GAAGO

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGAAGO
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2014

Suíomh gréasáingaago.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Páirc an Chrócaigh

Aip, seirbhís IPTV agus 'ardán íoc ar amharc' is ea GAAGO, agus RTÉ agus an CLG mar scairshealbhóirí.[1]

Tá 180+ cluichí le fáil in 2023 chomh maith leis an gcainéal GAAGO TV. Deir CLG go ndéanfar clúdach iomlán, le tráchtaireacht agus anailís, ar 25 cluiche ar a laghad le linn na bliana.[2] Déanfar 22 cluiche i gcomórtas Chorn Mhig Uidhir, naoi gcluiche i gcomórtas Chorn Mhic Cárthaigh agus seacht gcluiche i gCorn Tailteann a shruthú ar GAAGO amháin.

Tá costas €12 i gceist le cluiche amháin a cheannach.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, shocraigh Sky Television gan a gcearta CLG 9 mbliana a athnuachan.[4] Agus deireadh tagtha leis an gconradh a bhí idir CLG agus Sky chun roinnt áirithe cluichí a chraoladh, d’fhógair CLG socrú nua craoltóireachta agus na cluichí á sruthú ar an tseirbhís GAAGO.[2]

Dúirt Virgin "Nuair a shocraigh Sky Television gan a gcearta CLG a athnuachan, ní dheara an Cumann Lúthchleas Gael teagmháil le craoltóirí eile lena fháil amach an mbeadh suim acu na cluichí a chraoladh, ach chinn siad gan aon chúis na cluichí a chur taobh thiar de bhalla íocaíochta." Ach bhí bhí leagan eile den scéal ag CLG. iarr CLG ar Virgin Media léiriú spéise a chur faoina mbráid maidir le cearta craolta, ach go ndearna an craoltóir neamhspleách soiléir gur i gcearta do chluichí a bhí "réidh le craoladh" a bhí a spéis.[2]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarraingíonn GAAGO conspóid, mar is spórt amaitéarach é Gaelic, srl.[5] Ach tuairiscítear go dtuillfidh RTÉ agus CLG €10 milliún ar GAAGO i mbliana.

Agus praghas á ghearradh ar na cluichí, tá leatrom á dhéanamh ar na daoine nach bhfuil na hacmhainní acu íoc as an tseirbhís, nó orthu siúd nach bhfuil ceangal leathanbhanda sách maith acu don chraoladh.[6] Dúirt an Tánaiste Micheál Martin ag tús na seachtaine go mba cheart go mbeadh na cluichí le feiceáil ar stáisiún atá ar fáil saor in aisce.[3][7] Dúirt an feisire Eorpach Seán Kelly go raibh CLG ag dul róthapa leis an teicneolaíocht, agus go bhfuil imní air faoi na daoine atá fágtha ina dhiaidh aige. Luaigh sé chomh maith an cleachtas ag cluichí CLG gan glacadh le hairgead tirim

Cuireadh i leith CLG go raibh ag teip orthu an iománaíocht a chur chun cinn go náisiúnta.[8]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont níos luaithe gur cheart go mbeadh dualgas ann cluichí móra amhail cluichí ceannais na hÉireann a chraoladh i nGaeilge agus ar an gcaighdeán céanna is a chraoltar i mBéarla iad.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "GAAGO: Passes & Bundles". www.gaago.ie. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  2. 2.0 2.1 2.2 Pádraic Ó Ciardha (2022-12-15). "Beirt chainteoirí Gaeilge i lár an aonaigh agus sonraí sheirbhís nua GAAGO fógartha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  3. 3.0 3.1 Cathal Moore, Ainilísí Spóirt agus Iar-Iománaí de chuid na Gaillimhe (11 BEALTAINE 2023). "Dearcadh Chathail ar chonspóid GAAGo, ó rinne an t-iománaí Dónal Cusack píosa cainte faoi fháil a bheith ar chluichí gan táille a bheith le n-íoc orthu." (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2023-05-10). "Deir CLG nár shuim le Virgin Media cearta craolta a cheannacht" (as ga-IE). 
  5. "Allagar faoi GAAGO" (as ga) (2023-05-10). 
  6. Dónal Óg Cusack ar RnaG (8 Bea 2023). "[Tá chonspóid ann faoi chluichí móra CLG gan a bheith ar fáil ach ar sheirbhís GAAGO ar gá íoc as. Labhair an réalt iomána Chorcaí Dónal Óg Cusack faoi seo ar an Sunday Game aréir. Phlé an paineál seo ar an gclár. Tús Áite: Conspóid GAAGO]" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  7. Tuairisc (8 Bealtaine 2023). "Níor chóir aon chluiche CLG a bheith ar ardán íoc ar amharc – An Tánaiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  8. Eoin Ó Catháin (15 Bealtaine 2023). "GAAGONE? Ní ceist airgid atá sa chonspóid faoi chluichí íoc ar amharc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-05-16.
  9. "RTÉ le clúdach iomlán i nGaeilge a dhéanamh ar chluichí ceannais na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-04-06). Dáta rochtana: 2023-05-16.