Máirtín Ó Direáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Máirtín Ó Direáin
Saol
Eolas breithe Inis Mór, Samhain 29, 1910
Náisiúntacht Éire
Bás Baile Átha Cliath, Márta 19, 1988
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm file, údar agus scríbhneoir
Máirtín Ó Direáin

File as Árainn ab ea Máirtín Ó Direáin (26 Samhain 1910 - 19 Márta 1988).[1] "Baineann an Direánach le Tríonóid Naofa na Filíochta; é féin, Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ba mhó a chuir borradh faoin fhilíocht chomhaimseartha" sa Ghaeilge.[2] Is fada dánta dá chuid ar chúrsaí scoile agus ollscoile, agus is iomaí sin alt agus leabhar atá scríofa ar a chuid dánta.

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach, chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile.[3]

Árainn, 1899

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Árainn a tógadh Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce[4] ar Inis Mór é nó Sruthán, Cill Rónáin[5] ar 26 Samhain 1910. Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin a thuismitheoirí. Bhí Mairéad pósta ar Labhrás Mac Confhaola ach bádh é go gairid tar éis a bpósta. Bhí deich mbliana caite aici in Dorchester, Boston, roimhe sin. Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine.[5]

Ard-Oifig an Phoist ar shráid Eglington

D’fhág bás an athar sa bhliain 1917 gur bhuachaill goilliúnach a bhí in Máirtín agus nach dtéadh sé a iascaireacht ná a bhádóireacht ná a chreachadh nead na n-éan ar nós bhuachaillí eile an oileáin. Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.[5]

D’fhág an Direánach an scoil in Árainn nuair a bhí sé 14 bliana d’aois Bhí sé i gceist tamall go rachadh sé le sagartacht ach chuir fliú mór 1924 isteach ar an bplean.

Nuair a bhí Ó Direáin seacht mbliana déag d’aois, tháinig sé anoir as Árainn go cathair na Gaillimhe, Bhog sé as Árainn go Gaillimh i 1928 ar mhaithe le post a ghlacadh mar chléireach in Oifig an Phoist. Bhí poist curtha ar leataobh in Ard-Oifig an Phoist ar shráid Eglington do ‘stócaigh as an bhFíor-Ghaeltacht’.

Ba ar Bhóthar na gCeannaithe a chuir sé faoi idir Eanáir 1928 agus Iúil 1937. Cé go luann sé go raibh sé ‘caite i lár chultúr an Bhéarla’ i nGaillimh, ba a bhuí leis na hirisí Gaeilge a bhí ar fáil i leabharlann na cathrach a tháinig sé isteach ar léamh agus scríobh na Gaeilge.[6]

Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhí se ina aisteoir in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ó 1928 go 1937.[7] D’ionchollaigh an Direánach na nithe is mó a spreag Synge: an Ghaeilge, Oileáin Árann, agus an traidisiún béil. "Aithníodh cheana an ról a bhí ag luath-thréimhse na Taibhdheirce i saol an Direánaigh, gur spreag sí a shuim sa litríocht, ach tugtar suntas anseo do léiriú 1931 de Déirdre an Bhróin mar gur dóigh gurb é is túisce a thug deis don Direánach aithne a chur ar shaothar Synge, más trí aistriúchán Uí Bhriain féin é.[8]

Ar deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an Direánach post mar oifigeach cléireachais sa státseirbhís i 1937.[9][10] agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath agus go dtí Roinn na nInnealtóirí i Sráid Mhór na gCaorach. Chaith sé blianta an chogaidh i Rannóg na Cinsireachta sa Roinn Poist: ‘na cúig bliana is seisce dár chaith mé riamh’.[5] Chaith sé trí bliana ansin i mBrainse an Ghairmoideachais i dTeach an Talbóidigh. Ó 1948 go 1955, bhí sé ina chláraitheoir do Choláiste Náisiúnta na nEalaíon. anin. Chaith sé seal ansin i rannóg an Mheánoideachais gur éirigh as obair i 1978.

Bhí baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann.

Bhí sé pósta le Áine Colivet ó 1945 agus bhí iníon amháin acu, darbh ainmn Niamh.

Is minic a thrácht sé ar na meáin ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol traidisiúnta sin i mblianta deireanacha an fichiú h-aois.

Ba bhall d'Aosdána é.

Bás agus tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ar an 19 Márta 1988 a cailleadh Máirtín Ó Direáin i mBaile Átha Cliath.

An Charraig Stoite - Clár ó TG4

Rinneadh clár fáisnéise faoina shaol is a shaothar An Charraig Stoite sa bhliain 2003 maoinithe ag TG4/Bord Scannán na hÉireann, scríofa ag Alan Titley agus leirithe is stiúrtha ag Mac Dara Ó Curraidhín.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Direánach sna fichidí deireanacha sular scríobh sé a chéad dán.[11] Ach chuir sé tús le ré nua filíochta sa Ghaellge nuair a foilsíodh an chéad dán óna pheann, ‘Réalt na hOíche’, ar Scéala Éireann i mí na Nollag 1938.[12] "Seachas dul i muinín na meadarachtaí cumadóireachta traidisiúnta, rinne sé rogha den tsaorvéarsaíocht, agus bhí ar dhuine den triúr, i dteannta Mháire Mhac an tSaoi agus Sheáin Uí Ríordáin, a thug ann do nuafhilíocht na Gaeilge."[6]

D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta, Coinnle Geala, i 1942. Ach ba ar a chostas féin a d’fhoilsigh sé a chéad dá chnuasach Coinnle Geala, agus Dánta Aniar (1943), agus ba bheag aird a fuair siad ó lucht critice dáiríre. Cuireadh níos mó spéise sa tríú cnuasach leis, Rogha Dánta (1949). Ghnóthaigh sé tuilleadh aitheantais de réir a chéile ina dhiaidh sin. "Bhí stíl dá chuid féin ag an Direánach, ‘stíl choigilteach nach dual di a bheith fiontrach, stíl nár mhiste clasaiceach a thabhairt uirthi,' a scríobh Eoghan Ó hAnluain.[13]

Bhuaigh an Direánach móran duaiseanna liteartha níos déanaí. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach níos deireanaí ina shaol – bronnadh an Duais Butler air ón Institiúid Ghael-Mheiriceánach sa bhliain 1967. Bhain sé an Ossian-Preis amach ó Fhondúireacht Freiherr Von Stein, Hamburg sa bhliain 1977.[6] Ba bhall d'Aosdána é.

Lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí. an Direánach

Cnuasaigh Filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Coinnle Geala, 1942
  • Dánta Aniar, 1943
  • Rogha Dánta (1949)
  • Ó Mórna agus Dánta Eile, 1957
  • Ár Ré Dhearóil, 1962
  • Cloch Choirnéil , 1967
  • Crainn is Cairde, 1970
  • Ceacht an Éin, 1984
  • Dánta 1939-79, 1980[14]
  • Béasa an Túir, 1984[13]
  • Tacar Dánta/Selected Poems, 1984
  • Craobhóg: Dán, 1986
  • Selected Poems / Rogha Dántaː aistriúcháin Bhéarla maille, leis na bunleaganacha Gaeilge, ar beagnach dhá chéad dán dá chuid[15] Léirmheas[2]

Prós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, Feamainn Bhealtaine, a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile.

I 1952 d'aistrigh sé dráma leis an dramadóir Éireannach Teresa Deevy le haghaidh Radio Eireann ón leagan Béarla The King of Spain's Daughter don leagan Gaeilge Iníon Rí na Spáinne.

Bibleagrafaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó hAnluain, Eoghan, "Máirtín Ó Direáin: Na Dánta",[17] (Cló Iar-Chonnacht 2001), ISBN 9781906882693
  • Liam Prút, Máirtín Ó Direáin: file tréadúil (1982);
  • Mícheál Mac Craith, An tOileán rúin agus muir an dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin (1993);
  • Caoimhín Mac Giolla Léith (ed.), Cime mar chách: aistí ar Mháirtín Ó Direáin (1993)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó Direáin, Máirtín | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  2. 2.0 2.1 Pól Ó Muirí (2019). "Rogha dánta le Máirtín Ó Direáin – lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  3. 3.0 3.1 "An Chuid Eile Díom Féin, Aistí le Máirtín Ó Direáin | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  4. teg.ie. "Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG)". Dáta rochtana: 2021.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 "Ó DIREÁIN, Máirtín (1910–1988)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  6. 6.0 6.1 6.2 Síobhra Aiken (2017). "Ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Direáin á lorg ón bpobal do thaispeántas nua faoi ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  7. mheall an tOllamh Liam Ó Briain isteach sa Taibhdhearc é nuair a cuireadh an amharclann ar an bhfód an chéad lá. Bhí páirt aige sa gcéad léiriú de ‘Diarmaid agus Gráinne’, an lá úd ar thug Sean-Phádraic Ó Conaire iarraidh ar óráid a thabhairt ón stáitse díreach roimh an dráma. Ba mhór an taitneamh a bhain sé as an dráma ‘Deirdre an Bhróin’ freisin, a léiríodh i 1931 agus inar ghlac sé páirt Naoise, cé gur éirigh sé as an Taibhdhearc
  8. Deirdre Ní Chonghaile (2019-11-05). "Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin" (in ga). COMHARTaighde (5). doi:10.18669/ct.2019.01. ISSN 2009-8626. 
  9. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "An Direánach i mBliain na Gaeilge" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  10. Kevin Hickey. "Máirtín Ó Direáin, Treasa Ní Mhiolláin agus oíche amhránaíochta i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  11. Tá roinnt dánta lena bheirt deartháireacha, Seán agus Tomás Ó Direáin, i gcló inti freisin; beirt a bhí ag déanamh dánta le dornán beag blianta sula bhfuair Máirtín óna mhisneach féin dul i mbun na filíochta.
  12. ‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993).
  13. 13.0 13.1 "Béasa an Túir | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  14. "Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-1979 | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  15. "Máirtín Ó Direáin Selected Poems Rogha Dánta | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  16. "Feamainn Bhealtaine | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  17. "Máirtín Ó Direáinː na Dánta | Ó Direáin, Máirtín; Ó Flaithearta, Sean; Ó hAnluain, Eoghan | download". 1lib.us. Dáta rochtana: 2021-03-19.