Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin. Fáiltíonn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge. Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.
Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[2] Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil.[3][4] Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin ag an am go raibh ar eagarthóirí na hirise nua cead speisialta a lorg ón Aire Seán Lemass chun an iris a chur i gcló.[1]
I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fógraíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[5]
Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta a bhain le COMHAR, inphrionta "LeabhairCOMHAR" sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sí mar aidhm ag an gcomhlacht ó thús, scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach. Tá breis is 45 leabhar foilsithe ag "LeabhairCOMHAR" ó thús ama. Cuireann"LeabhairCOMHAR" réimse leathan leabhar ar fáil idir leabhair staire, beathaisnéisí acadúla agus úrscéalta do dhaoine fásta. Tá sé cinn de shraitheanna á bhforbairt ag "LeabhairCOMHAR" faoi láthair mar a leanas:
GUTH NUA (ficsean do dhaoine fásta atá scríofa ag scríbhneoirí nua);
DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus fhaisnéise);
AN SAOL ÓG (leabhair phictiúr agus litríocht do pháiste);
SAOL AGUS SAOTHAIR (beathaisnéisí acadúla);
TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamacha d’fhilíocht ó údair aitheanta) agus
FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta atá ag foghlaim Gaeilge).
Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Siopa Leabhar ar líne ar an leathanach gréasáin www.iriscomhar.com le feiceáil go bhfuil neart leabhar ar fáil a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa seomra ranga nó leas a bhaint astu chun suim daoine óga a mhúscailt sa léitheoireacht.
Seán Ó Buachalla, Máirtín Ó Flathartaigh, Tomás Ó Floinn, Tomás de Bhaldraithe, Séamus Ó Néill, Dáithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Proinsias Mac Cana, Caoimhín Ó Góilidhe, Helen Beaumont, Mícheál Ó Cíosóig
1952
Riobard Mac Góráin, Gearóid Mac Niocaill, Mícheál Ó Riain, Eibhlín Ní Bhriain, Breandán Ó hEithir
Anna Heussaff1962
Breandán Ó hEithir (1960-1963; 1965-1966), Caoimhín Ó Marcaigh, Eoghan Ó hAnluain, Mícheál Ó hUanacháin, Piaras Ó Gaora
1972
Seán Ó hÉalaithe, Dáithí Ó hÓgain, Cathal Mac Giolla Coille, Treasa Ní Ógáin, Rhoda Uí Chonaire, Proinnseas Ní Dhorcaí, Anna Heussaff
1982
Caoilfhionn Nic Pháidín, Mícheál Ó Cearúil, Seosamh Ó Murchú, Éamonn Ó Dónaill
1992
Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
Eagarthóir Liteartha: Siobhán Ní Fhoghlú (Eanáir-Iúil); Gréagóir Ó Dúill (Lúnasa-Nollaig)