Fithis íseal dhomhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fhithis a úsáidtear do spásárthach le foireann, nó atá i mbun staidéar cianmhothaithe ar an Domhan. Is í an airde is lú a bhíonn i gceist ná timpeall 200 km, chun cúltarraingt an atmaisféir a laghdú an oiread agus is féidir. Roghnaítear an claonadh cuí chun dul thar na réigiúin spéise. Is gá claonadh Molach a úsáid chun dromchla uile an Domhain a chlúdach. Is gnách tréimhse fithisithe timpeall 100 nóiméad a bheith ina leithéid, agus luas ciorclach 7.8 km s-1. Ag brath ar an airde, meathann an fhithis, tagann an spásárthach ar ais san atmaisféar, agus dóitear beagnach go hiomlán é. Mar gheall ar a leithéid de scrios spásárthach a bheith ag tarlú ó am go chéile, tá carnadh smionagair is páirteagal beag go hard san atmaisféar, agus is baol nua é seo do spásárthaigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fithis íseal dhomhanda". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.