Mir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisMir

Cineál miseanStáisiún spáis
Uimh. SATCAT16609
Airíonna árthaigh
Mais
129,700 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí27.5 (airde) × 31 (leithead) × 19 (fad) m
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta19 Feabhra 1986
ÁitBaikonur Cosmodrome Site 200 (en) Aistrigh, Cosmadróm Baikonur Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilProton-K Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh an mhisin
Athiontráil23 Márta 2001, 01:16:14 UTC Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhachtaigh fithiseach
Cineál fithiseFithis íseal dhomhanda
Claonadh51.6 °
Tréimhse91.9 min
Fithisí curtha i gcrích86,331


Mir sa bhliain 1997

Stáisiún spáis ab ea Mir. I 1986 a lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad aonad de shaotharlann spáis a dtugtar Mir air i bhfithis bhuan timpeall an Domhain.

Ionad maireachtála, córais cumhachta leictrí is cothabhála beatha a bhí sa bhunaonad 20 tonna seo. De réir a chéile cuireadh aonaid breise leis le turgnaimh iomadúla a chur i gcrích, fiú i gcomhoibriú leis na Stáit Aontaithe le blianta anuas. Éacht oibre a bhí ann gach uair a chuaigh spásárthach suas le haonad nua a ghreamú leis, spásairí a chur ar bord nó a thógaint amach as, nó soláthairtí de gach saghas a chur ar bord. Rinne tointeálaí spáis de chuid na Stát Aontaithe ionad coinne le Mir minic go leor le blianta anuas.

Shannon Lucid ar Mir, 1996

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-chuid taighde déanta ann ar ábhair éagsúla: réaltraí, cuasáir, neodrónréaltaí, an Domhan féin, a acmhainní is a atmaisféar, ábhair bitheolaíochta, agus próiseáil ábhar eile faoi dhomhantarraingt nialasach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Chuaigh an stáisiún spáis Mir le tine ar 23 Feabhra 1997; bhí sé deacair na deisiúcháin a dhéanamh i gceart.[1]
  • I 1999 d'fhág na Rúisigh é.
Mir sa bhliain 1996

An Deireadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le 83,500 fithis thart ar an Domhan curtha de, bhí an struchtúr 40 tonna tagtha chun deireadh a ré.

I 2001, fuinnmhíodh scairdinnill le Mir a bhrú amach as a fhithis i dtreo an Domhain. Nuair a tháinig sé i dteagmháil le barr an atmaisféir, timpeall 100 km in airde, thosaigh sé ag téamh le frithchuimilt leis an ngás san atmaisféar, ag dó is ag galú. Mar sin féin, meastar gur mhair oiread éigin tonnaí le tuairteáil ar an Domhan: tharla sé seo san Aigéan Ciúin i ngar d'Fhidsí.

Ní raibh rialtais na dtíortha faoin bhfithis dheiridh, an Astráil ina measc, róshásta leis seo. Mar a tharla, níor gortaíodh duine ar bith leis an tuairteáil isteach san aigéan, agus seó iontach tine ealaíne a bhí inti.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Soyuz TM-25". www.astronautix.com. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Mir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]