Tinneas gluaisne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Faigheann duine sláintiúil masmas agus déanann urlacan de bharr gluaiseacht an ghluaisteáin, an eitleáin, nó na loinge. Is amhlaidh a chuireann an ghluaisne isteach ar na horgáin cothromaíochta sa chluas inmheánach, agus tosaíonn gníomhú athfhillteach a spreagann an lár urlacain i stoc na hinchinne. Tagann fachtóirí síceolaíocha i gceist freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tinneas taistil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 663.