Soyuz
Jump to navigation
Jump to search
Spáschapsúl bunúsach Sóivéadach is ea Soyuz (Rúisis: Сою́з, Aontas) ina bhfuil 3 mhodúl (modúil fithisithe, tuirlingthe is ionstraimíochta) a iompraíonn foireann suas le triúr. Eitlíodh ar suas le 50 eitilt é, agus é in ann teacht i dtír go bog cruinn i lár na hÁise. Baineadh feidhm as chun foirne a iompar suas chuig is anuas ó Salyut, agus níos déanaí Mir, arbh fhéidir leis dul chun duga leis. Le déanaí, in úsáid chun na seirbhísí céanna a dhéanamh don Stáisiún Spáis Idirnáisiunta.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |