Jump to content

Cuan na Gaillimhe

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCuan na Gaillimhe
Íomhá
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 12′ 00″ N, 9° 14′ 00″ O / 53.2°N,9.2333333333333°W / 53.2; -9.2333333333333
Craobh-abhainn

Cuan leathan domhain in iarthar na hÉireann atá i gCuan na Gaillimhe. Is í Gaillimh í féin an príomhchalafort ann. Ar a imeall thuaidh tá Cois Fharraige agus Conamara i gContae na Gaillimhe, agus ó dheas tá Contae an Chláir. Tá Oileáin Árann amuigh sa chuan, agus siar uathu sin, tá an tAigéan Atlantach.

Cuid de Chuan na Gaillimhe mar a bhí sé le feiceáil ón Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Ar na bailte agus na sráidbhailte eile atá ar chósta an Chuain tá an Spidéal, Bearna, Óran Mór agus Cinn Mhara i gCo. na Gaillimhe, agus Baile Uí Bheacháin i gCo. an Chláir.

Dhá theach solais atá ar chósta an Chuain - ag Ceann Boirne ar an gcósta theas agus ar Inis Caorach, amach ó Chathair na Gaillimhe. Loch Lurgan a thugtaí ar an gCuan sa tseanaimsir.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]