn mar chomhordaitheoir den ghrúpa, leis.

An Comhshaol agus na Bailte Slachtmhara

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Grúpa Shráidbhaile Slachtmhar i Ráth Eanaigh le blianta fada anuas, a thiomáineann gníomhaíochtaí le haghaidh chomórtas na mBailte Slachtmhara, agus d’éirigh leis an ceantar roinnt mhaith dámhachtain chathrach a bhaint amach a bhuí le h-iarrachtaí an ghrúpa. In 2006, chuir Comhlachas Gnó Ráth Eanaigh tús le hurraíocht a chur ar fáil do chomhordaitheoir íoctha páirtaimseartha chun obair an ghrúpa a stiúradh. Éiríonn le Ráth Eanaigh i gcomórtas na mBailte Slachtmhara go seasta. Bhain sé amach an grádú measúnaithe “Molfar go mór é” in 2008 agus sa tuarascáil nótáilte, rinneadh tagairt don fhéidearthacht go mbuafadh an sráidbhaile an comórtas ar fad, ach amháin go ndéanfar píosa beagán níos mó eagraíochta i bhfeidhm san iarracht. Fuair Ráth Eanaigh an bua sa chatagóir “Sráidbhaile Uirbeach is fearr” in 2009 agus bhí sé i measc na cheithre cheantar i mBaile Átha Cliath Cathrach a fuair ardmholadh sa chomórtas ginearálta an bhliain sin.[6][7] Fuair Ráth Eanaigh an gradam le haghaidh an “Sráidbhaile Uirbeach is fearr” den athuair in 2014.[8] Fuair Ráth Eanaigh bonn cré-umha i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara in 2015, 2016 agus 2017

Áiseanna agus gnólachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rud amháin suntasach faoi Ráth Eanaigh ná go bhfuil an dara leabharlann bhardasach is gnóthaí i mBaile Átha Cliath suite ann, in aice le croílár an tsráidbhaile. Tá an gnólacht aturnae Carvill Rickard Solicitors cóngarach den leabharlann, agus é suite ar an suíomh ina raibh an chéad scoil Chaitliceach sa sráidbhaile. Thóg William Sweetman é timpeall 1820. Tá Ospís San Proinsias agus Ospidéal Naomh Seosamh (atá faoi riar Ospidéal Beaumont) suite i Ráth Eanaigh chomh maith, agus ionad sláinte áitiúil, Aontas Creidmheasa, agus stáisiún Garda Síochána chomh maith. Tá an stáisiún Garda Síochána suite trasna an bhóthair ó na scoileanna ar Chéide na Naomh. I ngaireacht leis sin, tá ceann de na trí ionad thrialacha tiomána atá i mBaile Átha Cliath suite i Ráth Eanaigh agus plás beag siopadóireachta, plás siopadóireachta San Áine, suite ann freisin.

I measc na háiseanna áitiúla áirítear a lán siopaí agus cúpla plás siopadóireachta. Tá roinnt mhaith institiúidí airgeadais ann, chomh maith le club sláinte, agus dornán dochtúirí, fiaclóirí agus soláthraithe sláinte mhalartach leis. Dúnadh linn snámha an cheantair, a bhí in aice Choláiste Naomh Pól (cé go raibh sé seachtrach dó) don phobal in 2006.

Oideachas tríú leibhéal

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá campas ag Coláiste Dhúlaigh, Coláiste Breisoideachais sa cheantar.

Ionad Siopadóireachta Ráth Eanaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plás siopadóireachta gnóthach atá suite i gcroílár an tsráidbhaile, ar thaobh Bhóthar Bhinn Éadair, in aice le hAbhainn Sheantraibh, is ea Ionad Siopadóireachta Ráth Eanaigh. Is é Supervalu an príomhaonad ann. Chomh maith leis sin tá banc AIB, Banc Uladh, caifé/bialann, agus aonaid siopadóireachta éagsúla eile suite san ionad siopadóireachta. Tá roinnt aonaid mhiondíola agus ionaid díolacháin seirbhísí suite trasna an bhóthair ón ionad siopadóireachta. Tá gnólacht aturnae, Barron Morris solicitors, suite ann. Stadann na bealaí bus 31 agus 32 ag an ionad siopadóireachta, ag stad ‘Shráidbhaile Ráth Eanaigh’.

Go dtí le déanaí, bhí ceann den líon beag óstán atá suite i mbruachbhailte ar an taobh tuaisceart den chathair suite i Ráth Eanaigh; Rinneadh an easpa óstán seo a laghdú nuair a tógadh scata óstán gar d’Aerfort Bhaile Átha Cliath (atá seacht gciliméadar (4.3 mí) ó Ráth Eanaigh). Tháinig saol an Óstáin Sheiling, suite sa sean Fox Hall, agus cuid den ghrúpa óstán Regency, chun deiridh luath in 2008, i ndiaidh dó cead pleanála a fháil, ach amháin go raibh ar na húinéirí cinneadh a achomharc, chun an príomhfhoirgneamh, foirgneamh stairiúil a raibh cosaint an dlí air, a atógáil mar árasáin le bloic bhreise d'árasáin in aice leis. Tabhair do d’aire Nóta 1

Lena chois, tá roinnt mhaith tithe leaba is bricfeasta sa dúiche.

Tá cúpla teach tábhairne ann, i measc na cinn a aithnítear is mó tá an Cedar Lounge, an Station House, an (Raheny) Inn agus an Watermill, agus i measc na háiteanna inar féidir béile a fháil tá an Watermill agus trí bhialann, ceann amháin suite i gceann de na trí shean-tithe scoile atá suite i lár an tsráidbhaile, ceann eile san fhoirgneamh ina raibh Raheny Hardware lonnaithe roimhe seo, agus chomh maith le sin tá caifé ina bhfuil béilí le fáil ann suite faoi bhun an phríomhionaid siopadóireachta.

Institiúidí reiligiúnacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá séipéil de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus d'Eaglais na hÉireann (an Eaglais Anglacánach) araon suite i Ráth Eanaigh, agus ceann amháin de na cinn de chuid na hEaglaise Caitlicí ina foirgneamh ollmhór suite in aice le croílár an tsráidbhaile agus í go hard os a cionn, agus an séipéal den dara heaglais luaite thús suite i suíomh gleoite ar an mbealach isteach go croí na sráidbhaile ón gcathair.

Is í Eaglais Mhuire Mháthair Ghrásta Dé an séipéal de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí atá suite i lár an tsráidbhaile, agus í ar an eaglais pharóiste de Ráth Eanaigh. Ba iad Peppard and Duffy na hailtirí a dhear í, agus cuireadh dlaoi mhullaigh ar an bhfoirgneamh in 1962 tar éis don tionscnamh a bheith curtha ar ordú John Charles McQuaid chun dóthain spáis a chur ar fáil do thréad a eaglaisean féin a raibh borradh mór faoi sa cheantar ag an am. Osclaíodh an séipéal Dé Domhnaigh, an 22 Iúil, 1962. Tá triantán mór agus triantáin bheaga laistigh de sin ar an taobh den fhoirgneamh ina bhfuil an príomhbhealach isteach inti suite, ag féachaint siar ar mhóitíf thraidisiúnta atá le feiceáil i seanséipéil Rómhánúil éagsúla in Éirinn. Tá aghaidh an fhoirgnimh agus an túr cloigín déanta as aolchloch ghlas.

Tá an séipéal Caitliceach a bhí ann roimh don Séipéal Mhuire Mháthair a bheith tógtha, Séipéal Naomh Assam, atá i bhfad níos lú agus nach n-úsáidtear rómhinic go deo í, díreach os a comhair amach. Éiríodh as í a bheith ina séipéal ina bhfreastalaíodh an tAifreann go coitianta nuair a osclaíodh Séipéal Mhuire Mháthair. Struchtúr atá faoi chosaint is ea.

Chomh maith leis sin, tá eaglaisí eile sa dúiche, ceann i gcruth pirimide i bParóiste Chill Bharróg-Ghort an tSionnaigh, Eaglais Naomh Beinidict i bParóiste Pháirc na nGráinsí, agus Eaglais Naomh Bríde i bParóiste Chill Easra, chomh maith leis an séipéal i Mainistir na gCaipisíneach. Tá cúpla ord rialta eile de chuid na hEaglaise Caitlicí sa cheantar. Ar feadh na gcéadta bliain, roimh do na heaglaisí sa cheantar a bheith tógtha, bhí ar lucht Ráth Eanaigh freastail ar an Aifreann sa Chúlóg nó, ina dhiaidh sin, i gCluain Tarbh, nó fiú i dtithe timpeall na dúiche.

Ba é Arthur Guinness, an Chéad Bharún Ardilaun, a mhaoinigh tógáil an eaglais de chuid Eaglaise na hÉireann, don Pharóiste Anglacánach de Ráth Eanaigh (atá curtha in éineacht le Paróiste Chúlóige sa lá atá inniu ann), Eaglais na Naomh Uile. Tá gnéithe ailtireachta iontacha éagsúla san eaglais seo agus meastar í le bheith ar cheann de na heaglaisí is áille i mBaile Átha Cliath. Sular tógadh an eaglais seo, bhí eaglais níos sine suite i gcroílár Ráth Eanaigh chun freastail ar Anglacánaigh Pharóiste Ráth Eanaigh, Eaglais Naomh Assam, ceann níos sine ná an ceann atá inniu ann, a bhí ann ó 1712, agus foirgneamh eile a bhí ann roimhe sin ó 1609, agus ceann eile roimhe sin chomh maith, leoga. Tá teach reachtaire suite i dtailte Eaglaise na Naomh Uile, chomh maith le halla pobail agus teach geata don ghiolla eaglaise a bhfuil bail mhaith fós air. Fógraíodh in Aibreán 2010 go raibh obair deisiúcháin shuntasach de dhíth chun díon na heaglaise a athchóiriú agus rinneadh ciste airgid a thiomsú chun na críche sin.

Ina theannta sin, tá halla cruinnithe mór de chuid Bhráithre Plymouth i mBettyglen “nua”. Tá eaglaisí do lucht na n-eaglaisí Meitidisteachais agus Preispitéireachais i gCluain Tarbh.

Cumainn Spóirt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lúthchleasaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Raheny Shamrock Athletic Club – lonnaithe sa seanteach scoile atá athchóirithe taobh thiar de Dhin na nGasóg ar fána an sean-ráth as ar ainmníodh Ráth Eanaigh. Eagraíonn na Shamrocks Rása Bóthair Cúig Mhíle Ráth Eanaigh gach uile bhliain, agus 30 eachtraí eile le linn na bliana. Is é an cumann lúthchleasaíochta is mó i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus tá ceithre lúthchchleasaí Oilimpeacha a raibh ina mball sa chlub.[9]
  • CLG Ráth Eanaigh
  • Bhí CLG Naomh Uinseann lonnaithe ar an taobh thuaidh de lár ar sráidbhaile, ach d’aistigh sé go Domhnach Cearna.
  • Raheny Aontaithe C.S. (Raheny United F.C.) – imríonn an fhoireann fhireann sinsear i Léig an Aontais Lúchleasaíochta (Athletic Union League). Bhí an fhoireann bhaineann sinsear ar ceann den ballfhoirne bunaidh de Léig Náisiúnta na mBan agus imríonn siad i Léig Sacair na mBan de Bhaile Átha Cliath (Dublin Women's Soccer League)
  • Grange Woodbine F.C. – imríonn siad a gcluichí baile ar Bhóthar Woodbine.
  • Belgrove F.C. – imríonn siad a gcluichí baile i gColáiste Phóil, Ráth Eanaigh
  • Club Gailf Naomh Áine (St. Anne's G.C.)– lonnaithe ar an taobh sin d’Oileán an Bhulla atá gar do Ráth Eanaigh.
  • Cumann Gailf Ríoga Bhaile Átha Cliath (Royal Dublin Golf Club) – atá suite ar Oileán an Bhulla chomh maith, i Ráth Eanaigh agus i gCluain Tarbh araon.
  • Páirc Naomh Áine – cúrsa gailf poiblí. Is é an iarchuntas ar an cúrsa seo ná 42, agus is é Andrew McMorrow a fuair é.
  • Cumann Leadóige Ráth Eanaigh – suite ag na cúirteanna leadóige i bPáirc Naomh Áine.
  • Club Badmantain Ráth Eanaigh
  • Raheny Smashers

Daoine a rugadh i Ráth Eanaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Brian Fenton, peileadóir a bhfuil cluichí Ceannais Peile na hÉireann buaite aige.
  • Simon Delaney, aisteoir agus léiritheoir
  • Arthur Guinness, Céad Bharún Ardilaun, fear gnó, polaiteoir agus daonchara
  • Jackie Gilroy, peileadóir a bhfuil cluichí Ceannais Peile na hÉireann buaite aige.
  • David Healy, síciatraí agus ollamh
  • Richard Maunsell, innealtóir iarainnród
  • Ciarán Whelan, iarchaptaen de fhoireann peile Bhaile Átha Cliath agus ainmnithe ina Shárimreoir Peile na Bliana i gCumann Lúthchleas Gael faoi dhó
  • David Henry, iarchaptaen de fhoireann peile Bhaile Átha Cliath
  • Dick Hooper, lúthchleasaí a bhí ina Oilimpeach trí uair agus a bhí ina lúthchleasaí sa Chraobhchomórtas Eorpach lúthchleasaí ceithre uair.
  • Pat Hooper, Reathaí maratóin, lúthchleasaí Oilimpeach, reathaí fadtréimhseach, Seaimpín de Mharatón Bhaile Átha Cliath 1979
  • Holly Carpenter, Miss Ireland 2011[10]

Daoine a chaith tréimhse ina chónaí ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Jane Barlow, Úrscéalaí
  • Cathal Ó hEochaidh - chaith sé tréimhse ina chónaí i 490 Bóthar Bhinn Éadair agus chaith a mhacsan Seán cuid dá leanbaíocht ina chónaí ann chomh maith. Chuaigh Ó hEochaidh san iomaíocht i dtoghcháin éagsúla cúpla uair agus é ina chónaí i Ráth Eanaigh, teip air san fhothoghchán in 1954 agus san olltoghchán an bhliain chéanna,[11] ach d’éirigh leis in Olltoghchán 1957. Níos déanaí ina shaol, d’aistrigh an tUasal Ó hEochaidh go dtí an ceantar sin i mBaile Dúill darb ainm an Ghráinseach (agus ar aithríodh a ainm ina dhiaidh sin go Domhnach Míde), agus go Cionn Sáile ní b’fhaide anonn ina shaol.*
  • Bernadette Greevy (3 Iúil 1940 - 26 Meán Fómhair 2008), meánsoprán. Ba ise a bhunaigh Féile Ceoldrámaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Anna Livia, agus a raibh ina stiúrthóir ealaíne air, leis. Ba ise an chéad ealaíontóir cónaithe i Rannóg na nEalaín Fheidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
  • Norman Baillie-Stewart, Oifigeach in Arm na Breataine oifigeach a thaobhaigh leis na Naitsithe
  • A.J. Cronin, úrscéalaí
  • Jon Berkeley, úrscéalaí leabhar do pháistí agus maisitheoir
  • Arthur Fields, grianghrafadóir sráideanna
  • Dáithí Ó Conaill, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí an IRA Sealadaigh agus de bhunaitheoirí an IRA leanúnachais níos déanaí[12]
  • Patrick Cannon, óglach an IRA Sealadaigh a thit sa ghleo ag teorainn Chontae Thír Eoghain é i mí Iúil 1976.
  • The Nolan Sisters, banna popcheoil baineann a bhí ann sna 1980í
  • Brendan Mullin, iarimreoir ar Fhoireann Rugbaí na hÉireann
  • Sara Berkeley, file

Daoine a d’fhreastail ar scoil i Ráth Eanaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Neil Jordan, léiritheoir scannánaíochta
  • Moya Doherty Léiritheoir agus comhbhunaitheoir ar Riverdance
  • Eileen Dunne léitheoir nuachta agus láithreoir raidió ar Raidió Teilifís Éireann

Daoine atá bainteach leis ar bhealach eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Théadh Bono as U2 go dtí an tseirbhís in eaglais i Ráth Eanaigh, agus phós sé Ali Hewson in Eaglais na Naomh Uile (Eaglais na hÉireann) i Ráth Eanaigh.

Rudaí Suntasacha le tabhairt faoi deara

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh an Grove Social Club Disco ar siúl i gColáiste Naomh Pól, Ráth Eanaigh ó 1975 go 1997. Cuireadh ar siúl é cúpla uair ina dhiaidh sin san Old Sheiling Hotel.

  1. Ráth Eanaigh/Raheny | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2.  Placenames Database of Ireland – Raheny civil parish
  3. Raheny station" Curtha i gcartlann 2007-09-26 ar an Wayback Machine (PDF). Railscot – Irish Railways. Retrieved 2007-09-03.
  4. teanglann.ie http://www.teanglann.ie/en/fgb/eanach
  5. Dublin, Cahill, 1922: Authentic Derivations of Place-Names in County Dublin Traced and Explained With the Aid of Real Evidence, MacNamara, M. A.
  6.  http://www.tidytowns.ie/newsItem.php?id=261 Curtha i gcartlann 2015-01-04 ar an Wayback Machine
  7.  http://www.tidytowns.ie/newsItem.php?id=134 Curtha i gcartlann 2015-01-04 ar an Wayback Machine
  8. http://www.seanhaughey.ie/politic-gallery/711/
  9.  www.rahenyshamrock.ie
  10. Dublin, The Irish Independent, Sunday 4 August 2011, retrieved from [1] 5 August 2011
  11. Dublin: Irish Independent, Friday 7 May 1954, official notice of contested election in constituency of Dublin North-East, ref. Charles Haughey, Chartered Accountant, Howth Road, Raheny
  12. Dáithí Ó Conaill Remembered"[nasc briste go buan]. irishfreedom.com

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]