Dímheáchan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nialas domhantarraingthe)

Laghdú dealraitheach sa domhantarraingt taobh istigh de spásárthach atá i bhfithis os cionn an Domhain, nó árthach atá ag saorthitim. Cuireann an laghdú meáchain, is an easpa cinnteachta ar cá bhfuil an treo síos nó suas, isteach go mór ar fhiseolaíocht na spásairí agus a gcumas obair is turgnaimh a dhéanamh. Go minic faigheann siad tinneas taistil. Má chaitheann spásaire fad mór ama sa staid seo, tagann a mhatáin le bheith lag, ceal teannais, agus idirleathann an-chuid cailciam amach óna chnámha, á ndéanamh bog sobhriste.

Tá an-taighde ar siúl, go mór mór ar an tointeálaí spáis, ar na saghsanna turgnamh is próiseas is féidir a dhéanamh sa staid gan mheáchan, féachaint an féidir tionsclaíochtaí nua a bhunú air seo. Ag tosú ó smaoineamh ar an staid gan mheáchan nó dul i léig na domhantarraingthe, shaothraigh Einstein teoiric na coibhneasachta ginearálta i 1916.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dímheáchan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 212.