Cúla4
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | bealach teilifíse ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 31 Deireadh Fómhair 1996 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Úinéir | Teilifís na Gaeilge ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | cula4.com ![]() | ||||
Is cainéal teilifíse agu bloc clár é Cúla4 do pháistí ag Gaeilge. Feidhmíonn TG4 é. Tugann Cúla4 teagmháil rialta don óige leis an nGaeilge.[1] Chomh maith le drámaíocht agus le beochana Gaeilge, bíonn cláir nuachta agus faisnéise ann chomh maith (mar shampla, Eco Laoch a thosaigh i Méan Fómhair 20220.
Sa bhliain 2022, bhí maoinú do chainéal nua curtha ar fáil i mbuiséad TG4 don bhliain 2023, ag craoladh as Gaeilge ó 6am go dtí 8pm trathnóna.[1][2][3]
Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an bloc cláir den chéad uair sa bhliain 1996 mar Cúlabúla; tar éis TnaG a athbhrandáil go TG4, athainmníodh Cúlabúla mar "Cúla4". Amhail an 1 Meán Fómhair 2009, tá Cúla4 ar fáil mar chainéal ar leithligh do chustaiméirí Virgin Media Ireland ar chainéal 602.
Tá an chuid is mó de na cláir comhdhéanta de chláir náisiúnta agus idirnáisiúnta, le dubáil nó fotheidil i nGaeilge. Oibríonn Cúla4 le craoltóirí idirnáisiúnta chun leaganacha Gaeilge de shraitheanna teilifíse coitianta a tháirgeadh ar Nickelodeon, Cartoon Network agus PBS. Oibríonn sé freisin le cuideachtaí beochana náisiúnta chun cláir logánta a dhéanamh.
Tá cláir Cúla4 i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla, murab ionann agus a chomórtas ina bhfuil formhór a gcuid clár i mBéarla amháin (RTÉjr/TRTÉ, Nickelodeon, Cartoon Network agus Disney Channel).
Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fógraíodh sa bhliain 2022 go raibh cead faighte ag TG4 ón Roinn Cultúir agus Gaeltachta, Cúla4 a chraoladh ó 6am go dtí 8pm trathnóna. De réir taighde a bhí déanta ag an gcomhlacht Communications Chambers, ní bheadh ach thart ar 1,000 duine ar an meán ag breathnú ar Cúla4 agus is daoine fásta a deir siad, a bheidh i 90% acu. Fágann sin nach mbeidh ach 100 gasúr ar an meán ag breathnú ar an gcainéal nua.[4]
Bloic cláir i Cúla 4[cuir in eagar | athraigh foinse]
- CÚLA4 NA nÓG: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 2 agus 5 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Elmo Anseo, Tar ag Spraoi Sesame, Dora, Ni Hao, Kai-Lan, Franny's Feet, Dive, Olly, Dive agus The Mr. Men Show.
- CÚLA4: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 6 agus 11 bliana d'aois. Craolann sé cláir cosúil le Ben 10, Johnny Test, Spongebob SquarePants, Scaredy Scuirrel, Back at the Barnyard, Eliot Kid, The Mighty B!, Skunk Fu, Bog Stop, Fanboy & Chum Chum agus Clarence.
- PONC: Bloc cláir dírithe ar leanaí idir 12 agus 18 bliana d'aois. Tá roinnt clár drámaíochta beo ann, mar shampla Aifric, agus seónna idirnáisiúnta mar H2O, Life with Derek, 8 Simple Rules, Pimp My Ride, My Super Sweet 16, The Hills, The City, Gossip Girl, South Park, One Tree Hill, Dance Academy, Switched at Birth, Wipeout agus What I Like About You.
Cláirː Cúla4 na nÓg[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Abby & Scoil Eitilte na Síoga
- Ag Spraoi le Claude
- Arán Draíochta
- Béar Mór agus Gíog
- Dora
- Eachtraí Bert & Ernie
- Elmo Anseo
- Global ag Taisteal
- Igam Ogam
- Inui
- Kioka
- Loopdidoo
- Mouk
- Ni Hao, Kai-Lan
- Olivia
- Óstán Furchester
- Raa Raa an Leon Glórach
- Rith Diego Rith
- Saol faoi Shráid
- Toto i dTrioblóid
- Tractor Tom
- Traein na nDineasár
- Wonder Pets
- Wow! Wow! Wubbzy!
Cláirː Cúla4[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Angelo Rules
- Atomic Betty
- Avatar: The Last Airbender
- Codename: Kids Next Door
- Doodlebops Rockin' Road Show
- Edgar and Ellen
- Eloise
- Firehouse Tales
- Foster's Home for Imaginary Friends
- Garfield
- I.N.K. Invisible Network of Kids
- Jay Jay The Jet Plane
- Lizzie McGuire
- Pet Alien
- Puppy in my Pocket
- Scaredy Squirrel
- The Batman
- Scéalta Tom & Jerry
- Winx Club
- Watership Down (craoladh anois ar RTEjr)
Tá Cúla 4 tar éis roinnt scannáin leanaí a chur i nGaeilge, mar Harry Potter, Jungledyret Hugo, Free Willy, Scooby Doo, Charlie and the Chocolate Factory, Thumbelina agus A Troll in Central Park.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Niamh Ní Chróinín, láithreoir
- The Den
- Nickelodeon
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-09-28). "Cead tugtha ag an Aire Catherine Martin do chainéal nua Cúla4" (as ga-IE).
- ↑ "CÚLA4 – cainéal nua le bunú ag TG4 dírithe ar ábhar do leanaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-30.
- ↑ 3.0 3.1 "Láithreoir agus branda nua ag Cúla4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-03). "Ní aontaíonn TG4 gur luach teoranta a bhainfidh le cainéal Cúla4" (as ga-IE).