Tír an Iúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tír an Iúir
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2016) 3,741
Airde: 54 m (177 ft)
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin

Is baile mór é Tír an Iúir (Béarla: Terenure ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an baile cónaitheacht is mó i mBhaile Átha Cliath. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. Fuair Hugo Barnwell Tír an Iúir ón Rí Seán i 1215. Bhí Hugo agus a theaghleach ina gconaí ann go dtí 1652, nuair a cailleann siad na tailte. Fuair Cromail Tír an Iúir agus na tailte sa bhlian 1654, agus léas sé iad go Maorsháirsint Eliott. Ag an am sin, bhí caisleán amháin ann, muileann amháin, agus sé tithe chomh maith i dTír An Iúir ina hiomláine. Bhí thart ar fiche daoine ina gconaí ann, bhí daonra iontach beag i dTír in Iúir fadó. Bhí Tír an Iúir agus Camaigh ceangailte le cheile blianta ó shin, bhi na dhá háiteanna nó baile ferainne le cheile mar aít chéanna amháin. Sa bhliain 1671, cheannaigh duine as an arm Chromail na tailte, le haghaidh £4000. Thionóil sé an caisleán go dtí teach tithe móra millteacha agus bhí siad ina ina chónaí ann go dtí 1789, nuair a dhíolter sé móran de na tailte do Abraham Wilkinson.


Tháinig na Shaws, clann mhór (as William Shaw), clann a bhí ag troid i measc na gCath na Bóinne, go dtí Baile Atha Cliath agus leás siad Teach Tír an Iúir i 1785. Dhá bhlian ina dhiadh sin, thóg Shaw cuid nua den teach, an chuid atá os comhair den Colaiste Tír an Iúir sa lá atá inniu ann. Tá an teach mhór eile ar thaobh an bothair i Bushy Park. Thóg Arthur Bushe an teach sin timpeall an bliain 1700. Tugtar Teach Bushe ar an chéad ainm ar an teach ar dtús agus bhí an teach mhór roinnt tríd na glúnta i rith na mblianta. Cheannaigh John Hobson an teach sa bhliain 1722 agus d'athrigh sé an t-ainm chuig Bushy Park. Tar eis sin, sa bhliain 1791 cheannaigh Abraham Wilkisnon Bushy Park, agus bhí an chhuid is mó den Tír an Iúr go ginearalta aige ag an am chomh maith. Thóg sé an aít go hiomlán, chomh maith le £10,000 do María, an iníon amháin a bhí aige. Bhí sí pósta le Robert Shaw Jnr. Fuair a hathair bhás agus fuair Robert Shaw an teach mar chuid den oidhreacht, i 1796.

Dhíol sé é sa bhlian 1806 go Fredrick Bourne, duine gnóthach agus saibhir a bhí sé. Bhí na Bournes ina conaí ann i teach Tír an Iúri go dtí 1857 agus an an am sin bhí lán speís ar an aít ón phobal, bhí cáill mhór ag an eastát maidir leis na radharcanna nádúrtha alainn, plandáil na bhforais agus na dtithe gloine. Ina theanta sin, bhí na tailte agus na pairceanna oscailte agus ar fáil le gach duine ag an deireadh seactaine.

Sa bhliain 1860, cheanaigh an tOrdú Carmelite an mhoin, agus d'oscail siad é mar mheánscoil lán buachaillí, agus d'eirigh siad eaglais suas fresin i 1958.

Ainmneacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagann an logainm Tír an Iúir ó na focail tíre (land) agus an Iúir (yew tree). D'athríonn an ainm i rith na mblianta. Is ea Tír an Iubair an chéad ainm a bhí ar an ceantar. Bhí Crois Thír an Iúir Terenure Cross (Vaughan's Corner) an teirminéal blíanta ó shin le haghaidh na tramanna agus tá sé luaite i Ulysses ó James Joyce (caibidil 7, Aeolus)

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (https://www.logainm.ie/ga/55993)

  • Trambhealach
  • Tirneywer (1228)
  • Tyerenure (1326)
  • Tyrnure (1399)
  • Tyreneuyr (1534)
  • Tirenower (1534)
  • Tyrynore (1547)
  • Tirenouer
  • Tirenure
  • Tirrynure
  • Tír an Iubhair
  • Tír an Iúir

Baile Fearainn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tabhair daoine stairiúil Tír an Iúir o ghlúin go glúin. Is bruachbhaile thiar-theas de chuid Bhaile Átha Cliath é Tír an Iúir, timpeall sé chiliméadar ó lár na cathrach. Tá Tír an Iúir ag críochantacht leis na mbailte eile Cromghlinn agus Ráth Garbh san oirthear, Droimeanach, Ráth Maonais agus Crois Araild sa tuaisceart, na Glaschnoic, Gort an Ime sa deisceart agus , Camaigh agus teach Mealóg san iarthar. Bruachbhaile lánfásta atá ann, ina bhfuil tithíocht sraithe príobháideach don chuid is mó. Tá an tionscal éadrom atá ann dírithe ar Terenure Cross, in iarthar an bhaile.

Teach Tír an Iúir

Áiteanna timpeal Tír an Iúir:

  • Gort an Ime ó dheas
  • Crois Araild Thiar ó thuaidh
  • Camaigh san iarthar
  • Ráth Fearnáin san oirthear
  • Ráth Garbh san oirthear
  • Ráth Maonais Thiar ó thuaidh
  • Teach Mealóg san iarthar

Bhí daonra 3,741 ann sa bhliain 2016, dar leis Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann.

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Terenure, Dublin - Road Race - geograph.org.uk - 827763.jpg
  • Rugadh Mick Dowling ann i dTír in Iuir, dornálaí oilimpeacha is ea é, agus t siopa spórt aige i gCrois Thír an Iúir.
  • CYM sacair agus club leadóg
  • Tír an Iúir foireann rugbaí
  • Terenure Rangers (foireann sacair)

Daoine Cáiliúla[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh an t-údar James Joyce i Cearnóg Brighton, i Rath Garbh, áit atá in aice le Tír in Iúir agus rugadh a mhathair (Mary Jane) 90 méadar ón séipéal i gCrois Thír an Iúir i 1859. Rugadh lán aisteirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí ann i dTíir in Iúir cosúil le Donal McCann, Máirtín Ó Direáin agus Dave Allen. Rugadh dhá grúpa ceoil mhór ann fresin; Republic of Loose agus The Coronas. Chuaigh The Coronas go dtí Colaiste Tír an Iúir agus seinneann siad a lán de na cuid amhrán atá acu as Gaeilge. Chuir siad béim mhór ar an Gaeilge tríd an ceoil. Is iad Heroes or Ghosts agus Eist a Ghrá na amhrán níos coitianta a seinneann siad tríd an leagan Gaeilge.

Oideachais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá a lán scoileanna i dTír an Iúir, le haghaidh páistí óga agus cúrsaí don daoine fásta freisin.

  • St. Joshephs Boys National School
  • Terenure College
  • Our Ladys College
  • Eden Montessori School
  • The High School
  • Presentation College
  • St Pius X Boys National School

Tá béim mhór ar an Gaeilge i beagnach gach scoil i dTír an Iúir agus bíonn an cathaoirleach (Dáithí Mac Eochaidh) agus an runaí (Mícheál Mac Gabhann) den Cumann na mBunscoil ag obaír i St Pius X Boys National School.

Crois Thír an Iúir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn iarrachtaí chun an Gaeilge a chur chun cinn an t-am ar fad i dTír an Iúir. Tá a lán siopaí, pubanna, bialanna agus caifé suite i Crois Thír an Iúir agus tabhair siad spreagadh don Gaeilge mar teanga agus mar mhéan cumarsáide. Bíonn Gaelbrathach ag obair le na scoileanna i dTír in Iúir chun teanga a aimsiú i measc na ndaltaí. Bíonn Maidin Caife ar fáil ar an gCeadaoin gach seachatin. Tá sé mar aidhm ag na Maidineacha Caife deis a thabhairt do dhaoine bualadh le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu agus an Ghaeilge a labhairt i suíomh nádúrtha. Beidh maidin caife ar siúl in Bistro 6, 90 Bóthar Thír an Iúir Thuaidh, BÁC 6W ó 11 ar aghaidh.

Crois Thír an Iúir

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]