Jump to content

The Late Late Show (RTÉ)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó The Late Late Show)
Bosca Sonraí Sraith TeilifíseThe Late Late Show
Láithreoir(í)Patrick Kielty, Gay Byrne, Frank Hall agus Ryan Tubridy
TírÉire
Bealach teilifíseRTÉ a hAon
Líon séasúr54
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilrte.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0264270 TMDB.org: 2577 Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo leis an clár ar RTÉ; má tá suim agat sa gclár Meiriceánach, féach The Late Late Show (CBS).

Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]

Gay Byrne

Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann.  'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.

Pat Kenny
Ryan Tubridy

Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir.  D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.

D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]

Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]

Láithreoir Ó Go
Dáta Aois Dáta Aois
Gay Byrne6 Iúil 19622730 Bealtaine 196429
Frank Hall19 Meán Fómhair 19644319 Nollaig 196443
Gay Byrne2 Eanáir 19653021 Bealtaine 199964
Pat Kenny10 Meán Fómhair 19995129 Bealtaine 200961
Ryan Tubridy4 Meán Fómhair 200936Bealtaine 202349
Patrick Kielty15 Meán Fómhair 202352

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. RTÉ. "Late Late" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-07-06.
  2. 1 2 Breandán M Mac Gearailt (Márta 24 2023). "Dúléim na guaise le tabhairt ag an Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
  3. "To whom it concerns: Remembering Gay Byrne" (as en) (2019-11-18).
  4. Ar dhuine de na haíonna a bhí ar an gclár bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
  5. Nuacht RTÉ (2023-09-16). "Patrick Kielty i ndiaidh a chéad 'Late Late' a láithriú" (as ga).
  6. Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.