RTÉ a hAon
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | stáisiún teilifíse |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1961 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Úinéir | Raidió Teilifís Éireann |
| Suíomh gréasáin | rte.ie… |
Is stáisiún teilifíse é RTÉ a hAon atá mar chuid de RTÉ. Craoladh an chéad chlár in 1961 ar Telefís Éireann,[1] mar a bhí. Cuireadh tús le craoltaí teilifíse an 31 Nollaig 1961, ó shuíomh tarchuradóra i gCipiúr, gar do Bhaile Átha Cliath.[2]



Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1950, bunaíodh Coiste Teilifíse agus é mar aidhm aige Seirbhís Teilifíse na hÉireann a bhunú gan mórán tacaíochta airgeadais ó rialtas na hÉireann.[4] I 1960, athraíodh Radio Éireann ó chuid den Roinn Poist agus Telegrafa go comhlacht leathstáit agus tugadh freagracht dó as an teilifís. Fuarthas suíomh nua ar Ionad Táirgeadh Teilifíse i 1959 agus cuireadh tús leis an tógáil i nDeireadh Fómhair 1960.
Thosaigh Telefís Éireann ag craoladh ag 19.00 ar Oíche Chinn Bhliana, 1961.[5][3] D'oscail an t-uachtarán Eamon de Valera an cainéal.[6] Ina dhiaidh seo, bhí ceolchoirm bheo agus comhaireamh ar an mBliain Nua, le feiceáil ó Patrick O'Hagan (athair Johnny Logan) agus ‘The Artane Boys Band’.
Osclaíodh an lárionad teilifíse i mí Aibreáin 1962, foirgneamh a bhí thar a bheith nuálaíoch ag an am, deartha ag Scott Tallon Walker, ailtirí.[3]
Cuireadh tús leis an gclár 'The Late Late Show' i mí Iúil 1962 agus tá sé fós á chraoladh inniu. Chabhraigh cláir mar seo le tionchar a imirt ar struchtúr sóisialta na hÉireann sa 20ú haois. Thosaigh RTÉ ag iniúchadh teilifíse na bpáistí sna 1960idí (mar shampla le Dáithí Lacha).[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Teilifís Éireann
- ↑ "Raidió Teilifís Éireann" (as en) (2020-01-09). Wikipedia.
- 1 2 3 RTÉ (2021-12-28). "INTRODUCING 'IRELAND ON THE BOX'" (en-GB). About RTÉ. Dáta rochtana: 2026-03-07.
- ↑ Bowman, John 1942- (2011). "Window and mirror RTÉ television ; 1961-2011". The Collins Press. OCLC 930776416.
- ↑ Raidió Teilifís Éireann. (2002). "RTÉ programme-makers' guidelines : RTÉ treoirlínte do lucht déanta clár". RTÉ. OCLC 77256239.
- ↑ Áras an Uachtaráin (2014-03-27). "1961 President Eamon De Valera launches new television service 31-12-1961".
- ↑ "Raidió Teilifís Éireann" (as en) (2020-01-09). Wikipedia.