Cois Bá
Cuma
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
| Contae riaracháin áitiúil | Fine Gall | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 2 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Logainm.ie | 127010 | |||
Is bruachbhaile in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath é Cois Bá[1] (Béarla: Bayside). Tá sé suite ar chósta thuaidh Bhá Bhaile Átha Cliath idir Cill Bharróg agus Cill Fhionntáin, agus é sa chríoch ag Baile Dúill. Tá an Bulla Thuaidh le feiceáil amach ó chósta Chois Bá.
Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Contae Fhine Gall.
Bunaíodh an ceantar sna 1970í. Ceantar cónaitheach é agus tithe dhá urlár ann den chuid is mó, iad leathscoite nó lochtánach, agus gairdíní tosaigh agus cúil acu. Tá stáisiún DART ann (Stáisiún Chois Bá), a osclaíodh ar an 11 Meitheamh 1973.
Is í an bhunscoil Scoil Mhuire agus Iósaf an t-aon scoil amháin sa cheantar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Cois Bá/Bayside | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
