Jump to content

The Coronas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThe Coronas

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2003, Tír an Iúir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2003 
SeánraRac malartach Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinthecoronas.net Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: thecoronasofficial X: TheCoronas Instagram: thecoronasofficial Youtube: UCZ_14GvPcQtZKge1LvnUzfQ Soundcloud: thecoronas Spotify: 2tppd6KkhK4ULAd217Ecq1 Last fm: The%20Coronas Musicbrainz: 59c3fe2b-468e-47cb-8173-3e3e81f8a75f Songkick: 11215 Discogs: 1744880 Allmusic: mn0002097141 Deezer: 196138 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna rac-cheoil as Éirinn iad The Coronas. Bunaíodh an banna ceoil sa bhliain 2007, agus ceathrar daoine atá ann: Danny O’Reilly (amhránaí agus seinm an ghiotáir), Dave McPhillips (príomhghiotáraí), Graham Knox (dordghiotáraí) agus Conor Egan (na drumaí). Tá lipéad ceirníní neamhspleách acu, agus eisíonn siad a guid ceoil tríd an lipéad seo. Bíonn an ceathrar atá sa mbanna idir dhá áit, Baile Átha Cliath agus Londain. Bhí O’Reilly, Knox agus Egan i gColáiste Thír an Iúir[1] agus bhí siad ag seinm ceoil le chéile ansin. Ina dhiaidh sin bhuail siad leis an mball deireanach den bhanna, Dave McPhillips. Is daoine cáiliúla iad na 'Coronas' anois, agus an-chuid oibre déanta acu leis an nGaeilge. Tá go leor amhrán agus albam cáiliúil ag The Coronas, agus cuid acu as Gaeilge.[2] Sampla suntasach ná 'Taibhsí nó Laochra' (leagan Gaeilge dá n-amhrán 'Heroes or Ghosts'), agus ceann eile dar teideal 'Éist a ghrá' (leagan Gaeilge dá n-amhrán 'Listen Dear').

Is mac leis an amhránaí cáiliúil Mary Black é an príomhamhránaí, Danny O’Reilly.

Baill an bhanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Danny O'Reilly - Canadh agus giotár
  • Dave McPhillips - Príomhghiotáraí
  • Graham Knox - Dordghiotáraí
  • Conor Egan - Drumaí agus canadh

Tá sé albam curtha amach ag The Coronas go dtí seo. Na hainmneacha ar na halbaim sin ná: Heroes or Ghosts (2007), Tony Was an Ex-Con (2009), Closer to You (2011), The Long Way (2014), Trust The Wire (2017), True Love Waits (2020), Time Stopped (2022), Thoughts and Observations (2024).[3]

  • Heroes and Ghosts - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2007. Ba é seo an chéad albam le The Coronas agus chuaigh sé suas go dtí uimhir 18 sna cairteacha albaim. Bhí an t-albam sna cairteacha ar fad 74 seachtain. Aistríodh an t-amhrán féin ‘Heroes or Ghosts’ go Gaeilge, 'Taibhsí nó Laochra'.
  • Tony was an Ex-con - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2009. Seo é an dara halbam. Chuaigh an t-albam isteach díreach ar uimhir a haon sna cairteacha[4] iTunes[5] in Éirinn. An tseachtain dár gcionn, chuaigh an t-albam isteach ar uimhir a trí sna cairteacha albaim. Tar éis éisiúint an albaim seo fuair The Coronas a gcéad léiriú teilifís ar an gclár cainte, The Late Late Show.
  • Closer to You - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2011. Bhí formhór an albaim scríofa nuair a bhí an banna i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí. Ina dhiaidh sin, chuaigh siad go dtí Los Angeles leis an albam a thaifeadadh. Fuair an chéad singil níos mó airde ná aon singil eile. Ba chéim mhór chun cinn é an t-albam ó thaobh ceoil de don bhanna.
  • The Long Way - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2014. Bhí sé ar an gceann is rathúla nuair a tháinig sé amach. Bhí a lán singlí tábhachtacha air, singlí mar ‘All The Others’, ‘Just Like That’ agus ‘At the Same Time’. Shroich ‘All The Others’ uimhir a trí i gcairteacha na hÉireann.
  • Trust The Wire - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2017. Tuilleadh den ábhar céanna atá le fáil air, ach go bhfuil na hamhráin níos suairce san albam seo. Is iad ‘We Couldn't Fake It’ agus ‘Give me a minute’ na príomhshinglí san albam seo.
  • True Love Waits - Tháinig an t-albam seo amach sa bhliain 2020.
  • Time Stopped - Chuaigh an t-albam seo go díreach go huimhir a haon nuair a tháinig sé amach in 2022.
  • Thoughts and Observations - In 2024 a tháinig sé amach. I nDaingean Uí Chúis a scríobhadh é agus i Londain a taifeadadh é.[6]

Seónna Suntasacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh The Coronas le gigeanna[7] beaga ach anois bíonn siad ar camchuairt go hairéiní.

Obair le Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá The Coronas tiomanta don Ghaeilge. Fuair na baill uilig a gcuid Gaeilge ar scoil. Rinne siad cúpla amhrán as Gaeilge mar creideann siad gur bealach maith agus bealach taitneamhach é leis an teanga a fhoghlaim. Rinne siad a lán oibre leis an gcoláiste Gaeilge, ‘Coláiste na bhFiann’. Sa bhliain 2009 rinne siad ceolchoirm le Coláiste na bhFiann[8] ag deireadh an tsamhraidh. Sa gceolchoirm, chas siad amhráin éagsúla as Gaeilge, ar nós 'Taibhsí nó Laochra'.

  1. Harrington, Essie. Brown, Dorothy, 1958- (2000). "Memories of Terenure : a Terenure 2000 millennium project". Terenure 2000/Tír an Iúir 2000. OCLC 45349892.
  2. EuroTalk Interactive (Firm) ([2008?], ©2003). "Foghlaim Gaeilge! = Learn Irish.". EuroTalk Ltd. OCLC 262612976.
  3. "The Coronas - Discography" (en). Album of The Year. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  4. Marc Capalbo (1980). "Charts". Perspectives of New Music 19 (1/2): 309. doi:10.2307/832597. ISSN 0031-6016.
  5. N. Jacobsen (2016-09-01). "iTunes iTunes : ein trojanisches Pferd, das Musik macht". Das Apple-Imperium 2.0: 21–23. Wiesbaden: Springer Fachmedien Wiesbaden.
  6. "THE CORONAS - Thoughts And Observations - CD" (en). Spindizzy. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  7. Gigs. (2005). "It's all in your hands". ha-Taṿ ha-shemini. OCLC 71268445.
  8. Spillane, John. (℗2009). "More Irish songs we learned at school". EMI Music Ireland. OCLC 666822898.