Gael Linn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gael Linn
GaelLinn.png
Ceanncheathrú: 35 Sráid an Dáma, BÁC 2
Teangacha oifigiúla: Gaeilge
Foirmiú: 1953
Suíomh gréasáin oifigiúl: Gael-Linn.ie

Eagraíocht Gaeilge í Gael-Linn a bunaíodh sa bhliain 1953 le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hÉireann ar gach aon nós ab fhéidir. Ba é an Comhchaidreamh réamhtheachtaire Ghael-Linn, agus na haidhmeanna céanna aige. Eagraíocht do lucht ollscoile - na mic léinn agus na céimithe araon - a bhí sa Chomhchaidreamh. Bhí an Comhchaidreamh ag obair ó lár na dtríochaidí anuas.

Bunú Ghael-Linn[athraigh | athraigh vicithéacs]

I ndiaidh Ré na Práinne, bhí athruithe móra ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shochaí na hÉireann go léir. Bhí caighdeán úr agus litriú nua ag dul i bhfeidhm ar an teanga, agus an tír féin á hoscailt don domhan mhór. Mar sin, shíl go leor daoine go raibh athchruthú agus athnuachan ag teastáil ó ghluaiseacht na Gaeilge féin. Ba í an chorrthónacht seo a thug spreagadh agus inspioráid dóibh siúd a bhunaigh Gael-Linn.

Fís a Bunaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar dtús, ní raibh i gceist le Gael-Linn ach scéim urraíochta. Nuair a tháinig an Comhchaidreamh le chéile i gCorcaigh i Mí na Márta 1953, ceann de na hábhair a bhí le plé ab ea an moladh ó Dhónall Ó Móráin go mbunófaí "linn pheile", in aithris ar na linnte sacairfootball pools i Sasana, ach í a bheith bunaithe ar na cluichí Gaelacha, go háirithe ar an bpeil Ghaelach. Pé proifid nó brabús a shaothródh an linn rachadh sé chun sochair do na scéimeanna Gaeilge. D'íocadh na baill cineál deachú, nó "scilling na Gaeilge", in aghaidh na seachtaine.

Lucht Bunaithe na hEagraíochta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig lucht ceannais na heagraíochta nua le chéile an chéad uair ar Shráid an Fheistí i Mí Lúnasa sa bhliain 1953. Dónall Ó Móráin a bhí ina chathaoirleach, agus bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ar duine de na daoine cáiliúla a bhí ag an gcruinniú. Daoine eile ab ea Aogán Brioscú, Máire Bhreathnach, Riobard Mac Górán, Clár Ní Dhuigneáin, agus Seán Ó Síocháin.

Fás Ghael-Linn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sé bliana i ndiaidh a bunaithe bhí Gael-Linn ag tabhairt uaithi breis is céad míle punt airgid in aghaidh na bliana le cúis na Gaeilge a chur chun cinn. Ar dtús, ní raibh i gceist ach maoiniú - is é sin, bhi Gael-Linn ag tabhairt tacaíochta do scéimeanna is d'fhiontair de chuid gníomhaithe eile i saol na Gaeilge. Tháinig athrú ar an scéal seo go gasta, áfach, agus thosaigh an eagraíocht ag dréachtú a cuid fiontar féin. Scéimeanna Gaeltachta a bhí i gceist ina lán cásanna, ar nós scéimeanna feirmeoireachta, tionsclaíochta agus turasóireachta. Bhí Gael-Linn ag tabhairt urraíochta agus ag soláthar scoláireachtaí do pháistí scoile Gaeltachta freisin. Maidir leis an gcultúr, bhí ciorcal drámaíochta ag obair sa Damer i mBaile Átha Cliath le cuidiú ó Ghael-Linn, agus ba sa Damer a céadléiríodh dráma cáiliúil Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall, a chuaigh ar fud an domhain ina dhiaidh sin faoi chulaith Bhéarla.

Múineadh na Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí múineadh agus teagasc na Gaeilge ar cheann de na clocha ba mhó ar phaidrín Ghael-Linn riamh, ní nach ionadh. Bhí sí ar tús cadhnaíochta ag cur ranganna Gaeilge ar bun do dhaoine fásta, agus bhí sí páirteach i ndréachtú agus i dtaifeadadh an chúrsa Gaeilge a d'fhoilsigh Linguaphone, an comhlacht idirnáisiúnta a rinne speisialtóireacht ar na cúrsaí féinteagasctha teanga a bhfuil taifeadtaí ag dul leo i bhfad sula ndeachaigh na foilsitheoirí eile leis an ngnó sin.

Ceannródaíocht na Mórmheán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí tuiscint mhaith ag Gael-Linn ar thábhacht na poiblíochta agus na mórmheán cumarsáide in obair na Gaeilge. Mar sin, bhí an eagraíocht sách luath ag maoiniú déantús scannán faisnéise, go háirithe Amharc Éireann. Is éard a bhí i gceist le hAmharc Éireann ná nuachtríl a chuaigh ar taispeáint ar phictiúrlanna na tíre go seachtainiúil. Roimh theacht na teilifíse, bhí tábhacht nár bheag leis na nuachtríleanna mar mheán cumarsáide, agus mar sin, ba bheart éifeachtach nuálach é Amharc Éireann lena linn féin. Tríd is tríd, bhí ról lárnach ag Gael-Linn i nua-aoisiú agus i mórmheánú na teanga.

Gael-Linn Inniu[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá ceannoifig Ghael Linn suite ag 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.

Foinsí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Seoltaí Séidte - Setting Sail. Forty-Three Historical Recordings. Traditional Songs in Irish and Tunes on Fiddle, Flute, Accordion and Uilleann Pipes. (Is éard atá i gceist leis seo ná pacáiste dhá dhlúthdhiosca a bhfuil ceol Gaelach ó sheancheirníní 78 imrothlú sa nóiméad le cloisteáil orthu, ach tá leabhrán cuimsitheach eolais ag dul leis an bpacáiste ina ríomhtar scéal Ghael-Linn. Tháinig an pacáiste seo amach sa bhliain 2004, mar cheiliúradh ar leathchéad bliain na heagraíochta ar an bhfód.)

Naisc[athraigh | athraigh vicithéacs]