DART

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
DART

Íomhá
Sonraí
CineálCóras iarnróid do chomaitéirí
Dáta na hoscailte oifigiúla23 Iúil 1984 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Tomhas53 (fad) km
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Gníomhaíocht
ÚinéirIarnród Éireann
OibreoirIarnród Éireann
Suíomh gréasáin oifigiúilirishrail.ie
Facebook: iarnrodeireann Twitter: IrishRail Instagram: irishrail Youtube: UCUv0raC9nFgwRy639qisrUw Cuir in eagar ar Wikidata

Is córas traenach áitiúil do cheantar Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Mearlíne Átha Cliath, ar a dtugtar DART de ghnáth (ón mBéarla Dublin Area Rapid Transit).

Stáisiún Uí Chonghaile
Sráid na Teamhrach

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáisiún na bPiarsach

Ritheann an DART ó Bhré i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin go Binn Éadair agus Mullach Íde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Stiúrann Iarnród Éireann atá mar chuid den eagras Córas Iompair Éireann, an DART. Is é an t-aon córas traenach leictreach sa tír.

Ceannaíodh carráistí nua in 2007

Is furasta gan táille a íoc sa chuid is mó de stáisiúin Dart i mBaile Átha Cliath agus turas traenach a dhéanamh saor in aisce. Easpa maoirseachta i stáisiúin bheaga Dart is cúis leis an rogha a bheith ag paisinéirí an táille a íoc nó gan a híoc. Coinnítear bacainní leictreonacha oscailte ar na saolta seo le haghaidh daoine a bhfuil pasanna saorthaistil acu, go háirithe daoine faoi mhíchumas.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh an DART ar an 23 Iúil 1984 mar chomharba ar chóras traenach díosail a bhí as dáta le fada.

Rinne infheistíocht ann faoi Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN), na hÉireann, 2002-2011. Ceannaíodh carráistí nua, agus tógadh stáisiúin agus ardáin nua.

Líonra an DART

Stáisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta stáisiúin DART[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thuaidh ó Ghabhal Bhinn Éadair

Mullach Íde, Port Mearnóg
Soir ó thuaidh ó Ghabhal Bhinn Éadair
Binn Éadair, Cill Fhionntain, Cois Bá
Ó dheas ó Ghabhal Bhinn Éadair
Gabhal Bhinn Éadair & Domhnach Míde, Cill Bharróg, Rath Éanaigh, Baile Hearman, Cill Easra, Bóthar Chluain Tarbh, Stáisiún Uí Chonghaile
Ó dheas ó Abhainn na Life
Sráid na Teamhrach, Stáisiún na bPiarsach, Duga na Canála Móire, Bóthar Lansdúin, Stáisiún Dhumhach Thrá, Stáisiún Pharáid Sydney, Baile an Bhóthair, An Charraig Dhubh, Rinn na Mara, Stáisiún Chnoc an tSalainn agus Baile na Manach, Dún Laoghaire, Stáisiún Chuas an Ghainimh agus Glas Tuathail, Stáisiún Ghleann na gCaorach, Deilginis, Cill Iníon Léinín, Seanchill, Bré Uí Dhálaigh, Na Clocha Liatha

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Máire Ní Bhraonáin / Nuacht RTÉ (2024-03-04). "Táille a íoc ar an Dart? Do chomhairle féin, is cosúil ..." (as ga-IE). 

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]