Inis Mór, Árainn
| (ga) Árainn | ||||
| Cineál | Oileán | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Oileáin Árann | |||
| Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Oileáin Árann | |||
| Logainm.ie | 938 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | |||
| ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Cuan na Gaillimhe | |||
| Tréithe | ||||
| Airde os cionn na farraige | 123 m | |||
| Toisí | 38 ( | |||
| Achar | 31 km² | |||
Tugtar Inis Mór[1] go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gContae na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann.
Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.[fíoras?]
Tá Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar an oileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.
Tá Árainn ina Limistéar Cosanta Speisialta.[2]
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]



Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2024, d'fhógair Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht nua; tá os cionn €3 milliún le caitheamh chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuairteoirí Árann – Áit na Cloiche, a bheidh lonnaithe san áit a mbíodh Ionad Oidhreachta Oileáin Árann i gCill Rónáin.
Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht síneadh a chur le séasúr turasóireachta na n-oileán, taithí an chuairteora a fheabhsú agus leas eacnamaíochta agus cultúrtha a dhéanamh do phobal na háite. Tá sé i gceist caifé agus áiseanna eile do thurasóirí a fhorbairt mar chuid den togra, chomh maith le háiseanna gur féidir le muintir na háite úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn an séasúr turasóireachta thart.[3]
Beidh ionad ann a inseos scéal oidhreachta Árann do chuairteoirí agus beidh sé oscailte an bhliain ar fad – do thurasóirí agus freisin do mhuintir an oileáin a bheas in ann é a úsáid le teacht le chéile ann.[4]
An Ghaeilge ar Inis Mór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nach bhfuil An Ghaeilge chomh láidir ar Inis Mór 's atá sí ar Inis Oírr agus Inis Meáin, tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Mór. I ndaonáireamh 2016 fuarthas amach go bhfuil Gaeilge ag 81% de mhuintir an oileáin agus go labhraíonn 59% den ndaonra an Ghaeilge go laethúil.
Áitritheoirí aithnidiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Naomh Éanna, misinéir na luath-Chríostaíochta (básaíodh t. 530).
- Maura Derrane, láithreoir teilifíse de chuid RTE (rugadh 1970).
- Bríd Ní Ghiolláin (Bridget Dirrane), bean a raibh céad slánaithe aici.
- Máirtín Ó Direáin, file Gaeilge (1910-1988).
- Liam Ó Flaithbheartaigh, scríbhneoir, (1896–1984).
- Mahon mac Turlough Mantach Ó Briain, Taoiseach Árann, (básaíodh 1565).
- Murrough mac Toirdelbach Ó Briain, Taoiseach Árann, (1575 - 1588).
- Pat Mullen, aisteoir agus scríbhneoir (1901- t.1976).
- Breandán Ó hEithir, scríbhneoir agus craoltóir, (1930–1990).
- Murrough na dTuadh Ó Flaithbheartaigh, Taoiseach Iar-Chonnachta, (1569-1593).
- Ceannanach, misinéir na luath-Chríostaíochta (490-500?)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Inis Mór/Inishmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Inishmore SPA". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 22ú Iúil 2025.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (14 Meán Fómhair 2024). "Breis is €4 milliún le caitheamh ar fhorbairt ionaid turasóireachta ar Árainn agus ar Chléire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-09-13). "€4 mhilliún do thograí turasóireachta ar oileáin Ghaeltachta" (as ga-IE).

