Baile Brigín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Brigín

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°36′31″N 6°10′59″W / 53.6086°N 6.1831°W / 53.6086; -6.1831
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán21,722 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde6 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie16735
Suíomh gréasáinbalbriggan.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha fáilte go Baile Brigín

Is baile i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, é Baile Brigín. [1] Tá an baile cósta seo suite 32 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath i gceantar riaracháin Chontae Fhine Gall.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig fás as cuimse ar an daonra ag tús na 21ú haois toisc go raibh méadú tobann ar éileamh ar thithíocht i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mhéadaigh an daonra Uirbeach ó 6,731 i 2006  go dtí 8,114 i 2016,[2] agus mhéadaigh daonra na Tuaithe ó 9,615 i 2006 go dtí 16,479 i 2016.[2] Tá daonra 24,611 i mBaile Brigín ach tá daonra lonnaíocht 21,722 sa daoináireamh na hÉireann 2016.[2]

Stair na háite[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tréimhse neoliteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta roimh tógadh eastát tithíochta in aice le Lána na Gráige.[3] Tháinig siad ar fhianaise lonnaíochta ón ré Neoiliteach. d'aimsigh siad fothrach ó theach Neoiliteach.[3] Seo an áit a bhféadfadh na chéad fheirmeoirí a bheith ina gcónaí sa cheantar 5000 bliain ó shin.[3] Rinneadh an teach as plancanna adhmaid agus bhí sé sé mhéadar ar leithead.[3]

Ré na meánaoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois.[3] Bhí clann Barnwell ina gcónaí sa chaisléan seo sa bhliain 1567. Bhí gairdíní, ocht dtionóntán, úllord agus páirc ann.[3] D'ionsaigh arm Oliver Cromwell an caisleán le linn Chogadh na hAon Bhliain Déag i rith na 1640dí.[3] Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta sa pháirc in aice leis an gcaisléan agus aimsíodh caor gunna mór a bhain leis an ionsaí, is dócha.[3]

18ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tréimhse seo, ba shráidbhaile iascaireachta é Baile Brigín. Thug an tiarna talún áitiúil George Hamilton tionscadail déantúsaíochta éadaigh chuig Baile Brigín.[4] Thóg sé monarchana agus d’fheabhsaigh sé an cuan tríd an gcéibh a thógáil.[4] Críochníodh an gcéibh sa bhliain 1763.[4]

19ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bhaile cuain agus margadh é faoin 19ú haois.[4] Sa tréimhse seo bhí an daonra 3,016 i mbarúntacht Baile an Ridire Thoir, áit atá Baile Brigín.[4] Bhí margadh ar siúl gach Luan agus bhí aonach eallach ar siúl i mí Aibreán agus mí Meán Fómhair sa bhaile.[4] Tógadh teach margadh sa bhliain 1811 chun áit cinnte a thabhairt do na margaidh sin.[4]

Imeachtaí staire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla cath meánaoiseach i mBaile Brigín sa bhliain 1329.[4] Champaigh Liam III Oráiste i mBaile Brigín tar éis Cath na Bóinne i mhí Iúil 1690.[4] Tharla Creach Bhaile Brigín ar an 21ú Meán Fómhair 1920.[4] D’ionsaigh na Dúchrónaigh Baile Brigín agus dhó siad ceithre theach is caoga, monarchan éadaí agus osánachta, agus ceithre theach tábhairne. Mharaíodar beirt fear áitiúil, Séamus Ó Laighléis agus Seán Mac Giobúin ar Shráid an Droichid. Níorbh mór Baile Brigín a atógail i ndiaidh na Creiche tar éis an léirscrios a rinneadh air.[4]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann abhann na Breicíne trí lár a'bhaile. Is as an abhainn bheag seo a thagann ainm an bhaile. Tagann ainm na habhna ón mbreac donn atá le fáil inti, mar is é brí 'breicín' ná breac beag.[5]

Suíomh agus taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile cósta seo suite 20 km ó Dhrochead Átha agus 30 km ó chathair Baile Átha Cliath.  Tá an baile lonnaithe in aice leis an mótarbhealach M1, a théann ó Bhaile Átha Cliath chuig Béal Feirste.[6] Níl sé ach 23km ó Aerfort Baile Átha Cliath. Tá córas iompar poiblí an-mhaith ann sa bhaile le go leor modhanna iompair.  Cuirtear seirbhísí bus ar fáil trí ‘Bus Átha Cliath' (a théann chuig na Sceirí, Ros Eo, Lusca, agus Sord Cholmcille), ‘Bus Eireann’ (a théann chuig Droichead Átha, Baile Iúliáin, Baile an Ridire, na Cúig Ḃóthar, Sord Cholmcille, agus Aerfort BÁC), agus ‘Local Link’ (a théann chuig Cros Mhic Giollagáin, Steach Maoilín, Baile Mhic Gormáin, an Aill, Baile Bachaille, an tSeanbhaile, Baile Ghabhra, agus Cill Dhéagláin). Cuirtear seirbhísí traein chuig BÁC, Droiched Átha, Dún Dealgan, Iúr Chinn Trá, agus Brí Chualann ar fáil i mBaile Brigín tríd an stáisiún traenach. stáisiún traenach.[6]

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áiteanna spéisiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Teach Solais Baile Brigín -  Tógadh an teach solais sa bhliain 1769 agus is é an dara theach solais beo is sine in Éirinn. Tá leacht greannta air i gcuimhne Pádraig Ó hÁinle, a bhá i stoirm ar an 24ú Lughnasa 1957, agus iarracht á dhéanamh aige a dhá chara, Caoimhín Ó Laighléis agus Gearailt Ó Luachra, a thógáil slán ón mhuir fíochmhar. Tiomnaíodh an leacht so i 1961.[7]
  • An Bataire - Tógadh an ghné chosanta seo i 1803 le taobh an cósta Baile Brigín.[7]
  • Caisleán Bhrí Mhór - Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois agus baineann Comhairle Contae Fine Gall leasa as i gcóir margaidh, taispeántais, agus seónna tinte ealaíona.[7]
  • Cuan Baile Brigín.[7]
    Cuan Baile Brigín
    hg
  • Droichead Iarnród Baile Brigín - Tógadh é in 1844 mar chuid den iarnród ó Bhaile Átha Cliath chuig Droichead Átha, díreach ó dheas ó stáisiún traenach a'bhaile. Is é an droichead iarnróid is sine in Éirinn le níos mó ná áirse amháin.[7]
  • Teach Cúirte Baile Brigín - Tógadh é sa bhliain 1844 as aolchloch agus suidheann an cúirt gach Déardaoin ann.[7]
  • Clochar Loreto -  Tógadh é sa bhliain 1857 mar chraobh den chlochar san Uaimh. Cuireann na mná rialta oideachas meánscoile ar fáil do chailíní. Bhí bunscoil measctha acu tráth idir 1950 agus 1986.[7]

Áiseanna poiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor áiseanna sa bhaile a thaiṫníonn le turasóirí agus an muintir áitiúl maraon. Tá cúig thráigh ghainimh suite i mBaile Brigín. Seo iad ó thuaidh go dheas: Trá Chnoc na gCoin, Trá Bhrí Mór, an Trá Tosaigh, an Trá Cúil agus Trá Choill Samhadh. Meallann na trátha neart turasóirí lae gach uile samhradh, mar tá radhairc áille uathu ar na Beanna Boirche, na Sceirí, agus ar Mhuir Éireann.[8] Is é an trá leis an rochtain is áisiúla an trá tosaigh toisc go bhfuil an stáisiún traenach suite cúig nóiméad uaidh. Bíonn margadh iascaireachta agus talmhaíochta ar siúl gach Aoine i mBaile Brigín.[8] Tá Club Gailf Bhaile Brigín suite leath-bhealach idir an baile agus Baile an Ridire, gar don M1. Bunaíodh an club gailf i 1945.[8] Athchóiríodh an cúrsa gailf i 2009 le gnéithe nua ar nós guaiseacha uisce dúshlánacha, bánóga níos leithne agus tí-bhoscaí nuadh.[8]

Tá diméin Ard Choille suite idir Bhaile Brigín agus na Sceirí. Ba eastát chlann Hamilton-Taylor é ó 1738, agus tugadh don stáit é i 1982. Is páirc poiblí é inniu agus tagann formhór na dturasóirí ar thuras lae.[8] Tá caisleán ón 18ú haois ann, le caifé, stiúidiónna ealaíne agus gairdíní luibhe, toradh, glasra, bláth, agus rós. Is meascán de chluain agus coill é an fearann máguaird, le binsí, láthair béile, agus clós súgartha. Tá carrchlós suite ag taobh theas na diméine agus is féidir Bus Átha Cliath 33 a thógáil ón séipéal Caitliceach i mBaile Brigín. [8]

Maidir le siopadóireacht, tá siopaí ar fud na príomh-sráide, agus tá ionaid siopadóireachta Millfield agus Castlemill, a dtógadh i 2011, gar don M1, ann chomh maith.[9]

Lóistín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá óstán amháin sa bhaile, an ‘Bracken Court’. Is féidir páirceáil ar an láthair saor in aisce d’aíonna.[10]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na naíonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naíonraí?.[11]

Na bunscoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor bunscoileanna i mBaile Brigín.

  • Scoil Naomh Treasa, Coill na Giúise. [12]
  • Gaelscoil Bhaile Brigín, Coill Samhadh – múintear ábhair sa scoil seo trí mheáin na Gaeilge. [12]
  • Scoil Chormaic, Cloch Ruairí. [12]
  • Scoil Náisiúnta Sheoirse, Maigh Lárach[12]
  • Scoil náisiúnta Naomh Molaga’s[12]
  • Scoil náisiúnta Baile an Ridire Thoir[12]
  • Scoil náisiúnta Naomh Peadair agus Póil[12]
  • Scoil Naoimh Benignus[12]
  • Scoil Naomh Fiontán[12]Scoil Naomh Treasa [12]

Na meánscoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúpla meánscoileanna i mBaile Brigín

  • Coláiste Ghlor na Mara[12]
  • Meanscoil Clochar Loreto[12]
  • Coláiste pobail Baile Brigín[12]
  • Coláiste pobail Ard Gioláinn[12]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Club Peile Rugbaí suite i mBaile Brigín agus imríonn an club i roinn 2B i Léig na Laighean.[13] Bunaíodh an club ar dtús i 1925.[13] Bhunaigh an club Corn na mBailte Cúige sa chomórtas Laighean do chlubanna Cúige i 1928.[13] Ní raibh mórán suime sa rugbaī i rith lár na dtríochaidí. Ansin bunaíodh Club Rugbaí Dealbhana lonnaithe i  mBaile Brigín i lár na gcaogaidí.[13] Athlonnaigh an club Rugbaí anin go nDroichead Átha.[13] Sa bhliain1967 bhunaigh Brendan Griffin club rugbaí do dhaoine óga sa bhaile.[13] Bunaithe foireann rugbaí do dhaoine fásta sa bhliain 1975.[13] Ba é Felim White an chéad chaptaen ar an gclub.[13] Sna 1990idí, bunaithe foireann na mna ach ag an am seo ní raibh a lán foirne mná ann agus ansin tháinig deireadh leis an bhfoireann.[13] Athbhunaíodh an fhoireann sa bhliain 2014.[13]

Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh club peile Baile Brigín sa bhliain 1998.[14] Is club mór é le os cionn tríocha foireann ann.[14]

Cumann Lúthchleas Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Cumann Uí Dhuibhir sa bhliain 1918 agus tá sé lonnaithe i Lána na Gráige.[15]Imriodh an céad cluiche i mBaile Uí Ghormáin.[15] Tá níos mó ná 700 ball ann.[15] Imrítear cluichí i bpáirce Brí Mhór.[15]

Reiligiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eaglais Naomh Peadar agus Pól

Eaglais Chaitliceach Rómhánach tiomnaithe do naoimh Peadar agus Pól suite ai mBaile Brigín. Tógadh an séipéal mór sa bhliain 1842.[7] Is sampla den ailtireacht Ghotach atá ann.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Baile Brigín/Balbriggan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 "[https://balbriggan.ie/balbriggan-today-summary-socio-economic-profile.pdf Balbriggan Today; A Summary Socio-Economic Profile]". Dáta rochtana: 2020-11-23.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 "Heritage by Area - Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-23.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 "[https://www.triposo.com/loc/Balbriggan/history/background Balbriggan, Republic of Ireland History]". Dáta rochtana: 2020-11-23.[nasc briste go buan]
  5. "Balbriggan Beach". Dáta rochtana: 2020-11-24.
  6. 6.0 6.1 "Balbriggan, Chamber of Commerce". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-25. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 7.7 7.8 "Buildings and Gardens, Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-24.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Discover Ireland: Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-25.
  9. "The heart of shopping in Balbriggan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-25. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  10. "Bracken Court Hotel". Dáta rochtana: 2020-11-26.
  11. "Creches and Playschools". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-03. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  12. 12.00 12.01 12.02 12.03 12.04 12.05 12.06 12.07 12.08 12.09 12.10 12.11 12.12 12.13 "Primary Schools". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-24. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  13. 13.00 13.01 13.02 13.03 13.04 13.05 13.06 13.07 13.08 13.09 "Balbriggan Rugby Football Club". Dáta rochtana: 2020-11-27.
  14. 14.0 14.1 "Balbriggan F.C". Dáta rochtana: 2020-11-28.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 "Club History". Dáta rochtana: 2020-11-28.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]