Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisStáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Cineál miseansaotharlann spáis agus Stáisiún spáis
Oibritheoir   NASA
   Gníomhaireacht Spáis na Rúise
   Gníomhaireacht Spáis na hEorpa
   Japan Aerospace Exploration Agency (en) Aistrigh
   Canadian Space Agency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
NSSDCA ID1998-067A
Uimh. SATCAT25544
Airíonna árthaigh
Mais
419,725 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí109 (leithead) × 73 (fad) m
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta20 Samhain 1998
Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís20 haois
Gníomhachtaigh fithiseach
Cineál fithiseFithis íseal dhomhanda
Éalárnacht0.1
Pearaipsis408 km
Apoaipsis410 km
Claonadh51.64 °
Tréimhse92.68 min
Fithisí curtha i gcrích113,456
Facebook: ISS Twitter: Space_Station Instagram: iss Cuir in eagar ar Wikidata


Stáisiún spáis atá ag fithisiú an Domhain ag airde 400 km is ea an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS). Thosaigh NASA ar an bpleanáil sna 1980idí, ach d'fhás an scéim mar chomhoibriú idirnáisiúnta leis an Rúis, Ceanada, an tSeapáin, an Bhrasaíl, is an ESA. Tosaíodh an tógáil nuair a cuireadh dhá mhodúl le chéile sa spás i 1998. Tá timpeall 88 aistear déanta ag tointeálaí spáis Mheiriceá, agus feithiclí Soyuz is Progress na Rúise le hábhair tógála, teicneoirí is eolaithe don obair tógála is taighde. Beidh an obair tógála críochnaithe i 2011. Timpeall 350 tonna meáchain atá ann anois, é 109 m ar leithead, 20 m ar airde, 73 m ar fhad. 136 siúlóid spáis oibre (849 uair oibre taobh amuigh den stáisiún) a rinne spásairí Meiriceánacha, Rúiseacha is Eorpacha (ó 15 tír ina n-iomláine) sa tógáil. 6 shaotharlann ann, dírithe ar thaighde ar mhíochaine spáis, bitheolaíocht imtharraingteach, eolaíochtaí faoi mhicreadhomhantarraingt, fás criostal, ábhareolaíocht, eolaíocht an dócháin. Ina dhiaidh sin tá coilíneacht spáis le tógáil a bheidh fuinnmhithe ag grianfhuinneamh, a rothlóidh tapa go leor chun a dhomhantarraingt féin a chruthú, ina soláthrófar solas go hailtéarnach chun macasamhail den timthriall lae is oíche a dhéanamh.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 624.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]