Druma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilDruma
Cineálstruck membranophone (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs21

Sampla fuaime

An druma mór

Cnaguirlis ceoil ina bhfuil scannán craicinn nó plaisteach (ábhair eile go hannamh) rite ar athshonadóir cuasach nó fráma adhmaid nó miotail. Seinntear é tríd an scannán a bhualadh le bata nó lámh, agus rangaítear drumaí de réir a gcuma (mar shampla, cónach, sorcóireach, cruth orláiste, tiompán) agus líon na scannán (mar shampla, scannán aonair, dé-scannán). Is féidir an tiompán a thiúnadh chuig airde ar leith, tréith annamh i measc na ndrumaí.

Tá drumaí in úsáid ón aois Neoiliteach, agus faightear iad ar fud an Domhain. Úsáidtear iad chun cumarsáid a dhéanamh thar achar fada agus i searmanais shibhialta is reiligiúnda. Bhí ionad lárnach naofa ag drumaí i sochaithe in allód.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Druma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 225.