Niamh Ní Chróinín
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió, láithreoir teilifíse |
Fostóir | TG4 |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is láithreoir teilifíse agus raidió í Niamh Ní Chróinín agus is í an príomhláithreoir ag an tseirbhís do dhaoine óga a bhíonn ar Cúla4.[1][2] Bíonn baint mhór aici le himeachtaí Gaeilge do dhaoine óga. Tá sí ina hambasadóir ag Cúla4 freisin ag imeachtaí do dhaoine óga ar fud na tíre.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as Baile Átha Cliath do Niamh Ní Chróinín agus bhíodh sí ag obair roimhe seo ina DJ le TodayFM, 98Fm, Raidió RíRá agus RnaG. Bhí sí ina moltóir ar an tsraith Junior Eurovision ar TG4. Bíonn sí ina Bean an Tí ag BEO – comórtas ceoil Oireachtas na Gaeilge agus ag comórtas Scléip Ghael-Linn.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Láithreoir agus branda nua ag Cúla4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-30.
- ↑ An tOireachtas. "Niamh Ní Chróinín |" (ga). Aerthonnta. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-02. Dáta rochtana: 2022-10-02.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |