Jump to content

Iomáint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iománaíocht)
Infotaula d'esportIomáint
Cineálspórt foirne, cluiche liathróide agus Na Cluichí Gaelacha
Tír dhúchaisÉire
Fad ama70 min
Camán agus sliotar.

Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn den chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobtha ar domhan. Ceann de na cluichí Gaelacha atá ann, agus is é an Cumann Lúthchleas Gael a eagraíonn an spórt. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.

Is é cuspóir an chluiche ná níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Faightear pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir cuaillí na foirne eile. Tá trastomhas 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathar. As adhmad na fuinseoige a dhéantar an camán agus bíonn sé idir 26–40 orlach i leith. Bíonn ceann leata air ar a dtugtar bas. Tá an bas níos mó ar chamán an chúl báire, chun go mbeidh sé nó sí ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 ciliméad san uair agus suas go 100m ar fhad.

Tá baint ag an iomáint le camanachdiomain, cluiche a imrítear in Albain den chuid is mó.

Ainmneacha ar an Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réimse leathan ainmneacha a thugtar ar an gcluiche sa Ghaeilge.

  • iomáint / iomáin / iománaíocht
  • ag bualadh báire / báireoireacht / ag imirt báire / ag báire
  • camánacht
  • ag lúbadh na fuinseoige
  • cluiche lúibe (is liathróide)
  • hurláil

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh cosc ar iománaíocht a imirt faoi Reachtanna Chill Chainnigh sa 14ú haois..[1]

Rialacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An pháirc.

An pháirc imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte trasna na páirce ag 13 méadar, 20 méadar agus 65 méadar ó na cúl-línte. Is í an pháirc imeartha céanna a úsáidtear i bpeil Ghaelach.

Na foirne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúig imreoir déag i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúl báire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lár-pháirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúl báire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.

An liathróid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuilinn i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leathcheannais, 28ú Lúnasa 2004.

Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:

  • Ag tabhairt buail (nó poc) leis an gcamán
  • Ag déanamh pas boise (nó pas láimhe) leis an lámh
  • Ag ciceáil (tá sé ceadaithe, ach níl sé ró-éifeachtúil)

Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:

  • Ag piocadh na liathróide go díreach ón dtalamh
  • Ag caitheamh na liathróide
  • Ag rith níos mó ná ceithre choiscéim gan pasáil nó preab a dhéanamh ar an gcamán
  • Ag gabháil na liathróide trí huaire i ndiaidh a chéile gan tadhall leis an talamh
  • Ag caitheamh na liathróide ó lámh amháin go dtí an lámh eile
  • Ag caitheamh nó ag tabhairt pas boise isteach sa chúl
  • Ag caitheamh an chamáin
  • Ag déanamh scór nuair a bhfaigheann an ionsaitheoir an liathróid istigh sa chearnóg

Ag scóráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí phointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat glas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar thar an trasnán, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deiridh Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí chúilín).

Comórtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iománaithe cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann na Mílaoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na himreoirí is fearr a d'imir an spórt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.


Cúl báire
Máirtín "Tony" Ó Roideacháin
(Tiobrad Árann)

Lánchúlaí deas Lánchúlaí láir Lánchúlaí clé
Seán Ó Dúghaill
(Tiobrad Árann)
Nioclás Ó Domhnaill
(Loch Garman)
Roibeaird Mac Riocaird
(Loch Garman)

Leathchúlaí deas Leathchúlaí láir Leathchúlaí clé
Pádraig Ó Faoláin
(Cill Chainnigh)
Seán Ó Céin
(Port Láirge)
Brian Ó Faoileacháin
(Uíbh Fhailí)

Lár na páirce
Seán Ó Loingsigh
(Corcaigh)
Lorenzo Ó Meachair
(Cill Chainnigh)

Leatosaí deas Leatosaí láir Leatosaí clé
Criostóir Uí Rinn
(Corcaigh)
Mícheál Mac Aodha
(Luimneach)
Séamas Langtún
(Cill Chainnigh)

Lántosaí deas Lántosaí láir Lántosaí clé
Éadbhard Ó Cathaoir
(Cill Chainnigh)
Réamann Ó Coimín
(Corcaigh)
Séamas Ó Dúghaill
(Tiobrad Árann)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. erc.ie. "Amlíne Iománaíochta". Dáta rochtana: 2023.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Na Cluichí Gaelacha

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |